TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Baol go bhfaighidh teangacha agus traidisiúin na mbundúchasach bás de bharr Covid-19

Cailliúint ollmhór is ea bás seanóirí ó Covid-19 i bpobail bheaga atá ag brath nach mór go hiomlán ar an traidisiún béil.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Baol go bhfaighidh teangacha agus traidisiúin na mbundúchasach bás de bharr Covid-19

Agus an t-alt seo á léamh agat, tá breis agus 70,000 duine sa Bhrasaíl tar éis bás a fháil ó Covid-19.

Sin níos mó daoine ná líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Bundúchasaigh ba ea iad 502 acu siúd a fuair bás ón ngalar go dtí seo sa Bhrasaíl, de réir na heagraíochta bundúchasaí APIB.

Tá figiúirí an rialtais níos lú: 209 líon na mbásanna a thuairiscítear ar shuíomh eagras sláinte an rialtais do na pobail bhundúchasacha SESAI.

Ceart go leor, cuma cén fhoinse a gcuirfeá muinín inti, bundúchasaigh ba ea iad níos lú ná 1 faoin gcéad d’iomlán na ndaoine a fuair bás ó Covid-19 sa Bhrasaíl go dtí seo.

Ach ós rud é go bhfuil cuid de na pobail bhundúchasacha an-bheag go deo, tá tionchar na ráige ar na pobail sin i bhfad níos tromchúisí.

Tá baol dáiríre ann go bhfaighidh teangacha agus traidisiúin ársa bás.

An mhí seo caite, fuair Higino Tuyuka, ceannaire an phobail Tuyuka, a bhfuil cónaí orthu in iarthuaisceart na Brasaíle, gar do theorainn na Colóime, bás ó Covid-19. Bhí sé 65 bliain d’aois. Ba é a mhúineadh a dteanga dhúchais d’aos óg an phobail, nach bhfuil ach 815 duine ann. Ní hamháin sin, ach mhúineadh sé ceirdeanna traidisiúnta agus stair na treibhe dóibh: cailliúint ollmhór do phobal atá ag brath nach mór go hiomlán ar an traidisiún béil.

“Is iad na daoine aosta is mó atá i mbaol [ó Covid-19],” a mhíníonn an t-antraipeolaí Aloisio Cabalzar, a oibríonn sa cheantar ina bhfuil cónaí ar an bpobal Tuyuka, in agallamh leis an suíomh nuachta G1. “Agus sin é go díreach atá ag tarlú: tá eolas agus gaois á chailleadh againn.”

Labhraítear os cionn 200 teanga bhundúchasach sa Bhrasaíl go fóill, ach i mórchuid cásanna tá líon na gcainteoirí fíorbheag go deo.

“Tá an baol ann go gcaillfear teangacha ina n-iomláine,” a deir an ceannaire agus gníomhaí cearta daonna bundúchasach Sônia Guajajara as stát Maranhão, in oirthuaisceart na Brasaíle, leis an suíomh nuachta G1.

Tá an baol ann, leis, a deir sí, go dtolgfaidh pobail bhundúchasacha nach bhfuil teagmháil acu leis an gcuid eile den saol an galar. “Ós rud é nach bhfuil cead teagmháil a dhéanamh leo, níl a fhios againn an bhfuil an galar tolgtha ag na pobail sin. Ach tá a fhios againn go bhfuil ionróirí an-ghar dóibh.”

Rinne galair a thug muintir na hEorpa leo nuair a rinne siad ionradh ar Mheiriceá Theas agus Thuaidh breis agus cúig chéad bliain ó shin slad ar phobail bhundúchasacha an dá mhór-roinn sin. Measann staraithe gur tháinig laghdú 130 milliún duine – nó idir 90 agus 95 faoin gcéad – ar dhaonra na mbundúchasach i Meiriceá Theas agus Thuaidh idir 1491 agus 1691.

Galair thógálacha ar nós na bruitíní, an chalair agus na bolgaí ba chúis le cuid mhór den slad.

Má chabhraigh an iargúltacht leis na pobail bhundúchasacha a tháinig slán a gcuid teangacha agus traidisiún a chaomhnú, baol ar leith is ea an iargúltacht chéanna in aois seo an choróinvíris.

Tá cónaí ar mhórchuid na mbundúchasach i bhfad ó ospidéil, ó leapacha dianchúraim agus ó análaitheoirí.

Cuireadh reachtaíocht i bhfeidhm sa Bhrasaíl an tseachtain seo caite a aithníonn pobail bhundúchasacha na tíre go hoifigiúil mar ghrúpa atá i mbaol go mór ón ngalar Covid-19, ach chros an tUachtarán Jair Bolsonaro míreanna éagsúla den reachtaíocht – ina measc sin, míreanna a chuirfeadh dualgas ar an rialtas uisce glan agus earraí sláinteachais a sholáthar saor in aisce do na pobail bhundúchasacha, go gcuirfí breis leapacha dianchúraim ar fáil, agus go n-éascófaí rochtain na bpobal dúchasach ar an liúntas éigeandála atá á chur ar fáil dóibh siúd sa Bhrasaíl nach bhfuil ar a gcumas dul ag obair fad is a mhaireann ráig an choróinvíris.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Baol go bhfaighidh teangacha agus traidisiúin na mbundúchasach bás de bharr Covid-19'