‘Tugaigí cuairt ar Pharlaimint na hEorpa ar Lá an Ilteangachais,’ a deir Airí na Gaeltachta

Mhol an tAire Gaeltachta Catherine Martin do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn ollscoile freastal ar an ócáid fhíorúil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Aontas Eorpach

‘Tugaigí cuairt ar Pharlaimint na hEorpa ar Lá an Ilteangachais,’ a deir Airí na Gaeltachta

Tá molta ag Airí na Gaeltachta do chainteoirí Gaeilge cuairt fhíorúil a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa ar Lá an Ilteangachais, a bheas ar siúl ar líne i mbliana.

Beidh lá faisnéise d’aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge ar siúl Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair, agus beidh deis ag daoine foghlaim faoi Pharlaimint na hEorpa agus na deiseanna gairmiúla atá ar fáil ansin.

I measc na seisiún beo, beidh seisiúin eolais faoin Seomra Tionóil, croí Pharlaimint na hEorpa, an áit a mbíonn na díospóireachtaí agus na vótaí is tábhachtaí.

Tabharfar léargas ar shaol an aistritheora agus an ateangaire atá ag obair sa bParlaimint, a éascaíonn an obair a chur i gcrích i 24 teanga. Déanfar cur síos chomh maith ar a bhfuil i gceist le seal oiliúna aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa agus conas iarratas a dhéanamh, agus beidh deis cloisteáil ó iar-oiliúnaithe faoina dtaithí sa Pharlaimint.

Dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin TD, go molann sí do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn ollscoile freastal ar an ócáid fhíorúil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Aontas Eorpach.

“Tá éagsúlacht teanga agus chultúrtha ag croílár an Aontais Eorpaigh,” arsa an tAire Martin. “Tabharfaidh Lá an Ilteangachais deis dúinn an éagsúlacht sin a fheiceáil.”

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, “Cinntíonn obair na n-aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge san AE gur féidir le saoránaigh obair a n-ionadaithe tofa a leanúint. Is deis iontach í seo freisin do Ghaeilgeoirí a bhfuil suim acu i saol gairmiúil in institiúidí an AE, ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha agus ilteangach atá forásach agus spreagúil.”]

Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a fháil ar Lá an Ilteangachais 2020 anseo.

Fág freagra ar '‘Tugaigí cuairt ar Pharlaimint na hEorpa ar Lá an Ilteangachais,’ a deir Airí na Gaeltachta'