‘An Chéad iris phornaghrafaíochta i nGaeilge’ foilsithe ar líne

FLIUCH an teideal atá ar an bhfoilseachán nua a dtugtar ‘An Chéad Phornó as Gaeilge’ air agus an chuma ar an scéal gur idir mhagadh agus dáiríre atá lucht a fhoilsithe

Screen Shot 2016-04-06 at 12.16.12

iris phornaghrafaíochta nua i nGaeilge curtha ar fáil ar shuíomh féinfhoilsitheoireachta.

FLIUCH an teideal atá ar an bhfoilseachán nua a dtugtar ‘An Chéad Phornó as Gaeilge’ air.

Ní léir cé atá i mbun an fhoilseacháin ach gabhtar buíochas sa chéad eagrán le “Colm, Síofra, Dee agus an gheaing ar fad i mBéal Feirste”.

Leagtar amach cuspóirí na hirise sa chéad eagrán, atá foilsithe ar yumpu.com.

“Tá muintir na hÉireann ag fanacht rófhada gan iris chraicinn inár dteangaidh bhinn bhlasta fhéin.  Tá ár misneach ag síor-ionaí (sic) na nGall, ár dteangaidh faoi bhrú mhór is táimid iontach coimeádach ó thaobh cúrsaí leathair fós, fosta. Tá FLIUCH ann leis an bhearna thais sin a líonadh, agus aghaidh a thabhairt ar an tsaol úr.”

In ainneoin uaillmhian an ráitis misin sin, tá an chuma ar an scéal gur idir mhagadh agus dáiríre atá na foilsitheoirí. Deirtear mar mhagadh, mar shampla, go bhfuil FLIUCH ag fáil deontais ó Fhoras na Gaeilge agus gur cailíní aimsire nua le TG4 iad cuid de na mná nochta atá le feiceáil ann.

I measc na n-alt eile ar an iris, tá ‘Suíomh na Seachtaine’, a thráchtann ar na bealaí éagsúla a bhféadfadh beirt caidreamh gnéis a bheith acu, agus an colún ‘Nodanna Nóirín’ a chuireann comhairle chollaíochta ar dhaoine.

Tá bréagfhógraí san iris dhigiteach freisin agus lán leathanach poiblíochta tugtha do leithéidí ‘bodanna.com’, suíomh idirlín nach ann dó.

Tá an chuma ar an scéal gur fógra ceart é an ceann do sexsiopa.ie, suíomh a bhíonn ag díol giuirléidí gnéis agus a bhfuil a luí leis an nGaeilge léirithe cheana aige. Tá fógraí freisin ann do leabhair a scríobhadh i nGaeilge agus a bhfuil baint acu le cúrsaí gnéis.

Fógraíodh an iris FLIUCH a bheith ar na bacáin den chéad uair ar Twitter ar an 19 Feabhra 2015.

Fág freagra ar '‘An Chéad iris phornaghrafaíochta i nGaeilge’ foilsithe ar líne'

  • Seán

    Ní bheadsa díomhaoin ar feadh ráithe

  • Fearn

    Anois, tá an craiceann is a luach agaibh!

  • Máire

    B’fhéidir gur bhfiú daoibh labhairt leis an eagraíocht ‘Ruhama’ le cuid den taobh eile den scéal maidir leis an tionscail gnéis a thabhairt agus sibh ag tabhairt fógraíocht don iris seo…

  • padraig

    bearnaí á líonadh…… súlach ar sileadh ….!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Rinneadh an fógra ar sexsiopa gan cead ón gnó áirithe sin – gnó príobháideach dála an scéil, ag déanamh gnó as gnéas. Ach tá nos.ie agus tuairisc.ie maoinithe ag Foras na Gaeilge, sé sin le rá, maoinithe le cánacha cáiníocóirí na tíre seo – thuaidh agus theas. Do bharúil an mbeadh saoránaithe na tíre seo sásta go bhfuil a gcuid cánacha ag tabhairt tacaíochta dona leithéid seo de theacht i dtír gnéasach ar mhná???

    • Ciarán Ó Braonáin

      Cén fáth gur cuma leat cás na bhfear, a Chordelia? Tá tú ag ligean ort arís is arís eile nach bhfuil ann ach mná sa phorniris sin ach t’fhios agat go maith go bhfuil idir fhir agus mhná ann. Ná bí ag iarraidh bob a bhualadh ar dhaoine, le do thoil.

      Dála an scéil, ní hionann cáin a íoc agus bheith i dteideal an nuacht a dhearadh le cur in oiriúint duit féin.