Tús curtha ag Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear leanaí lena gcás san Ard-Chúirt

Níor ghlac an HSE go fóill gur orthusan atá an fhreagracht iomlán as cás Emma Mic Mhathúna, cé go ndúirt an Taoiseach cheana nach mbeadh ar aon bhean eile dul chun cúirte de bharr na conspóide

Tús curtha ag Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear leanaí lena gcás san Ard-Chúirt

Tá tús curtha ag Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear leanaí lena gcás san Ard-Chúirt maidir leis an moill a deir sí a bhí leis na torthaí tástála ailse a chur ar fáil di.

Tá scéal Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, i measc na scéalta is mó atá i mbéal an phobail maidir leis an gconspóid faoi na tástálacha CervicalCheck.

Tá an dlí á chur ag Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil ailse doleigheasta uirthi, agus a páistí ag cur an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an saotharlann i Meiriceá a rinne na tástálacha do CervicalCheck.

Dúradh san Ard-Chúirt inniu nár ghlac an HSE go fóill gur orthusan atá an fhreagracht iomlán as cás Emma Mic Mhathúna.

Dúirt an Taoiseach agus an tAire Sláinte Leo Varadkar cheana nach mbeadh ar aon bhean eile dul chun cúirte de bharr na conspóide.

Tá Emma Mhic Mhathúna ar dhuine den 209 bean ar tugadh torthaí tástála ailse míchearta dóibh agus bhí a cás ar cheanna de na cásanna is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal ó cuireadh faoi agallamh í ar dtús ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá sí ar dhuine de na mná nach bhfuair eolas faoi na torthaí míchruinne nó gur réitíodh cás Ard-Chúirte Vicky Phelan in aghaidh na saotharlainne i Meiriceá. Ba é cás na mná as Luimneach san Ard-Chúirt faoi ndear nochtadh an scannail faoi na tástálacha ailse. 

Dúirt dlíodóir Emma Mhic Mhathúna san Ard-Chúirt inniu gur theastaigh óna chliant go réiteofaí an cás a luaithe agus ab fhéidir agus d’iarr sé ar an HSE cinneadh a dhéanamh i dtaobh a bhfreagrachta sa chás laistigh de 24 uair a chloig.

Dúirt abhcóide Mhic Mhathúna, Patrick Tracey go raibh cáipéisí a bhaineann leis an gcás fós á lorg acu in ainneoin go ndúirt an Taoiseach agus an Tánaiste níos túisce an mhí seo nach mbeadh ar aon bhean a bhí thíos leis an gconspóid dul i muinín an dlí.

Dúirt an t-abhcóide gur chás ar leith a bhí i gcás Emma Mhic Mhathúna toisc go raibh eolas nua tagtha chun cinn an tseachtain seo faoi athbhreithniú a rinneadh ar thástáil smearaidh eile a rinneadh uirthi in 2010.

Dúirt an Breitheamh Kevin Cross sa chúirt inniu nach ionann an Stát agus an HSE agus go gcaithfí a thuiscint, dá dheacra a leithéid de rud a rá, nach gá go nglacfaí freagracht as gach diagnóis mhícheart.

Dúirt sé nach mbeadh sé cothrom brú a chur ar aon dream freagracht a ghlacadh, ach dúirt sé chomh maith  go raibh sé ríthábhachtach go n-éisteofaí an cás gan mhoill agus go ndéanfadh an chúirt gach ab fhéidir léi chuige sin.

Fág freagra ar 'Tús curtha ag Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear leanaí lena gcás san Ard-Chúirt'