TUAIRISC ÓN nGEARMÁIN: Scéalta pháistí Bergen-Belsen tugtha chun cuimhne arís

Thaistil 50 duine a tháinig slán ó uafás Bergen-Belsen go dtí ócáid chomórtha ann le déanaí. Bhí ár gcolúnaí ina dteannta

TUAIRISC ÓN nGEARMÁIN: Scéalta pháistí Bergen-Belsen tugtha chun cuimhne arís

‘Chuala mé torann na dtancanna ag réabadh – is cuimhin liom fós gur dhúisigh mé agus an torann sin in mo chluasa.’ Bhí an tseanbhean i ngreim docht i lámh an tsaighdiúra agus í ag cuimhneamh siar ar eachtraí stairiúla Aibreán 1945, nuair a saoradh campa géibhinn Bergen-Belsen.

Bhí Esther Weiszfeiler-Goldman 11 bliain agus í ina príosúnach sa champa, nuair a chuala sí torann thancanna Arm na Breataine agus iad tagtha chun na príosúnaigh a scaoileadh amach.  Dé Domhnaigh seo caite, 77 bliain ina dhiaidh sin, thapaigh sí a deis buíochas a ghabháil leis an oifigeach Sasanach a d’fhreastail ar an ócáid.  

Esther Weiszfeiler-Goldman

In 2020 bhí an ócáid chomórtha ceaptha a bheith ann – 75 bliain tar éis na n-eachtraí sin. Ach tháinig an phaindéim salach ar chúrsaí agus cuireadh siar é go dtí 2022. Bhí muide i láthair in éindí lenár gcara Tomi Reichental a saoradh an lá sin i 1945. Tá Tomi 87 bliain anois agus bhí seisean naoi mbliana nuair a tháinig deireadh lena thréimhse i ngéibheann. In éindí leis sa phríosún bhí a dheartháir Miki (fós beo agus é 90 bliain d’aois) agus a chol ceathrar Chava a bhásaigh tamall de bhlianta ó shin. Cé gur tháinig baill dá chlann slán ón Uileloscadh maraíodh 35 duine muinteartha leis lena linn.

Louk ag caint le Tomi agus a bhean Joyce

Thaistil 50 duine a tháinig slán ó uafás Bhergen-Belsen go dtí an ócáid a reáchtáil an ‘Bergen-Belsen Memorial.’ Mheas duine den lucht eagraithe ar labhair mé léi faoi, go raibh os cionn 100 marthanóir ann an uair dheireanach – gach cúig bhliana a dhéanann siad é. Ach bhí na céadta a tháinig slán i láthair 15 bliain ó shin nuair a rinne Gerry Gregg a chéad scannán le Tomi do RTÉ, Till the Tenth Generation.

Dream iad sin anois atá ag dul amach sna blianta, agus páistí a bhí iontu ar fad nuair a gabhadh iad. Labhair mé le roinnt acu ag an ócáid agus bhí cuimhne mhaith acu ar bhlianta an chogaidh agus ar an tréimhse sa champa.

Tá sé deacair gan iad a shamhlú agus iad ina bpáistí óga ag fanacht ag stáisiún traenach, brúite isteach i gcarráistí gan bia gan deoch, caite isteach i gcampaí uafáis, scartha óna muintir, roghnaithe le cur chun báis – toisc gur measadh gur ‘naimhde’ a bhí iontu, go raibh contúirt ag baint leo.

Seo cuid dá gcuid scéalta.

‘Tháinig muid mar dheartháireacha ach d’fhág muid mar chúpla,’ a dúirt Max a bhí ar comhaois le Tomi. Bhí sé ag trácht air féin agus a dheartháir Léon Placek. Bhí an bheirt acu i láthair don ócáid agus bhí Max in aice liom sa mbus. Chuala muid go rabhadar ina gcónaí i bPáras nuair a tógadh iad. Caitheadh isteach i gcampa Drancy i bPáras iad go dtí gur aistríodh iad go Bergen-Belsen. Duine a bhí i bhfeighil an bhloc árasán a rabhadar ina gcónaí ann a sceith gur Giúdaigh a bhí iontu.

Bhásaigh an mháthair i mBergen-Belsen. I rith an ama a raibh an bheirt leaidíní óga i gcampa uafáis Bhergen-Belsen, ní raibh  an t-athair ach 30 ciliméadar uathu i gcampa  do shaighdiúirí gafa. Gabhadh eisean i 1940 agus é in Arm na Fraince, nuair a thit an Fhrainc.

‘Ní tusa mo mhac!’ a dúirt a mháthair leis nuair a scaoileadh leaidín óg eile, Louk (as an Ísiltír) saor ó ghéibheann ag aois a chúig bliana. Bhí an-drochbhail air féin agus a dheartháir. Ní aithneodh sí gurbh é Louk a bhí ann go dtí gur thaispeáin sé seanchréacht ar a chos di a fuair sé nuair a shiúil sé ar ghloine bhriste agus é ina leanbh.

Mhaígh na Naitsithe gur dílleachtaí a bhí sna páistí ar fad a gabhadh in éineacht le Louk agus a dheartháir. Phacáil siad isteach i gcarráiste traenach iad lena gcur go Auschwitz, áit a gcuirfí chun báis iad. Ach bhuamáil na Rúisigh an líne thraenach agus cuireadh go Bergen-Belsen iad ina ionad sin.

Bhí sé fós ina ghasúirín nuair a gabhadh é. ‘Is poll mór dubh i mo chuimhne é Bergen-Belsen,’ a dúirt Louk linn, cé gur cuimhin leis gach ar tharla ina dhiaidh sin. Chuir sé an-fháilte roimh ár gcara Tomi nuair a chonaic sé é.

