Chuir institiúidí tríú leibhéal go mór in aghaidh comórtas intleachta saorga a reáchtáil Údarás na Gaeltachta.
De réir cáipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, dhiúltaigh Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne glan d’achainí ón Údarás go scaipfí eolas faoin gcomórtas scannáin AI ar mhic léinn.
Dúirt an té ón institiúid sin a d’fhreagair achainí an Údaráis go raibh sé fágtha “a little speechless” aici.
D’fhógair an tÚdarás comórtas do scannáin a gineadh le AI i mí Mheán Fómhair seo caite “lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo agus feiceálach sa ré dhigiteach nua”. Bhí duaischiste €6,000 luaite leis an gcomórtas.
Is léir ó na cáipéisí go raibh an-dóchas ag an Údarás féin as an gcomórtas. Tugadh ‘Féile Cannes na nGael’ air ag cruinniú amháin agus phléigh feidhmeannaigh de chuid an Údaráis é le linn dóibh a bheith ag freastal ar chomhdhálacha AI in San Francisco i mí Bealtaine seo caite.
D’fhreastail beirt fheidhmeannach shinsearacha de chuid an Údaráis ar AI Con agus Upscale Conference in California anuraidh.
Dúirt an léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (TUS) gur “údar mór bróin” an comórtas agus gur mó dochar ná sochar a dhéanfadh gnéithe den Intleacht Shaorga do chás na Gaeilge. Maíodh go spreagfadh comórtas Údarás na Gaeltachta na mic léinn “AI slop” a chruthú atá “built upon the work of countless creatives that has been fed into an LLM without their permission”.
“I’m a little speechless to be receiving this, to be honest, as I teach animators to create and realise their ideas through professional practice and hard work,” a dúirt an léachtóir.
Dúradh go raibh sé ag cinneadh air a thuiscint cén chaoi a bhféadfaí “cultúr” a cheiliúradh trí fhíseáin dá leithéid a chruthú agus go raibh an comórtas “antithetical to the spirit and future of culture”.
Dúirt comhghleacaí an duine sin san ollscoil chéanna nach gcuireann TUS an scannánaíocht AI chun cinn.
“Tá [na mic léinn] i mbun céim ceithre bliana agus is é is cuspóir dá staidéir ná bunscileanna a fháil, tógáil ar a gcumas ealaíonta, agus ealaín fhísiúil nua a chruthú. Goideann uirlisí AI ó fhíorealaíontóirí. Guím gach rath ort le do thionscnamh,” a dúradh sa ríomhphost.
Dúirt léachtóir atá ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan gur údar “náire” a bhí sa chomórtas.
“Le meas, tá coinbhleacht idir AI agus na híomhánna den nádúr atá san fhíseán sin. Sa bhreis air seo, tá na híomhánna goidte as fíorscannánóirí. Táimid ag múineadh daoine cruthaitheacha sa choláiste seo, ní ghoidimid uathu.
“Nílim i gcoinne AI i ngach cás, ach is mór an náire an comórtas seo,” a dúirt an léachtóir in DKIT, coláiste a mbíonn céimeanna sna ‘meáin chruthaitheacha’ agus sa bheochan á múineadh ann.
Níorbh iad na léachtóirí sna hollscoileanna amháin a fuair locht ar chomórtas an Údaráis. Sheol Cumann Scannán (FilmSoc) Ollscoil na Gaillimhe – ar mic léinn BA iad formhór na mball -ríomhphost chuig an Údarás agus chuig cuid de na comhlachtaí léiriúcháin a bhí luaite leis an gcomórtas lena míshástacht a chur in iúl dóibh.
“How dare you think our passion wears so thin, that we’d cheat our craft for the promise of prize money and mentorship. How dare you promote such lunacy with positivity, and expect us to view this as an opportunity of interest and alignment with our creative capacity,” a scríobhadh.
Maíodh gurbh fhearr an t-airgead a cuireadh i leataobh don chomórtas a chur i dtreo rud éigin “more reasonable and reputable” agus “real art” agus “real creativity” a chur chun cinn.
Bhí an tÚdarás ag cuimhneamh ar chuireadh a thabhairt do “thoscaireacht ón FilmSoc” teacht ar cuairt go ceannáras na heagraíochta leis an scéal a phlé ach cinneadh sa deireadh gan an cuireadh sin a thabhairt.
Cuireadh i leith an Údaráis agus na gcomhlachtaí léiriúcháin gur “náirigh” siad iad féin agus dúradh nach mbeadh “fáilte” rompu in earnáil na scannánaíochta.
Bhí roinnt institiúidí tríú leibhéal sásta eolas faoin gcomórtas a scaipeadh ar na mic léinn. Dúirt léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gur “comórtas iontach” a bhí ann, agus bhí léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh sásta é a roinnt leis na mic léinn.
Deirtear sna cáipéisí chomh maith gur cheart féachaint ar an gcomórtas nua mar thogra ‘píolótach’ in Éirinn mar go bhféadfaí é a leathnú amach ar fud na hEorpa ina dhiaidh sin.
