Údar uchtaigh do lucht éilimh reifrinn faoin teorainn

De réir na pobalbhreithe is déanaí, tá duine as cúigear ag bogadh i dtreo Éire aontaithe de bharr an Bhreatimeachta

Údar uchtaigh do lucht éilimh reifrinn faoin teorainn

Tráth den saol bhíodh pobalbhreitheanna chomh hannamh le sneachta samhraidh i dTuaisceart Éireann. Anois tugann siad chun cuimhne an scuaine busanna a thagann tar éis duit imeacht ón stad mar go raibh tú ag fanacht rófhada.

Foilsíodh péire an mhí seo caite agus ag deireadh na seachtaine b’iúd chugainn dhá cheann eile. Bhí ceisteanna faoi aontú na hÉireann i suirbhé níos ginearálta san Irish Times agus pobalbhreith chuimsitheach faoin Tuaisceart ag an Tiarna Ashcroft, iar-leaschathaoirleach na gCaomhach agus duine de phríomhfhir airgid pháirtí Boris Johnson.

Bhí modh oibre déchosach ag Ashchroft, ceistíodh breis is 3,000 mar chuid de ghnáthshuirbhé ach ritheadh sraith de ghrúpaí fócais freisin. Tráth a bhfuil ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson ag bagairt arís go n-aistarraingeodh sé a airí as Stormont de bharr an Phrótacal iarBhreatimeachta bhí 63% den bharúil nárbh é leas an Tuaiscirt an tAontas Eorpach a fhágáil – an togra a raibh Donaldson cíocrach chuige. I measc an ghrúpa sin bhí 19% a vótáil i bhfabhar an Bhreatimeachta chomh maith le 95% de dhaoine a vótáil ina choinne. Bhí dhá thrian d’aontachtaithe sásta gurb é an cinneadh ceart é áfach; dúirt 95% de náisiúnaithe gur bhotún é.

’Sí an fhadhb is mó don DUP gur ceist phrionsabail nó buille síceolaíochta é an Prótacal d’aontachtaithe, thairis ceisteanna praiticiúla. Bhí sé doghlactha acu go mbeidís scoite amach ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe, a dúirt Ashcroft.

Conas is féidir le Donaldson na daoine sin a bhreith leis más leasuithe praiticiúla a dhéanfar ar an bPrótacal? Sin é an toradh atáthar a thuar ar na cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach fiú agus saineolaithe éiginnte faoi na roghanna a dhéanfaidh Boris Johnson. Go deimhin tá sé le tuiscint ó chaint Donaldson go bhfuil glactha aige leis gur mar sin a bhéas d’ainneoin é a bheith ag athfhógairt go bhfágfaidh siad Stormont – am éigin. As na daoine a thug vóta don DUP in 2017 ní raibh ach 63% díobh sin a ceistíodh a dúirt go ndéanfadh siad an rud céanna san toghchán atá ag druidim linn.

De réir phobalbhreith Ashcroft bhí duine as triúr (33%) den bharúil go raibh an Prótacal doghlactha i bprionsabal agus gur cheart é a chealú – bhí líon mór vótóirí DUP sa ngrúpa sin. Bhí 9% eile ag iarraidh leasuithe cuimsitheacha. Bhí 36% eile den bharúil go mbeadh sé sásúil dá réiteofaí roinnt deacrachtaí. Thuig Ashcroft ó na grúpaí fócais gur shíl go leor gurb é an Prótacal rogha an dá dhíogha. Ní thabharfadh na tuairimí sin le fios go gceapfadh móramh gur chiallmhar an mhaise é don DUP Stormont a scrios, go háirithe le linn na paindéime.

Bhí breis is dhá thrian de na vótóirí, 67%, den bharúil gur mhó an seans atá ar aontú na hÉireann de bharr an Bhreatimeachta. Dúirt 13% a bhí i bhfabhar fanacht san Ríocht Aontaithe roimh an Bhreatimeacht gur theastaigh Éire aontaithe uathu anois. Sa mhullach orthu sin bhí 9% eile ag bogadh sa treo sin. Casadh mór is ea 22%.

Ceist gan dealramh í conas a vótálfá i reifreann amárach; níl an obair ullmhúcháin déanta chun roghanna ciallmhara a thairiscint. D’fhreagair daoine go mbeadh 49% ar son fanacht san Ríocht Aontaithe, 41% ar son Éire aontaithe agus níor nocht 10% aon chinneadh. Céard a tharlódh i gceann deich mbliana? Mheas 51% in aghaidh 34% go roghnófaí Éire aontaithe.

Údar uchtaigh é sin do lucht éilimh reifrinn faoin teorainn ós cosúil go bhfuil an treocht dearfach agus líon mór daoine óga ag iarraidh athruithe. Is léir gur chothaigh an Breatimeacht athrú meoin. ’Sí an cheist cé a bhainfidh tairbhe as an athrú sin? D’fhéadfadh náisiúnaithe agus poblachtánaithe díriú ar an anailís d’Éirinn nua. Ar an láimh eile ba chiallmhar an plean é d’Aontachtaithe scrúdú agus anailís a dhéanamh freisin má tá siad chun cás a dhéanamh don Ríocht Aontaithe. Ní stuama an plean é diúltú na cártaí a léamh faoi éifeacht an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Údar uchtaigh do lucht éilimh reifrinn faoin teorainn'