Tuairiscí na nGardaí in Uachtar Thíre an chéad iarracht ar shaothar ficsin a scríobh a rinne John McGahern

Is ábhar machnaimh nó b’fhéidir ábhar iontais go raibh McGahern in ann teacht tríd an saol cruálach a bhí aige mar ghasúr

Tuairiscí na nGardaí in Uachtar Thíre an chéad iarracht ar shaothar ficsin a scríobh a rinne John McGahern

Níor tharla aon rud drámatúil i saol an scríbhneora John McGahern, shílfeá, ar an gcéad amharc.

‘The life where nothing happens is the most precious life.’ Sin é a dúirt sé féin sa scannán John McGahern- A Private World a rinne Harvest Films do RTÉ in 2005.

Tá cuma an fheirmeora bhig air sa scannán agus é ag siúl thart ina chóta mór i gcontae Liatroma, a chontae dúchais.

Cé go n-áirítear é ar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre anois, níor chaill sé riamh an ceangal sin leis an talamh, lena mhuintir agus le saol laethúil na bhfeirmeoirí agus an ghnáthphobal i Liatroim. Ba é an saol sin agus na daoine a mhair sa dúthaigh sin a chothaigh a chuid scríbhneoireachta.

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn tar éis na mblianta ar deoraíocht i Sasana, tháinig sé abhaile go contae Liatroma agus cheannaigh sé feilm bheag, áit a raibh sé in ann coinneáil air ag scríobh agus beagán feilméarachta a dhéanamh ag an am céanna.

Agus mé ar cuairt le gairid ar Uachtar Thíre, ar a dtugtar Cootehall i mBéarla, thuig mé an luí a bhí aige lena áit dúchais.

Is ansin atá an bheairic cháiliúil atá mar chúlra dá úrscéal The Barracks. Le tamall anois tá sé oscailte don phobal agus músaem ann in ómós don scríbhneoir cáiliúil. Is ann a fhoghlaimíonn an cuairteoir faoina shaol mar ghasúr, ag obair ar an bportach, ag dul ar scoil agus ag cabhrú lena mháthair, bean a raibh lán an tí de pháistí aici.

Bhí a athair ina sháirsint sa mbeairic – i gceannas ar chuile shórt agus é na chónaí ann. Thugadh sé ‘cuairt’ ar an gclann i mBéal an Átha Móir agus thagadh na páistí isteach chuige sa mbeairic le linn laethanta saoire.

Múinteoir a bhí i máthair John McGahern agus shílfeá ón méid sin go raibh saol réasúnta socair acu – múinteoir agus sáirsint sna gardaí, nach raibh sé sin maith go leor?

Ach bhí saol crua truamhéileach ag an gclann. Fear cruálach teasaí ab ea an t-athair.

Chuireadh sé na páistí amach ag obair ar an bportach toisc go raibh conradh aige féin le móin a sholáthar do na mná rialta i Mainistir na Búille. Tharraingíodh sé amach as an scoil iad leis an obair sin a dhéanamh.

Faoin am go raibh sé réidh le dul ar scoil dara leibhéal bhí McGahern tar éis freastal ar sheacht gcinn de bhunscoileanna éagsúla. Ach an buille ba mheasa a bhuail é agus é ina lead óg ná go bhfuair a mháthair, a raibh cion mór aige uirthi, bás agus gan é ach naoi mbliana d’aois.

Ag an am sin, bhí sí tar éis seachtar páistí a thabhairt ar an saol agus John ar an duine ba shine díobh. Seachtar in imeacht na naoi mbliana sin.

Agus í ag fáil bháis, thóg an t-athair an chlann uilig amach as an teach a raibh cónaí orthu lena máthair i mBéal an Átha Móir agus thug isteach sa mbeairic iad.

D’fhág sé a bhean chéile, gan a cuid páistí ná fiú troscán an tí. D’fhág sé faoina muintir féin aire a thabhairt di.

Nuair a fuair sí bás, tháinig glaoch gutháin go dtí an bheairic, tháinig an t-athair isteach sa ‘day room’ agus d’fhógair go raibh ‘máthair na bpáistí marbh, go ndéana Dia trócaire uirthi’ agus b’in sin. Níor tugadh cead do na páistí freastal ar an tsochraid.

Agus duine ag siúl thart ar na seomraí éagsúla sa mhúsaem agus ag breathnú ar na hiarsmaí den ré sin, ba dheacair a shamhlú go ndéanfadh páiste aon mhaith ann.

Tá póstaer de na rialacha a bhain le saol an gharda crochta ar an mballa.

