Tráchtairí ag rith ar an leac oighir
Luadh sa gcolún seo an tseachtain seo caite cuid de na conspóidí a bhí tagtha chun cinn go dtí sin le linn na gCluichí Oilimpeacha Geimhridh atá ar siúl i Milano-Cortina. Níl deireadh leis na cluichí go fóill, beidh an searmanas clabhsúir againn Dé Domhnaigh beag seo, agus níl deireadh leis an gconspóid ach an oiread.
Scaipeadh go forleathan ar na meáin shóisialta ag tús na seachtaine mír den tráchtaireacht a rinne craoltóir de chuid Radio Television Suisse san Eilvéis ar rás Iosrael sa gcomórtas bobshleamhnáin thall i dtuaisceart na hIodáile.
Ní bheadh a fhios agat ó chaint Stefan Renna cé acu go maith nó go holc a bhí ag éirí le beirt Iosrael, Adam Edelman agus Menachem Chen, agus iad ag dul síos le fána i Cortina agus an tráchtaire dírithe go hiomlán ar an tacaíocht a bhí léirithe ag Edelman d’ionsaithe Iosrael ar Gaza.
Dúirt Renna gur thug Edelman le fios gur “Síónach tiomanta” a bhí ann agus é ag fiafraí ar chóir go mbeadh cead tugtha don Iosraelach páirt a ghlacadh sna cluichí i bhfianaise rialacha Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) maidir le tacaíocht a léiriú do chogadh.
Ghlac RTS cinneadh an mhír a bhaint óna suíomh idirlín lá arna mhárach. Dúradh i ráiteas go raibh an méid a bhí ráite ag Renna fíor ach go m’fhéidir nach raibh fad a chuid cainte cuí le linn tráchtaireachta ar ócáid spóirt.
Go dtí seo, níl aon chaint go gcaillfidh Renna a phost mar gheall ar a chuid tráchtaireachta, rud nach bhfuil fíor i gcás Paolo Petrecca, stiúrthóir an chraoltóra Rai Sport san Iodáil. Tharraing an tráchtaireacht a rinne Petrecca ar shearmanas oscailte na gcluichí cúpla seachtain ó shin raic toisc í a bheith breac le botúin.
Agus é ag cur tús leis an gcraoladh, chuir Petrecca fáilte roimh an lucht féachana chuig an Stadio Olimpico, atá sa Róimh, in áit an San Siro, an staid cháiliúil i Milano ina raibh an searmanas ar siúl. Is in olcas a chuaigh cúrsaí ina dhiaidh sin.
Thug sé Mariah Carey, a bhí le bheith ag canadh níos déanaí ag ócáid, ar an aisteoir Iodálach Matilda De Angelis. Níor aithin sé ach an oiread uachtarán an IOC, Kirsty Coventry, agus Petrecca ag ceapadh gurb í iníon uachtarán na hIodáile, a bhí lena taobh, a bhí aige. Níor aithin sé ach an oiread baill d’fhoirne iomráiteacha eitpheile na hIodáile a bhí páirteach sa searmanas. Anuas air sin, thagair sé don “voodoo” agus é ag labhairt ar lúthchleasaithe ón Afraic agus dúirt go mbíonn lúthchleasaithe dathúla i gcónaí ag foireann na Spáinne.
Tharraing na botúin raic i measc iriseoirí Rai Sport, a chinn gan a gcuid ainmneacha a chur lena gcuid oibre mar agóid agus a bhí chun dul ar stailc trí lá nuair a chríochnódh na cluichí.
D’fhógair Petrecca an tseachtain seo go raibh sé chun éirí as a phost agus nach mbeadh sé ag tráchtaireacht ar shearmanas clabhsúir na gcluichí Dé Domhnaigh.
Bhí aighneas cothaithe ag ceapachán Petrecca ón gcéad lá riamh mar gheall ar an gcaidreamh a bhí aige le príomh-aire na hIodáile, Giorgia Meloni agus a rialtas. Sular toghadh Meloni ina príomh-aire, mhaígh sí go minic go raibh Rai claonta i dtreo na heite clé agus mheas go leor nach raibh i Rai ach bolscaire de chuid an rialtais ó ceapadh Petrecca.