Cé nach bhfaca Tomi an cailín óg Anne Frank nuair a bhíodar beirt i ngéibheann, cheap sé nach raibh an campa ina raibh Anne agus a deirfiúr Margot i bhfad ón áit ina raibh seisean. Chuala sé daoine ag trácht ar ‘mhuintir na hÍsiltíre’ go minic.

Larissa-Marie Lömpel

Go tráthúil, bhí an-suim ag Larissa-Marie Lömpel, ár dtreoraí, sa scéal céanna. Agus tá nasc suimiúil aici le scéal Anne Frank. Is treoraí san Ionad Cuimhneacháin i mBergen-Belsen í Larissa agus chaith sí tamall ag staidéar i dteach Anne Frank in Amsterdam. Agus í ansin, thóg sí roinnt pictiúr a chuir sí ar Instagram. Thaitin na pictiúir le bean óg eile agus thosaigh siad ag déanamh teagmháil lena chéile.

Thaispeáin an bhean óg eile na pictiúir dá seanmháthair Hannah, agus thaitin siad léi sin freisin. Ansin fuair Larissa amach gur cara le Anne Frank a bhí in Hannah (ón uair a bhíodar beirt sa ‘kindergarten’ le chéile) agus tá sí sna nóchaidí anois. Thosaíodar ag scríobh ag a chéile.

Thug Larissa isteach san Ionad mé – ní thugann siad músaem air- agus thaispeáin sí an píosa scannáin truamhéalach dhom ina n-insíonn an bhean chéanna Hannah Pick-Goslar, faoin gcairdeas a bhí idir í féin agus Anne Frank. Nuair a bhíodar beirt i mBergen-Belsen, bhíothas ag caitheamh níos fearr le muintir Hannah toisc go raibh seans ag na Naitsithe iad a mhalartú le príosúnaigh Ghearmánacha.

Hannah Pick-Goslar

Bhí teacht acu ar bhia ón gCros Dhearg, mar shampla. Lá amháin d’éirigh le Hannah beartán beag de bhia agus stocaí a chaitheamh thar claí ag Anne. Ansin chuala sí í ag caoineadh. Cad a tharla? ‘Tháinig duine eile romham agus sciobadar uaim é,’ a dúirt sí.

Meastar gurb é an galar tífeas a bhuail na cailíní ar deireadh. Bhásaigh a deirfiúr Margot, gan a fhios ag ceachtar acu go raibh a n-athair Otto Frank, fós ina bheatha.

Agus mé ag breathnú timpeall ar na marthanóirí ar fad a bhí i láthair, 50 díobh agus iad ag dul amach sna blianta, d’fhiafraigh mé díom féin cé mhéad uair eile a mbeidís in ann an turas sin a dhéanamh? Ó Éirinn, ó na Stáit Aontaithe, ó thíortha eile na hEorpa – bhí cúpla lá deacair acu agus na cuimhní fós géar.

‘Is maith liomsa an obair seo,’ a dúirt Larissa. ‘Seo mo bhealachsa le domhan níos fearr a chruthú.’ Beidh an bhean óg Ghearmánach seo i mbun tionscadail ar Anne Frank an bhliain seo chugainn.

Fuair Anne Frank bás i gcampa géibhinn Bergen-Belsen roinnt seachtainí sular chuala Esther torann na dtancanna.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN nGEARMÁIN: Scéalta pháistí Bergen-Belsen tugtha chun cuimhne arís'

  • JP

    Tá an Úcráin lán le Naitsithe, dar le Putin. Ergo, is brúideanna bagracha, contúirteacha, neamaitheacha iad a chaithfear a chloí agus a scrios. Is leis an meon sin a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin. Ach cérbh iad na Naitsithe sin dá dtagraítear thuas? Dream foréigneach faisisteach ar éirigh leo forlámhas a ghabháil ar an gcumhacht pholaitiúil agus a bhí sásta géarleanúint go bás a imirt ar na milliúin mar gheall ar aon rud amháin; toisc gur Giúdaigh ab ea iad. Ba leor sin chun iad a loscadh ina mbeatha, chun iad a lamhach, chun droch-íde agus bascadh agus ciceáil gan trócaire a thabhairt orthu. Chun iad a stiúgadh le hocras. ‘Lebensunwertes’ an lipéad a stampáladh orthu. Bhí na milliúin sibhialtach agus státseirbhíseach -‘gnáthdhaoine’- i gcomhpháirtíocht leis na Naitsithe d’fhonn is go bhféadfaí an ‘réiteach críochnaitheach’, mar a tugadh ar an Uileloscadh, a bhaint amach. Ní éireodh leis an gcinseal barbartha a gcuspóir a chur i gcrích muna mbeadh an chabhair sin le fáil acu. Cén chaoi ar féidir fuath chomh mór sin a mhealladh ó dhaoine, fuath a thugann orthu gluaiseacht le chéile ina milliúnta, bonn araon, i bhfíoch fola? Cad a thugann orthu daonnacht an duine ‘eile’ a chealú agus a bhrú faoi chois? Smionagar agus sciodar a dhéanamh de? Tá an Naitsíochas inár measc i gcónaí, agus tá sé folaithe istigh i gcroí an uile dhuine againn. Ní gá ach an lipéad ‘ceart’ a aimsiú.

  • Art

    Alt iontach agus trácht iontach ó JP. Ba chóir duit fhéin a bheith ag scríobh altanna freisin JP. Is masla do na daoine a d’fhulaing ag lámha na Naitsíoch an mhí úsáid a bhaineann Putin as an lipéad.