Úrscéal álainn a dhúiseoidh mianta ionat nach gcuirfidh tú fáilte rompu i gcónaí

B’fhéidir gurb é aistriúchán ealaíonta Mháire Nic Mhaoláin é a chuireann Gaeilge álainn Ultach ar an leabhar, ach tá gnéithe de ‘Athmháthair’ le Michela Murgia (Éabhlóid) a chuirfeadh saol na tuaithe in Éirinn san naoú haois déag i gcuimhne duit

Úrscéal álainn a dhúiseoidh mianta ionat nach gcuirfidh tú fáilte rompu i gcónaí

N’fheadar – mo leithscéal – níl a fhios agam ó thalamh an domhain aníos cad ina thaobh nó cad chuige go samhlaím gur scéal é seo a d’fhéadfadh a bheith scríte ag Máire é féin. B’fhéidir gurb é aistriúchán ealaíonta Mháire Nic Mhaoláin é a chuireann Gaeilge álainn Ultach ar an leabhar, ach tá gnéithe de Athmháthair le Michela Murgia (Éabhlóid) a chuirfeadh saol na tuaithe in Éirinn san naoú haois déag i gcuimhne duit, agus cén t-údar is fearr a léirigh sin go sárbhinn dúinn ná Máire Shéamuis Uí Ghrianna?

Is mór eatarthu, gan amhras, mura mbeadh ann ach an aimsir féin. Aimsir ghréine na Sairdíne ina dtarlaíonn eachtraí an scéil seo suas is anuas le báisteach shíoraí na gConallach, agus aimsir leathchéad bliain ar a laghad idir Rosa chasadh an chéid seo caite agus 50idí an fichiú céad mar atá againn anseo. Ina choinne sin, samhlaím i gcónaí leis an drochintinn atá agam go mbíodh nithe ar siúl laistíos de screamh álainn rómánsúil Shéamuis Uí Ghrianna i dTóin an Bhaile agus sna paróistí máguaird nach leomhfadh sé scríobh orthu. A dhála céanna ag Conamara Phádraic Óig Uí Chonaire nach raibh riamh ann.

Ní hé go bhfuil oiread sin atá ‘uafásach’ sa léiriú seo ar shaol shráidbhaile bhig sa tSairdín ag Michela Murgia, ach aithnímid a chomharthaí sóirt. Baineann teideal an leabhair leis an nós go dtugtaí páiste nárbh fhéidir le teaghlach amháin aire a thabhairt dó de cheal airgid agus acmhainní, go dtugadh siad an leanbh sin do theaghlach eile d’fhonn a thabhartha suas.

Sin é is bun agus is croí lár an úrscéil álainn seo a dhúiseoidh mianta ionat nach gcuirfidh tú fáilte rompu i gcónaí. Cailín óg sé bliana d’aois í Maria Listru a thugtar ar láimh do bhean eile, Tzia Bonaria, nach bhfuil aon leanaí dá cuid féin aici. Saghas altramachta, más maith leat, ach is mar ‘athmháthair’ a fhéachtar ar Tzia Bonaria, bean a bhfuil a cuid rún agus diamhra ag baint léi féin. Bhí slite riamh ag pobail bhochta réiteach a fháil ar fhadhbanna a fhágtar faoin stát inniu.

B’fhéidir nach é sin an ghné den scéal is túisce a chuirfidh léitheoirí na Gaeilge a bhfuil taithí ar iliomad de dhírbheathaisnéisí Gaeltachta acu ann i dtosach, ach an léiriú ar an dlúthphobal tuaithe féin, agus ar na nósanna agus na cleachtaí a bhíodh réimiúil againne abhus.

Is é an ceann is suaitheantasaí díobh sin go mór is go fada ná an caoineadh, agus nós na caointeoireachta ar dhóigh leat air gur trua le Gaeil go bhfuil imithe i léig más aon fhianaise an tóir gan staonadh atá ar chlabaireacht mar gheall ar Caoineadh Airt Uí Laoghaire, idir aistriúcháin agus athleaganacha. ‘Ansin d’ardaigh an bhean chaointe an chantaireacht iarmhéileach, uaill léanmhar a d’éirigh, ba dhóigh leat, aníos ó mhol a dhá glúin ar an talamh. D’fhreagair na mná í le hochlán rithimeach mar a bheadh cór dobróin…’ Agus, gan amhras, an moladh bréagach ar an té a bhí marbh ‘arbh eol don tsaol é a bheith dáiríre ina chéile ceachartha a chreid gur chóir caitheamh go danartha le cách, mar a chaith an chinniúint leis féin.’

Tá oíche Shamhna agus tórraimh againn chomh maith, ar eagla go raibh uaigneas ort.

Aithneofar, leis, an plé faoin tSairdis mar theanga ar ghualainn na hIodáilise, agus níos measa ná sin an tuiscint nár ghá ach braon beag den oideachas, go háirithe do chailíní, le dul i mbun an tsaoil: ‘A luaithe a fhoghlaimíonn tú le d’ainm a scríobh agus an briseadh a chuntas sa tsiopa, tá a sháith agat…’ mar a thuigtear go coitianta.

Cúl sceiche é seo ar fad don chaidreamh idir Maria agus a hathmháthair, fara trácht ar a saol agus í ag fás suas i measc na muintire. Tá grá agus crá sa mhéid sin, agus tubaistí beaga is móra, agus na lúba éagsúla is dual d’aon scéal a bhaineann le teacht in inmhe.

Tá aon doircheacht mhór amháin ann a chaitheann scáil ar an gcaidreamh idir Maria agus a hathmháthair, agus sin, toisc í, an athmháthair, a bheith ina accabadora. Tugtar gluais bheag aon leathnaigh dúinn de na téarmaí Sairdise nach féidir a aistriú, ach ait go leor, níl an ceann seo ann. Gluaiseann sí amach faoi choim na hoíche i ngan fhios do Mharia agus í i mbun a gnó. Gnó é a chuirfeadh sceimhle ar an saol geal glan ina mairimid beo inniu. Ba é gnó an accabadora cabhrú le daoine bás a fháil. Dhéanfadh an bhean chéanna na múrtha airgid ag feidhmiú i gclinicí áirithe san Eilvéis nó san Ísiltír faoi láthair.

Is dá réir sin gurb úrscéal ardchaighdeáin é seo. Tá an scéal féin thar a bheith suimiúil:  slogtar isteach i ndomhan eile nach rabhamar riamh cheana ann sinn, tá carachtair áille agus ghránna ag siúl na slí le chéile, agus ardaítear ceisteanna móra beatha agus moráltachta a bhí riamh ag fiuchadh in aon phobal ar bith agus atá anois beo lenár linn féin.

Fág freagra ar 'Úrscéal álainn a dhúiseoidh mianta ionat nach gcuirfidh tú fáilte rompu i gcónaí'