Tubaiste ar an mBaile Meánach agus 1,200 post i mbaol

Tamall gearr ó shin dúirt Boris Johnson i dTeach na Parlaiminte go ndéanfadh sé gach arbh fhéidir leis chun tacú le Wrightbus

Tubaiste ar an mBaile Meánach agus 1,200 post i mbaol

Ba thruamhéalach an radharc é. Ní hé Teach na dTeachtaí in Westminster atá i gceist agam, cé go raibh sé sin truamhéalach gan dabht, agus masmasach. Nead easóg in ionad tionól a ghabhfadh i ngleic le géarchéim bhunreachtúil ar mhaithe leis an bpobal. Agus d’ainneoin na fianaise go bhfuil imeaglú coitianta, Príomh-Aire ag rá gur raiméis ab ea imní na mbanfheisirí faoina sábháilteacht.

Tá baint ag an bPríomh-Aire sin, Boris Johnson, leis an ábhar atá faoi chaibidil agam – an 1,200 post atá i mbaol in Wrightbus ar an mBaile Meánach i gContae Aontroma, an déantóir busanna deiridh san Ríocht Aontaithe. Táthar ag éileamh ar an bPríomh-Aire an comhlacht a rinne an ‘Boris bus’ mar a tugadh air a tharrtháil.

Bhí Wrightbus i mbarr a mhaitheasa nuair a cheannaigh Johnson, agus é ina Mhéara ar Londain flít busanna dhá urlár mar phríomhbhus na cathrach; bus nuálach ab ea é a raibh astaíochtaí ísle uaidh. Thug Johnson cuairt ar an mhonarcha an t-am sin agus d’fhill sé arís le linn fheachtas an reifrinn faoin mBreatimeacht – bhí baint ag úinéir leis an bhfeachtas.

Tamall gearr ó shin dúirt Boris Johnson i dTeach na Parlaiminte go ndéanfadh sé gach arbh fhéidir leis chun tacú le Wrightbus. Anois, tá na ceardchumainn ag éileamh beart de réir a bhriathair ar an bPríomh-Aire.

Buille tubaisteach do na hoibrithe ab ea an fógra Dé Céadaoin go raibh riarthóirí ceaptha ar Wrightbus. Na céadta den lucht oibre ag siúl amach lena gcuid giuirléidí, na deora ar roinnt, agus fearg ar dhaoine eile. Dúradh go raibh na húinéirí croíbhriste – an comhlacht ann le trí scór go leith bliain.

Bhí a fhios le ráithe go raibh Wrightbus i dtrioblóid, an bhainistíocht sa tóir ar infheistíocht nó ceannaitheoir. Maíodh go dtí an tseachtain seo caite go raibh margadh le ceannaitheoir indéanta ach theip ar chainteanna. Mura n-éiríonn leis an riarthóir ceannaitheoir a fháil aireofar éifeacht na tubaiste ar thuaisceart Aontroma go sonrach agus ar eacnamaíocht an Tuaiscirt fré chéile.

Ní hiad an 1,200 oibrí a fuair fógra iomarcaíochta Dé Céadaoin an t-aon bhuíon atá i mbaol dífhostaíochta. Áirítear go bhfuil 1,700 post sa slabhra soláthair i gcontúirt. Iad sin sa mhullach ar na postanna ar fad a cailleadh nuair a dhún JTI, Gallahers agus Michelin sa cheantar, tá dianchruatan á thuar.

Níl sé soiléir go fóill conas a tharla teip thubaisteach an chomhlachta. Tá laghdú ar an éileamh agus chuir an titim ar luach steirling as dó. Ach tá cor neamhchoitianta amháin ag baint leis. Críostaí an-tiomanta is ea an ceannaire reatha Pastor Jeff Wright a tháinig i gcomharbacht ar a athair agus a sheanathair. Sa bhliain 2017 nuair a bhí cailliúint £1.7 milliún roimh cháin ag Wrightbus, thug Pastor Jeff £4 mhilliún d’eaglais agus do charthanachtaí soiscéalacha.

Tá cuid mhór de na daoine atá díomhaoin inniu ar buile faoi sin ach is scairshealbhór sa chomhlacht í an eaglais atá tógtha ar thalamh an chomhlachta. Ní léir an raibh baint ag na cúinsí neamhghnácha sin le cinneadh na ngrúpaí a bhí i gcomhráite leo nárbh fhiú Wrightbus a cheannach. Arb é an praghas amháin a chuir beaguchtach orthu nó ar mheas siad nach raibh biseach i ndán don ghnó.

Cibé, tá suas le 3,000 oibrí sa limistéar an-bhuartha anois agus ceisteanna go leor á gcur faoina bhfuil i ndán dóibh. I bhfianaise na dtrioblóidí ar fad atá san earnáil déantúsaíochta tá údar imní ag na húdaráis faoin mbuille seo agus na ciallachais thromchúiseacha atá aige do ghnáthdhaoine agus don eacnamaíocht.

Fág freagra ar 'Tubaiste ar an mBaile Meánach agus 1,200 post i mbaol'

  • Seán Mag Leannáin

    “Nead easóg in ionad tionól a ghabhfadh i ngleic le géarchéim bhunreachtúil ar mhaithe leis an bpobal.” Bíonn an fhírinne searbh agus insíonn Póilín é gan fiacail a chur ann.