Tús crua i ndán don Ghaeltacht i measc na sinsear

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí aréir agus tá An Ghaeltacht curtha sa ghrúpa céanna le seaimpíní an chontae, Crócaigh Chill Airne.

Tús crua i ndán don Ghaeltacht i measc na sinsear

Agus iad ar ais i measc na sinsear i gCiarraí den chéad uair ó 2009, níor mhór do pheileadóirí na Gaeltachta a bheith i mbarr a maitheasa ón tús agus iad i ngrúpa thar a bheith dúshlánach do Chraobh Shinsir na gClubanna.

Cuireadh struchtúr nua i bhfeidhm don chomórtas i mbliana agus rinneadh dhá ghrúpa de na foirne. Níl aon amhras ach go bhfuil An Ghaeltacht sa cheann is deacra.

Curaidh shinsir an chontae, Crócaigh Chill Airne a bheidh roimh fhir Chorca Dhuibhne agus iad ag cur tús lena bhfeachtas. Is iad boic mhóra Thrá Lí, cumann Aibhistín de Staic agus Ceirín Uí Rathaille, an dá fhoireann eile atá leo i nGrúpa 1.

Ní bheidh sé éasca ag an Daingean i nGrúpa 2 ach an oiread. Is in aghaidh na Rátha Móire a bheidh siad sa chéad chluiche, agus cluichí i gcoinne an Léigiúin agus Seamróga Neidín i ndán dóibh chomh maith.

Is iad buaiteoirí na ngrúpaí amháin a bhainfidh áit amach sa chéad bhabhta eile. Rachaidh an dá fhoireann díreach isteach go dtí an cluiche ceannais. Tá na hathruithe seo curtha i bhfeidhm ag bord an chontae chun an comórtas a ghiorrú agus tá sé i gceist go mbeadh an cluiche ceannais imeartha roimh lár an tsamhraidh.

Mura mbainfidh Ciarraí áit amach i gcluiche ceannais na sraithe, imreofar an chéad bhabhta ar an 1 Aibreán. Má bhíonn Ciarraí ag imirt an lá sin, an tseachtain dár gcionn a imreofar cluichí na gclubanna.

Rinneadh an tarraingt do na chraobhacha eile aréir chomh maith. Sa ghrád Idirmheánach, tá Piarsaigh na Dromoda i nGrúpa 2 in éineacht le Naomh Muire, Ard Fhearta agus na Mistéalaigh.

Sa Chraobh Shóisir, tarraingíodh Lios Póil sa ghrúpa céanna leis An gCromán, Cordal agus pé foireann acu a bhuafaidh an cluiche idir Cill Gharbháin agus Eas Daoi.

Fág freagra ar 'Tús crua i ndán don Ghaeltacht i measc na sinsear'