Údar faoisimh d’imirceoirí ach údair imní fós ann

Beidh go leor ag brath ar an bPáirtí Poblachtánach má táthar le réiteach a fháil ar cheist na hinimirce i Meirceá.

23/5/2011 President Obama's visit to Ireland
Pictúir: Photocall Ireland

Tabharfaidh fógra an Uachtaráin Obama an tseachtain seo faoiseamh do 40% de na himirceoirí nach bhfuil stádas dleathach cónaithe ná oibre acu i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Daoine iad sin a bhfuil cúig bliana, ar a laghad, caite acu sna Státaí agus ar rugadh gasúir dóibh ansin. Ní bheidh aon bhuachtáil ag imirceoirí eile mídhleathacha i Meiriceá ar orduithe an Uachtaráin.

Go deimhin, tá ceist mhór ann i gcónaí faoin méid saoirse a thabharfaidh fógra an Uachtaráin Obama don 40% a bheidh in ann leas a bhaint as na socruithe nua.

Má tá na meastacháin réasúnta cruinn, tá 50,000 Éireannach i measc an 11 milliún atá i Meiriceá gan stádas dleathach cónaithe agus fostaíochta.

D’fhágfadh na figiúirí atá luaite go mbeadh buntáiste as fógra an Uachtaráin Obama ag tuairim 20,000 Éireannach.

Ach tá ceist mhór ann faoi chead taistil anonn agus anall fiú agus má tá duine in ann a theacht i dtír ar an gcóras nua.

“Fiú agus má thagann tú faoi scáth an chórais nua, níl a fhios fós an mbeidh cead agat taisteal abhaile go hÉirinn de réir mar a thograíonn sé leat, sin muna bhfuil cúis phráinne ann” a deir an tAthair John McCarthy, atá gníomhach san Irish Lobby for Immigration Reform – an ILIR.

Tá an tAthair McCarthy lonnaithe i mBoston le roinnt blianta; an chliarfhlathas sa tír seo a chuir anonn é le lámh chúnta a thabhairt d’imirceoirí na hÉireann.

Tá an bac atá orthu ó dhul abhaile ar cuairt ar cheann de na ceangail is measa atá ag goilliúint ar imirceoirí mídhleathacha na hÉireann sna Státaí.

Ní raibh go leor acu ag ócáid teaghlaigh sa mbaile le blianta – ní raibh sé inrásta ag cuid acu a dhul abhaile ar shochraidí.

“D’fhéadfadh an cheist seo faoi chead taistil a bheith ar an lúb ar lár is measa sa gcóras nua atá fógraithe ag an Uachtarán Obama,” arsa an tAthair McCarthy.

“Tá caint ann go bhféadfadh daoine iarratas speisialta a chur faoi bhráid na n-údarás inimirce anseo le taisteal abhaile i gcás práinne. Ach bheadh sé ina imní faoi sin freisin. Is í an cheist í ná an ligfí ar ais thú? Tá go leor dindiúirí nach bhfuil ar eolas againn,”  a deir an tAthair McCarthy.

Ag labhairt dó as Boston, dúirt Méara na Cathrach sin, Marty Walsh, go mbeadh sé féin ag cur córas comhairliúcháin ar bun i Halla na Cathrach d’imirceoirí a bheadh ag iarraidh tuilleadh eolais.

“Chuile sheans go mbeidh orainn cúpla duine breise a chur ag obair”, a deir an Méara. “Beidh an t-eolas ag éirí níos soiléire de réir a chéile.”

Creideann an Méara go bhfuil an méid a d’fhógair an tUachtarán Obama míshásúil, ach nach raibh mórán eile de rogha aige.

“Níl na Poblachtánaigh agus na Daonlathaigh i dTeach na Comhdhála in ann socrú a dhéanamh faoi dhlithe a dhéanfadh réiteach ar an gcás”, a deir an Méara Walsh. “Rinne an tUachtarán an méid a d’fhéadfadh sé.”

Dúirt an tAthair John McCarthy go bhfuil eolas aige féin ar riar lánún Éireannach a bheidh in ann leas a bhaint as an gcóras nua; beidh siad ábalta ar dhul ag obair go dleathach, teach a cheannach agus gnóthaí eile a dhéanamh gan faitíos go mbéarfaidh an dlí orthu.

“Ach, ar an taobh eile den scéal”, a deir an tAthair McCarthy, “tá eolas agam ar chuid mhaith daoine as Éirinn anseo nach bhfuil gasúir acu agus tá siad siúd fágtha as an gcomhaireamh.”

Míníonn an tAthair McCarthy freisin – tá sé ar dhuine de na hoifigigh san ILIR i Massachusetts – nach bhfuil sa socrú seo ach ceann sealadach agus nach réitíonn sé an bealach do dhaoine i dtreo saorántachta sna Stáit Aonataithe.

“Tá sé i bhfad níos laige mar chóras ná an Bille ar aontaigh Seanad Mheiricea leis sa téarma Seanaid atá críochnaithe; bhí cosán cinnte i dtreo na saorántachta ag baint leis sin.”

Ach cé gur vótáil an Seanad ar a shon sin, ní rabhthas in ann dóthain tacaíochta a fháil lena aghaidh i dTeach na nIonadaithe.

Thit an reachtaíocht sin nuair a chríochnaigh téarma seo Thithe na Comhdhála.

Is é bun agus barr an scéil anois ná go mbeidh go leor ag brath ar an bPáirtí Poblachtánach má tá córas níos iomláine le cur i bhfeidhm le réiteach a fháil ar chás na hinimirce i Meirceá.

Tá ceannas ag na Poblachtánaigh ar an Seanad agus ar Theach na nIonadaithe i Washington. Bheadh reachtaíocht ag teastáil le córas nua, sásúil a dhaingniú go buan sa dlí.

Sop in áit na scuaibe é fógra an Uachtaráin Obama ach tá an sop pholaitiúil séidthe.

 

Fág freagra ar 'Údar faoisimh d’imirceoirí ach údair imní fós ann'