Bhíothas ag súil go gcraolfaí 30 físeán ón gcomórtas ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste anuraidh ach níor tharla sé sin agus ní léir ó na cáipéisí go bhfuarthas an oiread sin iarratas incháilithe air.
Go deimhin, dúradh i gcomhrá idir oifigigh an Údaráis i dtreo dheireadh mhí na Samhna nach raibh ag éirí leis an bhfeachtas iontrálacha a mhealladh agus go gcaithfí cuimhneamh ar chleas éigin le haird a tharraingt ar an gcomórtas.
“Chuaigh ríomhphost amach ag an liosta ollscoileanna i ndeireadh mhí Mheán Fómhair agus níor tháinig as ach físeán amháin! Níl sé ag obair, teastaíonn promo videos uainn!!!,” a dúirt bainisteoir an togra san Údarás le comhghleacaí.
Beartaíodh ‘tionchairí’ a lorg a chuirfeadh an comórtas chun cinn i measc a leantóirí siúd.
“Beidh orainn físeán tarraingteach a chruthú ar dtús agus [dul] i dteagmháil le influencers áirithe chun an teachtaireacht a scaipeadh,” a dúradh.
Níl ach teachtaireacht amháin ó ‘thionchaire’ i measc na gcáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, teachtaireacht inar dhiúltaigh an duine páirt a ghlacadh san fheachtas poiblíochta don chomórtas.
“Nílim ag glacadh le haon chomhpháirtíochtaí mar tá mo sceideal thar a bheith gnóthach ach guím gach rath oraibh leis an bhfeachtas,” a dúirt an duine le feidhmeannach de chuid an Údaráis.
Ar deireadh cuireadh físeán amach ag athfhógairt an chomórtais ar an 5 Nollaig seo caite. Lean cuid mhaith conspóide an fógra sin. Ba thráchtanna diúltacha iad formhór a fágadh faoin bhfíseán ar Instagram agus ba léir gur pléadh an cáineadh sin ag an leibhéal is sinsearaí san eagraíocht.
De réir na gcáipéisí tarraingíodh príomhfheidhmeannach agus stiúrthóirí an Údaráis isteach sa scéal chun déileáil leis an “frithfhreagairt” a bhain le seoladh an chomórtais. Tá formhór mór an chomhfhreagrais ó bhainisteoirí sinsearacha an Údaráis ceilte le cló dubh.
Bhí ceithre chomhlacht léiriúcháin Gaeltachta luaite leis an Togra Scéalaí san fhíseán poiblíochta a chuir Údarás na Gaeltachta amach faoin gcomórtas: Telegael, Fíbín Media, Danú Media agus NemetonTV.
Tá comhfhreagras a bhaineann leis na comhlachtaí sin i measc na gcáipéisí a fuair a Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ach bhí formhór an chomhfhreagrais sin ceilte i gcló dubh, toisc, a dúradh, go raibh eolas íogair ann.
Bhí roinnt plé ag oifigigh de chuid an Údaráis le hionadaithe ó na comhlachtaí léiriúcháin sin tar éis na conspóide ag tús mhí na Nollag. Cuireadh ar a laghad cruinniú amháin leis na comhlachtaí ar athló le deis a thabhairt don Údarás “labhairt faoin mbealach chun cinn” agus faoi “páirtíocht” na gcomhlachtaí sa togra.
Dúradh i ríomhphost amháin go mbeifí “ag súil” le haiseolas diúltach ó roinnt léachtóirí ollscoile a bhíonn ag plé leis an scannánaíocht mar “tá [AI] nua dúinn ar fad ach i ndán dúinn ar fad chomh maith” agus nach mbeidh “aon éalú [ó AI]”.
Seachtain i ndiaidh dóibh an físeán a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, dúirt Údarás na Gaeltachta le foireann an chomhlachta léiriúcháin Telegael, atá lonnaithe i gConamara agus a bhí luaite leis an gcomórtas, gurbh fhéidir leis an gcomhlacht “tarraingt siar” ón gcomórtas “gan aon fhadhb”.
“Tá muid ar fáil le haghaidh comhrá ag am ar bith dá mba mhaith libh é a phlé tuilleadh agus mura dteastaíonn uaibh a bheith luaite leis an gcomórtas a thuilleadh, is féidir linn sibh a tharraingt siar gan aon fhadhb,” a dúradh i ríomhphost chuig Telegael.
Ba é an 16 Eanáir spriocdháta an chomórtais ‘An Togra Scéalaí’ agus tá súil ag Údarás na Gaeltachta na buaiteoirí a fhógairt sna seachtainí amach romhainn. Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc gur reáchtáladh an comórtas mar gheall gur “gá a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo agus feiceálach sa ré dhigiteach”.
Tá eolas lorgtha ag Tuairisc faoi líon na n-iontrálacha a fuarthas ar an gcomórtas ach dhiúltaigh an tÚdarás an t-eolas sin a chur ar fáil.
Tuigtear do Tuairisc gur thart ar 15 iontráil incháilithe a fuarthas ach go bhfuarthas roinnt céadta iontráil nach raibh incháilithe.
Fág freagra ar '‘Údar náire’ – gearáin ó ollscoileanna faoi chomórtas AI Údarás na Gaeltachta'