Tús oifigiúil le rás an Árais – an dáta do thoghchán na huachtaránachta fógartha

Beidh 28 lá ag daoine ar spéis leo seasamh sa toghchán ainmniúchán a fháil chun dúshlán an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn a thabhairt

Tús oifigiúil le rás an Árais – an dáta do thoghchán na huachtaránachta fógartha

Tá an t-ordú foirmeálta i dtaobh thoghchán uachtaránachta 2018 sínithe ag an Aire Tithíochta agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy agus ar an Aoine an 26 Deireadh Fómhair a bheidh an toghchán ar siúl.

Fágann síniú an ordaithe sin go mbeidh 28 lá ag daoine ar spéis leo seasamh sa toghchán ainmniúchán a fháil chun dúshlán an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn a thabhairt. Tá go dtí an 26 Meán Fómhair ag daoine chun ainmniúchán a fháil. Déanfar an t-uachtarán nua a insealbhú ar an 11 Samhain.

Tá scata daoine á lua leis an dtoghchán, ina measc beirt ón nGaeltacht.

Tá ráite ag an bhfeisire Eorpach as Múscraí, Liadh Ní Riada, atá á lua mar iarrthóir Shinn Féin, gur onóir a bheadh ann seasamh don uachtaránacht.

Níl aon chinneadh déanta fós ag polaiteoir Gaeltachta eile a bhfuil suim léirithe aige sa toghchán, an Seanadóir neamhspleách agus fiontraí as an Spidéal, Pádraig Ó Céidigh.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív lena chomhghleacaithe nach bhfuil sé i gceist aige ainmniúchán a lorg ón bpáirtí do thoghchán na huachtaránachta. Chinn Fianna Fáil go dtacófaí leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn sa toghchán. Níl aon iarrthóir á chur chun tosaigh ach oiread ag Fine Gael.

I measc na ndaoine eile a bhfuil suim acu ainmniúchán a fháil tá an fear gnó agus caidreamh poiblí Gavin Duffy agus an Seanadóir Joan Freeman.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil Seán Gallagher, an fear gnó a tháinig sa dara háit i dtoghchán 2011, i mbun machnaimh ar sheasamh arís chomh maith.

 

 

Fág freagra ar 'Tús oifigiúil le rás an Árais – an dáta do thoghchán na huachtaránachta fógartha'