Tús le triail faoi ionsaí ar Noel Hill

D’fhág an t-ionsaí blaosc scoilte agus a shúil chlé brúite siar isteach inti “mar a bheadh ubh in ubhchupán”, a líomhnaíodh le linn trialach sa Ghaillimh inniu.

Noel-Hill012
An ceoltóir tradisiúnta aitheanta Noel Hill

Bualadh cic i ndiaidh cic sa chloigeann ar an gceoltóir traidisiúnta Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne i gConamara ar oíche Lá ‘le Stiofáin sé bliana ó shin, a líomhnaíodh le linn trialach sa Ghaillimh inniu.

D’fhág an t-ionsaí blaosc scoilte ag Hill agus a shúil chlé brúite siar isteach inti “mar a bheadh ubh in ubhchupán”, a dúradh.

I gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe inniu, phléadáil tógálaí áitiúil Michael Folan (55) ón dTeach Mór, Leitir Mealláin, Co na Gaillimhe, neamhchiontach nuair a cuireadh cúis amháin ina leith.

Ba í an chúis sin ná go ndein sé díobháil thromchúiseach d’aon turas agus go meargánta do Noel Hill i dTigh Phádraig Mhairtín Beag i Leitir Móir, Conamara ar Lá ‘le Stiofáin 2008.

Agus é ag tabhairt achoimre ar chás an Stáit i gcoinne an chúisí tráthnóna, dúirt an t-abhchóide ionchúisimh, Conor Fahy, go raibh an tUas. Hill, atá sna caogaidí, i leithreas an tí tábhairne an oíche sin agus gur ionsaíodh é ón dtaobh thiar nuair a chuaigh sé go dtí an leithreas.

Dúradh go raibh sé istigh i gcubhachail agus an doras ar oscailt nuair a d’fhéach sé thar a ghualainn, áit a bhfaca sé an cúisí ina sheasamh laistiar de.

Bualadh le dorn ar thaobh na láimhe deise dá cheann é agus bualadh buille i ndiaidh buille air ina dhiaidh sin, a dúirt Conor Fahy.

D’éirigh leis casadh timpeall agus greim láimhe a bhreith ar an té a bhí á ionsaí d’fhonn iarracht a dhéanamh stop a chur leis na buillí, a dúradh.

Dúirt an tUas. Fahy go raibh aithne ag an Uas. Hill ar an gcúisí mar Michael Bheairtle Mharcuisín Folan agus go bhfaca sé níos luaithe an oíche sin é sa teach tábhairne.

D’aithin an tUas Hill an cúisí mar go raibh obair déanta aige ar theach a bhí á athchóiriú ag Hill sa bPointe ar an gCeathrú Rua.

Le linn an ionsaithe tháinig an tUas. Hill amach as cubhachail an leithris agus bualadh go dona é sa bhéal agus sa tsúil chlé.

Dúirt an tUas Fahy gur bhéic Hill ar Folan éirí as ach gur leagadh chun talún é, áit ar bualadh ciceanna troma air sa cheann agus sa cholainn.

“Rinne sé trócaire a agairt, ach trócaire níor deineadh air,” a dúirt an tUas. Fahy.

“Scoilteadh blaosc an Uas. Hill agus brúdh siar inti a shúil chlé,” a dúirt sé leo sin a bhí ag éisteacht sa chúirt leis agus iad ina dtost.

“Lean sé air ag agairt trócaire ach trócaire ní bhfuair sé agus b’amhlaidh gur cheap sé gurbh é an bás a bhí i ndán dó. Mhair an eachtra cúpla nóiméad,” a dúirt an tUas. Fahy.

“Tá an tUas Hill deimhnitheach de gurbh é Folan ba chúis le na gortuithe a baineadh de agus tá Folan deimhnitheach nach raibh sé in aon ghiorracht den leithreas in aon chor nuair a gortaíodh é,” a dúirt an tUas. Fahy.

Chuir an dochtúir áitiúil an Dr. Anne Gillen fianaise os comhair na cúirte, ag tabhairt le fios go raibh an tUas. Hill ar leath-aithne nuair a bhain sí an teach tábhairne amach ag 11.55.

Thug sí le fios go raibh gortuithe tromchúiseacha bainte dó agus go raibh neamhord struis iarthrámaigh air ó shin.

Dúirt an máinlia plaisteach, an tUas Patrick McCann, leis an ngiúiré go raibh log súile an Uas. Hill brúite siar ina bhlaosc mar a bheadh “ubh in ubhchupán” agus go raibh mogall tíotáiniam anois san áit a mbíodh an cnámh faoina log shúile.

Bhí beirt ateangairí i láthair sa chúirt inniu ar eagla go n-éisteofaí cuid den bhfianaise i nGaeilge ach ní raibh gá leo.

Cuireadh moill ar éisteacht na trialach seo de bharr gur éiligh an tUas. Folan san Ard-Chúirt, agus ina dhiaidh sin sa Chúirt Uachtarach, go n-éisteofaí i nGaeilge a chás os comhair giúiré dátheangach, ceart bunreachtúil a bhí ag dul dó, dar leis.

Dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach don iarratas sin níos luaithe i mbliana mar a rinne an Chúirt Chuarda Choiriúil sa Ghaillimh i 2009.

Leanfar leis an dtriail amárach.