Tuilleadh fianaise i bpobalbhreith náisiúnta go bhfuil éileamh suntasach sa phobal ar an oideachas lán-Ghaeilge

De réir pobalbhreithe nua deir 80% de dhaoine go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach ó thaobh thodhchaí na Gaeilge

Tuilleadh fianaise i bpobalbhreith náisiúnta go bhfuil éileamh suntasach sa phobal ar an oideachas lán-Ghaeilge

Tá tuilleadh fianaise i bpobalbhreith nua go bhfuil éileamh suntasach i measc an phobail ar an ngaeloideachas.

Léirítear chomh maith sa phobalbhreith ‘Dearcadh an Phobail i Leith na Gaeilge agus na Gaeltachta’ a rinne an comhlacht Amárach Research, go bhfuil ceathrar as gach cúigear den tuairim go bhfuil an Ghaeltacht ‘an-tábhachtach’ do thodhchaí na Gaeilge.

De réir na pobalbhreithe, a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta agus Gaelchultúr, thug 49% de dhaoine le fios go roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.

25% a dúirt nach raibh siad cinnte an roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí agus 25% a thug le fios nach roghnóidís é.

Díreach mar a chéile a bhí líon na ndaoine a dúirt i bpobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge anuraidh go roghnóidís scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí ach a leithéid de scoil a bheith ar fáil ina gceantar. 49% a dúirt sa phobalbhreith sin go roghnóidís an gaeloideachas.

Meath atá tagtha ar ghluaiseacht an ghaeloideachais le roinnt blianta anuas agus ag cúlú atá an gaeloideachas seachas ag fás.

Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge níos ísle ná mar a bhí ag aon phointe le breis is deich mbliana anuas.

Léiríonn anailís a rinne Tuairisc an mhí seo caite go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, figiúr atá níos ísle ná mar a bhí i gceist d’aon bhliain ó 2013.

Cé gur tháinig ardú beag i mbliana ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoil lán-Ghaeilge, ó 7.8% anuraidh go dtí 7.9%, fágann an laghdú atá tagtha le roinnt blianta anuas ag leibhéal na hiarbhunscoile go bhfuil an céatadán iomlán, idir bhunleibhéal agus iarbhunleibhéal ag titim.

Níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae agus 13 contae atá ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu.

De réir na pobalbhreithe nua a rinne Amárach Research, dúirt 80% de dhaoine go raibh an Ghaeltacht tábhachtach ó thaobh thodhchaí na Gaeilge.

Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad iad na nithe is tábhachtaí maidir le slánú na Gaeltachta, luaigh 53% deiseanna fostaíochta sa bhaile agus luaigh 48% tithe do mhuintir na háite ar phraghas réasúnta.

Luaigh 45% tábhacht na turasóireachta agus na tacaíochta eacnamaíochta agus luaigh 35% ‘tionscnaimh teanga sa phobal’.

Luaigh 33% maoiniú don chultúr agus na healaíona, 32% a luaigh Oideachas lán-Ghaeilge agus 22% a luaigh seirbhísí poiblí a bheith ar fáil i nGaeilge.

Dúirt 68% de dhaoine gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

73% de mhná a dúirt amhlaidh i gcomparáid le 63% d’fhir.

74% de dhaoine idir 25-34 bliain d’aois a dúirt gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus 71% de dhaoine idir the 18-24 a dúirt amhlaidh.

60% de dhaoine idir 55-64 bliain a dúirt gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Dúirt 70% de dhaoine a thug freagra ar an bpobalbhreith go raibh sé tábhachtach go gcuirfeadh gnóthaí Gaeltachta seirbhísí ar fáil dá gcustaiméirí trí Ghaeilge.

Dúirt 62% de dhaoine go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ionadaithe tofa ábalta Gaeilge a labhairt. 77% de mhuintir na Gaeltachta a dúirt amhlaidh, bunaithe ar an sampla beag breise sa Ghaeltacht a cuireadh leis an suirbhé.

Dúirt 62% de dhaoine gur mhaith leo go mbainfeadh gnóthaí agus eagraíochtaí poiblí níos mó úsáid as an nGaeilge ina gcuid margaíochta, comharthaíochta agus fógraíochta.

De réir na pobalbhreithe timpeall leath den phobal, 49%, a chuala trácht riamh ar Údarás na Gaeltachta.

Nuair a ceistíodh daoine cad a ritheann leo nuair a chuimhníonn siad ar Údarás na Gaeltachta luaigh 28% ‘cur chun cinn na Gaeilge’. Luaigh 19% ‘tacú le réigiúin agus pobail na Gaeltachta’ agus 14% a luaigh ‘tacú le gnólachtaí sa Ghaeltacht’.

Fág freagra ar 'Tuilleadh fianaise i bpobalbhreith náisiúnta go bhfuil éileamh suntasach sa phobal ar an oideachas lán-Ghaeilge'