Údar faoisimh ag aistritheoirí Gaeilge

Seirbhísí aistriúcháin Gaeilge an Stáit le cur ar tairiscint astu féin. Séala creidiúnaithe ina riachtanas feasta d’aistritheoirí agus ‘spotseiceáil leanúnach’ le déanamh

Foclóir

Tá údar faoisimh ag aistritheoirí Gaeilge agus é fógartha ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin go gcuirfear seirbhísí aistriúcháin Gaeilge an Stáit ar tairiscint astu féin.

Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, bhí imní ar chomhlachtaí beaga aistriúcháin agus aistritheoirí aonair Gaeilge go bhfágfaí ar ar an bhfaraor géar iad dá gcinnfeadh an Oifig um Sholáthar Rialtais obair aistriúcháin an Stáit uilig a thairiscint ar conradh d’aon chomhlacht amháin.

Dhá rogha a bhí á gcíoradh ag an Oifig um Sholáthar Rialtais i gcás na Gaeilge; go gcuirfí seirbhísí aistriúcháin Gaeilge ar tairiscint astu féin nó go mbeadh na seirbhísí sin mar chuid d’aon mhórthairiscint amháin.

Ach dheimhnigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, don Teachta Dála Éamon Ó Cuív sa Dáil gur mar thairiscint ar leith a lorgófaí seirbhísí aistriúcháin Gaeilge.

“Táim sásta a dheimhniú ag an tráth seo, áfach, ag glacadh na dtuairimí a fuarthas…maidir le seirbhísí Gaeilge a sholáthar, go bhfuil sé socraithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais gan Gaeilge a áireamh sa liosta teangacha a thiocfaidh faoin soláthar seirbhísí teanga a bheidh ann go luath,” a dúirt an tAire Howlin.

Ar an Oifig um Sholáthar Rialtais atá an fhreagracht seirbhísí aistriúcháin go gach teanga a bhíonn de dhíth ar na cuideachtaí earnála poiblí a thagann faoina cúram a sholáthar, seirbhísí Gaeilge ina measc.

Thug an Oifig cuireadh don phobal le déanaí aiseolas a chur ar fáil maidir leis an gcóras nua tairisceana do sheirbhísí aistriúcháin a bheidh ar an bhfód go luath.

Dúirt an tAire Howlin chomh maith go rachfar i gcomhairle leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta “sula ndéanfar cinneadh ar an mbealach is fearr chun seirbhísí aistriúcháin go Gaeilge a sholáthar”.

Thug an tAire le fios freisin go mbeadh séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge ina riachtanas feasta d’aon duine a bheadh i mbun obair aistriúcháin go Gaeilge. Faoin socrú nua atá á bheartú is aistritheoir sinsearach cáilithe a bhfuil taithí aige a dhéanfaidh gach aistriúchán a phrofléamh agus a cheadú sula gcuirtear ar aghaidh é chuig an gcomhlacht poiblí a d’éiligh é.

Dúirt an tAire Howlin go mbeadh foráil ann faoin gcóras nua do ‘spotseiceáil leanúnach’ ar obair aistritheoirí agus go leagafaí caighdeán síos faoina ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar obair aistriúcháin shamplach ó am go ham.

 

Fág freagra ar 'Údar faoisimh ag aistritheoirí Gaeilge'