Turas na nAlpach roimh fhear óg Uíbh Fhailí
Ag imeacht ó na hAlpa go Alpine atá muid anois agus an scéal tagtha go bhfuil an tiománaí óg as Uíbh Fhailí, Alex Dunne, tar éis conradh a shíniú leis an bhfoireann F1 Alpine don séasúr seo.
Bhí bliain iontach ag Dunne in 2025 sa tsraith F2 anuraidh, sraith atá dírithe ar thiománaithe a fhorbairt do F1. Is sa dara roinn sin a bheidh Dunne arís in 2026 ach is i ndathanna Alpine a bheidh sé ag tiomáint.
Is le McLaren a bhí Dunne go dtí seo ach fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh sé tar éis an fhoireann sin a fhágáil. Bhí caint ann go raibh sé chun conradh a shíniú le Red Bull agus is leis an bhfoireann bhFrancach, Alpine, atá sé imithe anois.
Is iad Pierre Gasly agus Franco Colapinto na príomhthiománaithe atá ag foireann F1 Alpine ach gach seans go dtabharfar deis do Dunne i seisiúin chleachtaidh i rith na bliana, mar a tharla anuraidh. Bhí Dunne ar an gceathrú tiománaí ba thapúla i gceann de na seisiúin sin san Ostair agus má bhíonn cúpla toradh eile mar sin aige in 2026, is mó seans a bheidh aige a bheith ar an gcéad tiománaí F1 ón tír seo ó bhí Eddie Irvine ann.
Cluiche an deireadh seachtaine – Tottenham Hotspur v Arsenal (Dé Domhnaigh, 16:30)
Cé go bhfuil roinnt cluichí suimiúla againn sna sraitheanna peile agus iomána as seo go ceann cúpla lá, níl aon amhras faoi cén cluiche is mó i bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo. Casfaidh naimhde thuaisceart Londan, Arsenal agus Tottenham, ar a chéile ar an Domhnach i gcluiche tábhachtach do bhun agus do bharr an tábla.
Bhí Arsenal chomh láidir sin sa gcéad chúig mhí den fheachtas gur mheas mórán gur cinnte go mbainfeadh Mikel Arteta agus a chuid imreoirí an tsraith den chéad uair le breis is 20 bliain. Ní fhéadfaí a bheith leath chomh cinnte anois, áfach, agus tuisle bainte as Arsenal le roinnt seachtainí anuas. Measadh foireann seo Wolves ar cheann de na cinn ba laige riamh i stair na Príomhroinne agus iad sáinnithe ag bun an tábla ó thús an tséasúir ach léiríodh go ríshoiléir an brú atá ar Arsenal nuair a d’éirigh le Wolves teacht aniar a dhéanamh ó 0-2 chun deiridh i gcoinne Arsenal i rith na seachtaine.
Deis eile caillte a bhí inti d’Arsenal bearna mhaith a chur idir iad féin agus Manchester City. Faoin am go rachaidh Arsenal chun páirce i Staid Tottenham Hotspur tráthnóna Dé Domhnaigh, d’fhéadfadh go mbeadh an bhearna sin laghdaithe go dtí dhá phointe agus cluiche idir Arsenal agus City fós le teacht.
Maidir le Tottenham, is é seo an chéad chluiche acu ó tugadh bata agus bóthar do Thomas Frank agus níl bealach níos fearr go bhféadfadh Igor Tudor fabhar an lucht tacaíochta a tharraingt air féin ná an ceann is fearr a fháil ar Arsenal agus tuisle eile a bhaint astu.
Tá na pointí ag teastáil go géar ó Tottenham chomh maith. Dá mbuafadh West Ham ar Bournemouth an deireadh seachtaine seo, ní bheadh ach dhá phointe idir Tottenham agus an zón dícháilithe roimh an chluiche in aghaidh Arsenal.
Fág freagra ar 'Turas na nAlpach roimh fhear óg Uíbh Fhailí, tráchtairí ag rith ar an leac oighir agus cluiche mór thuaisceart Londan'