Uair na cinniúna do Pháirtí an Lucht Oibre – ach an roghnóidh siad bóthar a leasa?

Más go drogallach a d’éirigh Joan Burton as, i ndáiríre ní raibh aon dul as aici tar éis toradh an toghcháin, ach ar fhoghlaim an páirtí aon cheo as an tubaiste a bhain díobh

Brendan Howlin TD, Sean Sherlock TD agus Alan Kelly TD. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Brendan Howlin TD, Sean Sherlock TD agus Alan Kelly TD. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá uair na cinniúna tagtha do Pháirtí an Lucht tar éis do Joan Burton éirí as mar cheannaire. Má tá todhchaí ar bith le bheith ag an bpáirtí caithfidh siad an rogha cheart a dhéanamh nuair a thoghfar an ceannaire nua sna seachtainí beaga seo romhainn.

Más go drogallach a d’éirigh Joan Burton as, i ndáiríre ní raibh aon dul as aici tar éis toradh an toghcháin, an toghchán ba thubaistí riamh i stair an pháirtí. Ní uirthi amháin a bhí an locht ar ndóigh, ach ghlac sí gan stró leis na polasaithe déine a scrios an páirtí sa deireadh.

B’amaideach an mhaise di a bheith ag iarraidh fanacht i gceannas, agus iarracht déanta aici fiú dul ar ais sa rialtas in éineacht le Fine Gael.

Mar sin, ar fhoghlaim an páirtí aon cheo as an tubaiste?  Is léir nár fhoghlaim Alan Kelly tada, agus é á ainmniú ag na meáin mar rogha na coitiantachta don phost mór – nó mar rogha na meán ar aon chuma!

Scriosadh an páirtí toisc gur chreid na daoine a thug vóta dóibh in imeacht na mblianta gur thréig an páirtí iad agus gur leag siad an t-ualach ba mhó ar na daoine ba lú a raibh saibhreas acu.

Agus ba é an sampla deireanach de seo ar ndóigh ná na táillí uisce.

Sea, bhí na meáin agus na saineolaithe i measc lucht na tráchtaireachta ag maíomh gan stad gur cheart na táillí uisce a bheith ann, is gur amaidí a bhí ar siúl acu siúd a dhiúltaigh iad a íoc.

Tá Alan Kelly ag seasamh go neamh-leithscéalach fós leis na polasaithe céanna sin a scrios an páirtí, an polasaí faoi tháillí uisce ina measc. Is cosúil gur fearr leis éisteacht leis an Irish Times ná éisteacht leis na vótóirí a thug droim láimhe lena pháirtí sa toghchán. Agus ar an ábhar an uisce sin thar ábhar ar bith eile!

Ach an féidir go gcreideann Kelly féin an chaint uaidh go bhfuil lucht tacaíochta ag filleadh ar an bpáirtí?  Níl aon fhianaise ar chor ar bith go bhfuil an scéal amhlaidh, agus go deimhin léiríonn pobalbhreith a rinneadh i ndiaidh an toghcháin go bhfuil leibhéal tacaíochta an pháirtí tite arís.

I ndomhan an tsiabhráin atá Kelly, is cosúil.

Is léir ámh nach bhfuil an oiread sin measa ar Kelly ina measc siúd atá ar an mbeagán atá fágtha ag an bpáirtí sa Dáil agus sa Seanad. Tá mór-uaisle an pháirtí ar nós Pat Rabbitte ag maíomh gur chóir cloí leis an gcur chuige ceannaireachta a bhí ann agus Brendan Howlin a roghnú.

Pictiúr: RollingNews.ie
Joan Burton. Pictiúr: RollingNews.ie

Ach bhí baint níos mó ag Howlin le tubaiste na déine ná mar a bhí ag Joan Burton bhocht.  Mar aire Caiteachais Phoiblí bhí baint dhíreach ag Howlin leis an scéal.  Ní hamháin sin ach níl tada den nua ag baint leis.  Dá dtoghfaí eisean ba chomhartha é go bhfuil an páirtí sáinnithe san am atá caite ar fad.

Cé eile atá ann mar sin?  Tá Sean Sherlock á lua. Sea, cé go raibh Sherlock ina aire stáit níl sé chomh ceangailte céanna i súile an phobail leis an tseanré is atá Kelly nó Howlin.

Ach an bhfuil an misneach ag Sherlock a fhógairt go bhfuil sé ag géilleadh do cháineadh an phobail is go mbeidh port nua á sheinm aige?

