Tubaiste faisin i gcathair na Naomh

Céard a cheapfadh Naomh Caoimhín dá bhfeicfeadh sé Gleann Dá Loch sa lá atá inniu ann?

IMG_6699

Agus mé in Éirinn le gairid, thug cara liom go Gleann Dá Loch mé, cathair na manach i sléibhte Chill Mhantáin. Domhnach meirbh i lár an Fhómhair a bhí ann agus bhí an áit dubh le daoine. Nó gealghorm le daoine, seans. Éadaí gáifeacha spóirt a bhí á gcaitheamh ag mórchuid na mílte cuairteoirí lae, a bhfeisteas curtha in oiriúint dá chéile ag roinnt mhaith lánúineacha.

Teanga rúndiamhrach éigin as oirthear na hEorpa a bhí á labhairt ag an mbeirt sa ghrianghraf thuas. Ar Moldávais a bhí ann? Cá bhfios. Pé scéal é, níorbh é béarlagair na beirte seo an t-aon teanga iasachta amháin a bhí le cloisteáil sa Ghleann ársa an Domhnach seo.

Timpeall orainn, bhí an saol mór ag spalpadh Polainnise, Portaingéilise, Rúisise agus Sínise. Bhí dornán de shliocht na hÉireann ann, ach ba mhó i bhfad líon na nÉireannach nua: tógálaithe ón Liotuáin agus freastalaithe siopa ón bPolainn ar a dteitheadh ón gcathair ar a lá saor.

‘Meastú céard a cheapfadh Naomh Caoimhín agus na manaigh eile a thóg mainistir Ghleann Dá Loch dá bhfeicfidís an áit inniu?’ a d’fhiafraigh mé de mo chara. Ní raibh freagra aici, ná agam féin ag an am, ach smaoinigh mé ar an gceist ar feadh i bhfad. Ar ais sa bhaile, agus mé ag breathnú ar na grianghraif a thóg mé an lá sin, rith tuairim liom.

Seachas gile na gcultacha spóirt (a dhallfadh súile spíonta ag síorpheannaireacht), ní dóigh liom go gcuirfeadh Gleann Dá Loch an lae inniu mórán iontais ar mhanaigh na séú haoise. Nár chuid de shaol idirnáisiúnta iad na manaigh chéanna? Nár bhunaigh a leithéidí féin gréasán mainistreacha fud fad na hEorpa?

Gaeilge teanga an teallaigh i nGleann Dá Loch na linne sin ach bhí an Laidin agus cá bhfios cén méad teangacha eile ar a dtoil nó ar eolas ag Caoimhín agus a chairde – Breatnais, Lochlainnis, Gréigis, smeadráil Shacs-Bhéarla, seans.

Is mór idir fallaing mhanaigh agus culaith stráiciúil spóirt a deir tú. Is ea, ní ionad léinn atá i nGleann Dá Loch a thuilleadh ach ionad turasóireachta. Ach sa deireadh thiar thall, nach é an rud céanna a mheall Caoimhín agus a chairde go dtí an áit bheannaithe seo agus a mheallann cuairteoirí lae na linne seo?

Fiú agus an Gleann ag cur thar maoil le daoine, braitheann duine suaimhneas agus síocháin idir mullaigh na gcnoc ann. Tearmann nádúrtha a bhí san áit riamh, fiú sular leag Caoimhín bunchloch a mhainistreach. Áit chúng í mar ghleann, ach tá fairsinge ann do chách.