Tháinig an fógra dá siopa a bhí san iris phornagrafaíochta FLIUCH, a foilsíodh ar líne Dé Céadaoin, “aniar aduaidh ar fad” ar úinéir SexSiopa.ie, Shawna Scott.
Dúirt Scott le Tuairisc.ie “nach raibh barúil aici” go raibh fógra dá siopa, a dhíolann bréagáin ghnéis ar líne, san iris gur chuala sí faoin gceann a foilsíodh ann den chéad uair nuair a chuir duine de lucht a leanta clib uirthi i ngiolc Dé Céadaoin.
I was reading Fluich for the articles but I don’t know Irish and @SexSiopa sells mushrooms https://t.co/9RIeolvaNc pic.twitter.com/BspqjeuWpI
— Paul Watson (@paulmwatson) 6 Aibreán 2016
Dúirt Scott leis an duine a chuir an teachtaireacht aici nach raibh baint dá laghad ag a comhlacht leis an bhfógra, a bhí go hiomlán i nGaeilge, sular chuir sí teachtaireacht dá cuid féin chuig cuntas FLIUCH inár cháin sí a rogha clófhoirne don fhógra.
Yo @FliuchMag! If u were gonna make a fake ad 4 my shop w/o asking the least u could have done is use better fonts! pic.twitter.com/XFO4cc1nZJ — Sex Siopa (@SexSiopa) 6 Aibreán 2016
“Dúirt duine éigin liom ar Twitter go raibh ‘beacáin’ á ndíol agam, agus nuair a bhreathnaigh ar an bhfógra chonaic mé na dioldónna seo a raibh cuma bheacáin orthu – níl na táirgí sin ar fáil ar SexSiopa.ie fiú. Bím an-chúramach faoi na hearraí a dhíolaim, tá gach rud atá againn ‘bodysafe’, is é sin le rá, déanta as ábhar atá sábháilte le cur sa chorp. Mar sin féin, tá cuma dheas ar na rudaí a bhí san fhógra, mar sin beidh orm iad sin a fhiosrú,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.
Ba é caighdeán an deartha an rud ba mhó a chuir as do Scott, agus dúirt sí go mbeadh sí lán sásta fógra Gaeilge a chur san iris dá gcuirfí ceist uirthi roimh ré.
“Bhí an chlófhoireann go hainnis, bhí gach rud bándearg, bhí earraí nach bhfuil ar díol againn ann agus bhí an leagan amach go dona. Dá gcuirfí ceist orm, bheadh fógra de mo chuid féin deartha agam dóibh, ach tháinig sé aniar aduaidh orm.
“Dá gcuirfí an dara nó an tríú heagrán i gcló bheadh orm mo mhachnamh a dhéanamh faoi fhógra a chur ann anois, ó tharla nár cuireadh ceist orm an chéad uair,” a dúirt sí. Bhí an chéad eagrán den iris FLIUCH lán le fógraí bréige, ina measc ceann d’Fhoras na Gaeilge. Shoiléirigh an eagraíocht teanga do Nuacht TG4 Dé Céadaoin nach raibh aon bhaint acu leis an iris.
Tá go leor cainte déanta ar na meáin agus ar na meáin shóisialta faoin iris ó chéadfhoilsíodh scéal faoi ar an suíomh seo. Bhain cuid mhór daoine sult agus greann as an scéal go raibh an foilseachán Gaeilge tagtha ar an saol, ach bhí roinnt daoine míshásta faoi agus iad den tuairim nach aon údar magaidh an t-ábhar seo agus go mbíonn an phornagrafaíocht ag teacht i dtír ar dhaoine leochaileacha, go háirithe mná.
Dar le Scott tá margadh ann d’iris dá leithéid in Éirinn agus “ba bhreá léi” iris ar ardchaighdeán i nGaeilge a fheiceáil a d’fhreastalódh ar an margadh sin. “Tuigim an rud atá siad ag iarraidh a dhéanamh le FLIUCH. Bhreathnaigh mé tríd an iris ar fad agus chuir mé spéis ann cinnte, bhí sé go maith mar chéad dréacht. Is cinnte go bhfuil margadh ann d’iris den chineál sin, tá spás le líonadh ag iris earótach sa tír seo agus d’fhéadfaí é a dhéanamh i gceart.
“Ba dheas liom iarracht cheart a fheiceáil, tá an chuma ar FLIUCH gur jóc atá ann nó gur ag spochadh as an seánra atáthar. Mar sin féin bheadh sé beagáinín deacair mainicíní a fháil in Éirinn. Tá muid an-bheag mar thír, róbheag b’fhéidir. Nach aisteach an rud é go bhfuil an comhlacht pornagrafaíochta is mó ar domhan, Pornhub.com, lonnaithe in Éirinn ach nach bhfuil ár dtionscal pornagrafaíochta féin againn anseo?” a dúirt Scott.
Tá a cuid tacaíochta tugtha ag Scott don Ghaeilge cheana féin ag an Electric Picnic, áit a gcuireann a siopa duaiseanna ar fáil don chomórtas athghuthuithe pornagrafaíochta a reáchtáiltear sa Phuball Gaeilge.
padraig
Is dócha go mbeidh mar cheolthéama acu sa tsiopa an port cáiliúil sin ag Seán Ó Riada/Toirbheallach Ó Caralláin ‘Fanny Power’ arna aistriú ón Ghaeilge ‘An Phis Fhliuch’?