Tús le cur le hathbhreithniú ar phleananna teanga na Gaeltachta 

Pleananna teanga i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Phort Láirge a bheidh á meas ar dtús

Tús le cur le hathbhreithniú ar phleananna teanga na Gaeltachta 

Is ag deireadh an tsamhraidh a chuirfear tús leis an athbhreithniú ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin obair sin anuraidh ach beartaíodh í a chur siar de bharr phaindéim an Covid-19. Pleananna teanga i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Phort Láirge is túisce a athbhreithneofar.

Leagtar amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga go ndéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar phleananna teanga i mbliain a trí dá bhfeidhmiú. Deir an Roinn, áfach, gur socraíodh anuraidh go ndéanfaí an t-athbhreithniú tar éis ceithre bliana ag feidhmiú “toisc an tionchar suntasach a d’imir an phaindéim ar fheidhmiú an phróisis”.

Fágann sin nach mbeidh an chéad bhabhta athbhreithnithe déanta ar na pleananna teanga Gaeltachta go dtí 2026 ar a thúisce. 

Tá pleananna ceadaithe do 25 den 26 Limistéir Pleanála Teanga go dtí seo. Is é plean teanga Oileáin Árann i nGaillimh, atá á mheas ag an Roinn i láthair na huaire, an t-aon phlean atá fós le ceadú.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna san ord céanna ina ndearnadh na pleananna a fhaomhadh. Fágann sin gurb iad pleananna teanga Chloich Cheann Fhaola – a chlúdaíonn Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh – agus plean teanga na nDéise – a chlúdaíonn An Rinn agus An Sean-Phobal – na pleananna a dtosófar leo mí Lúnasa 2022. 

Is í an Rannóg Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta a bheidh ag tabhairt faoin obair athbhreithnithe. Deir an Roinn go mbeifear i dteagmháil leis na ceanneagraíochtaí pleanála agus dreamanna eile “go luath” maidir le téarmaí tagartha na n-athbhreithnithe.

Seacht mbliana atá ag na coistí leis na pleananna teanga a ceadaíodh a chur i bhfeidhm. Beidh athbhreithniú eile le déanamh ar gach plean teanga i mbliain a sé, de réir threoirlínte na Roinne.

Tá sé de cheart ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ag tréimhsí éagsúla nó ar bhonn níos minice ná mar atá sonraithe má fheictear go bhfuil gá lena leithéid.

Déanfar athnuachan ar an bpróiseas pleanála teanga nuair a bheidh na seacht mbliana caite.

Is ionann an cur chuige a bheidh i bhfeidhm ó thaobh athbhreithniú na Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.

Tá ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath. Tá plean teanga Thrá Lí á mheas faoi láthair.

Tá trí Líonra Gaeilge a thagann faoi scáth Acht na Gaeltachta 2012 ceadaithe ag an Roinn go dtí seo – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Tá dhá Líonra Gaeilge eile, Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste, ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge ach ní thagann siadsan faoi scáth an Achta.

Fág freagra ar 'Tús le cur le hathbhreithniú ar phleananna teanga na Gaeltachta '