Ós rud é gur ag gnáthbhaill an pháirtí a bheas an vóta (má bhíonn comórtas ann) orthusan a bhraitheann an scéal ar deireadh thiar.

B’fhéidir go dtuigeann na gnáthbhaill níos fearr ná mar a thuigeann na huaisle go bhfuil ceachtanna le foghlaim is go gcaithfear an páirtí a scaradh ón bpáirtí a ghlac páirt i rialtas déine in éineacht le Fine Gael.

Arís tá ceisteanna á gcur maidir le húdarás Sherlock – an bhfuil an ‘gravitas’ aige agus cén taithí atá aige. Is cén seasamh atá aige i measc bhaill an pháirtí? Seachas, ar ndóigh, nach é Alan Kelly é.

Ag deireadh thiar cé go bhfuil áit lárnach ag ceisteanna faoi phearsantachtaí sa scéal seo, is éard atá i gceist dáiríre ná cén cineál páirtí a bheas ann feasta.

Ní bheidh sé éasca muinín na vótóirí a thuilleadh an athuair, más féidir ar chor ar bith é,  ach tá sé réasúnta soiléir nach bhfuil aon seans ann an méid sin a dhéanamh má chloítear leis an tseanpholaitíocht sin a bhfuil an oiread míchlú uirthi.

Ach cén ról a bheas ag SIPTU, an t-aon cheardchumann i bhfírinne atá anois ag tacú leis an bpáirtí?  Cén cineál ceannaire ba mhaith le Jack O’Connor a fheiceáil?

Tá na cosúlachtaí ann gur mhaith le O’Connor go bhfágfadh an páirtí ina dhiaidh ar fad a thréimhse rialtais agus seans mar sin go n-oirfeadh Sherlock níos fearr don chineál páirtí atá uaidh, sin má tá an misneach ag Sherlock dul san iomaíocht.

Ach nach léiriú eile ar a laige is atá an páirtí go bhfuil ceist á cur faoi mhisneach Sherlock?

Neosfaidh an aimsir an bhfuil seans ar bith ag an bpáirtí nó an bhfuil sé ródhéanach dóibh.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do Pháirtí an Lucht Oibre – ach an roghnóidh siad bóthar a leasa?'

  • padraig

    Is leir nar fhoghlaim i bhfianaise a nduirt Alan Kelly ina chead aitheasc sa Dail faoi Uisce Eireann t’reis an toghchain, chomh barrshotalach, breagchraifeach, baoth is a labhair se riamh. Conas a bhfuil se de dhanaiocht acu Pairti an ….Lucht Oibre….. a thabhairt orthu fein, nil fri creidiuna na measa fanta acu … coillteain in haram is ea anois iad …gura fada ina gcoillteain iad

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ar mhiste le Eoin a mhíniú céard tá mícheart faoi íoc as uisce glan? Agus an bhfuil sé in ann aon tír eile san Eoraip a thabhairt dúinn nach mbíonn méadar agus táillí uisce in usáid? Agus ina dhiaidh an bhfuil sé in ann aon tír eile san Eoraip a ainmniú ina bhfuil córas uisce/séarachais poiblí níos measa ná an tír againne?

  • padraig

    Nocht mise mo chuid tuairimi cheana fein faoi fiasco Uisce Eireann agus gach a mbaineann leis le Tuairisc.ie ach ni rabhadar sasta iad a fhoilsiu ar eagla go dtabharfadh cat ramhar airithe de bhunadh na hEireann a mhaireann thar lear chun na cuirte iad (ta se contuirteach a ainm a lua fiu amhain). Ta’s ag D O hEallaithe ce chomh lofa agus ata UE agus nach bhfuil faic ag ar bhformhor mor i gcoinne tailli uisce a ioc ach go bhfuilimid glan doite amach is amach in aghaidh mhaistinteacht, mhordhiomailt airgid Uisce Eireann. Caithfear airteagal a chur isteach sa bhunreacht a dhearbhu gur le muintir na hEireann acmhainn seo an uisce, nach feidir e a phriobhaidiu agus tosnoimid ag cioradh na ceiste i cgeart ansin. Ta moran ceisteanna curtha ag O heallaithe seachas an ceann is tabhachtai .i. cen fath nach bhfuil Kelly et al sasta e sin a dheanamh? Cen laincis ata orthu…agus ce AIGE?