Chaitheadh garda fanacht thar oíche sa mbeairic – amanta ar leaba éadrom campála.

Ní hé gach páiste a d’fheicfeadh an áilleacht timpeall air san áit fhuar, dhorcha sin – an abhainn ag bun an ghairdín, an portach, an loch, an tírdhreach agus an fiadhúlra thart air.

Níl aon amhras ach gur chaith an t-athair go dona leis – tá fianaise láidir ina chuid scríbhinní go raibh mí-úsáid ghnéis i gceist freisin.

Ach i bhfocail an údair féin sa scannán, a bhfuil cuid de ar taispeáint sa mhúsaem, ba mhinic eisean ag cabhrú leis na gardaí agus iad ag scríobh a gcuid tuairiscí. ‘Patrols of the imagination’ a thug sé ar na patróil ar scríobh sé cuntas orthu. An chéad iarracht aige ar shaothar ficsin, a bhí i dtuairiscí na ngardaí in Uachtar Thíre, a dúirt sé.

‘Roads where nothing happened, where the phone never rang’ an cur síos a rinne sé ar cheantar na beairice.

Is ábhar machnaimh, nó b’fhéidir ábhar iontais go raibh McGahern in ann teacht tríd an saol cruálach a chaith sé mar ghasúr sa mbeairic sin agus gur éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh ina cuid oideachais agus ina dhiaidh mar scríbhneoir.

D’úsáid sé gach ar tharla dó féin mar ábhar cruthaitheach ina chuid leabhar. Agus go dtí an lá ar scríobh sé a leabhar deireanach, bhí sé ag úsáid carachtair agus tírdhreach a chontae dúchais mar ábhar ina chuid scéalta.

Mar a dúirt Tom Inglis, a scríobh an leabhrán beag eolais atá ar díol sa mhúsaem agus i siopaí eile, scríobh McGahern faoi na daoine a raibh mioneolas aige fúthu – ach tharlódh gur faoi phobal tuaithe ar bith, aon áit ar domhan, a bhí sé ag scríobh.

Ní hamháin nach bhfuair McGahern an t-aitheantas sa tír seo mar scríbhneoir tábhachtach na linne nuair a foilsíodh a chuid leabhar ach chaill sé a phost mar mhúinteoir agus é ina fhear óg.

Fuair sé ardmholadh idirnáisiúnta as ucht an chéad leabhair The Barracks agus bronnadh gradam McAuley air. Coinníoll amháin a bhain leis an duais sin ná go gcaithfeadh sé am thar lear. Chuaigh sé go Londain, (ar shaoire shealadach óna phost) áit ar scríobh sé The Dark.

Cuireadh cosc ar an leabhar sa tír seo agus briseadh as a phost múinteoireachta é ar ordú ón Ardeaspag i mBaile Átha Cliath. Bhí rud eile ina choinne freisin – bhí sé tar éis bean a raibh colscaradh faighte aici a phósadh i Londain – in Oifig Chlárúcháin.

Chuala mé go bhfuil portráidí beirt scríbhneoirí a d’fhreastail ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach ar crochadh taobh lena chéile sa choláiste sin (ar cuid de DCU anois

é.) Briseadh an bheirt acu as a gcuid post mar mhúinteoirí scoile ar chúiseanna éagsúla, i rith an chéid seo caite.

Is iad an bheirt sin – John McGahern agus Máirtín Ó Cadhain.

Más suim le héinne cuairt a thabhairt ar John McGahern Barracks, ní mór áirithint a dhéanamh ar líne ag info@mcgahernbarracks.ie nó glaoch ar 087 9588734. Dream áitiúil a choinníonn ag imeacht an músaem le hobair dheonach.

Fág freagra ar 'Tuairiscí na nGardaí in Uachtar Thíre an chéad iarracht ar shaothar ficsin a scríobh a rinne John McGahern'

  • Seósamh Ó Cléirigh

    Cosúil le go leor daoine óga eile ag an ama sin, ba é an rud a shábháil McGahern, ná na comharsana.

    Go háirithe, na Maroneys. ‘feirmeoirí uaisle’ agus Protastúnach a bhí siad, agus bhí leabharlann fairsing sa teach.

    Thug siad saorúsáid don leabharlann do McGahern. Gach seachtain, nó mar sin, gheobhadh sé 5 nó 6 leabhar ar iasacht – leabhair mar iad siúd le Dickens, Scott, Shakespeare agus a leithéid.

    Fuair ​​McGahern an-sult as na leabhair sin, agus sílim gurb é seo a chuir ar a bhealach é chun bheith ina scríbhneoir.

    Mar a dúirt Hillary Clinton “It takes a Village”.