TUAIRISC ÓN IODÁIL: ‘Bunga Bunga’ ar an mbealach ar ais agus fáilte curtha roimhe…

Tá ceist na hinimirce go mór sa treis sa toghchán a bheidh ar siúl san Iodáil Dé Domhnaigh, mar a fuair ár gcomhfhreagraí amach sa Veinéis

TUAIRISC ÓN IODÁIL: ‘Bunga Bunga’ ar an mbealach ar ais agus fáilte curtha roimhe…

‘Má éiríonn le Berlusconi sa toghchán beidh sé go maith dúinne,’ a dúirt Andrea, fear gnó i Veinéis na hIodáile an lá cheana.

‘Berlusconi?’ a d’fhiafraigh mé, ‘ach nach raibh sé luaite le caimiléireacht, le drochiompar, le himeachtaí ‘bunga bunga’?

‘Sea,’ a dúirt Andrea. ‘Is fíor sin, ach tá go leor tacaíochta aige. Agus níl na huimhreacha ag na páirtithe eile- gheobhaidh Bepe Grillo agus ‘Cúig Réalt’ go leor vótaí ach ní mian leo dul isteach i gComhrialtas.’

Cathair ar leith í An Veinéis, ‘Seoid Mhuir Aidriad’, agus ar bhealach is domhan beag í ar mhúnla na hIodáile féin. Ar nós mhuintir na tíre uile, tá an pobal ag dul in aois. Lár na ndaichidí an mheánaois, tá faitíos ar dhaoine faoin bpinsean, faoi inimircigh, faoi chiorruithe ar an gcaiteachas poiblí.

Agus tá daoine óga ag imeacht chun cur fúthu in áiteacha eile, áiteacha ina bhfuil an costas maireachtála níos ísle agus seans acu post a fháil ann.

Ar nós áiteacha níos gaire do bhaile, tá muintir na hIodáile tinn tuirseach de na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm chun bonn níos sláintiúla a chur faoin eacnamaíocht náisiúnta. Deir Andrea liom nach n-íocfar an pinsean Stáit anois le daoine go mbeidh said 77 nó 78 bliain d’aois.

Agus nuair a chuimhníonn tú an mheánaois an phobail, tuigeann tú cén fáth a bhfáilteofaí ar ais roimh leithéidí Berlusconi, fear a gheall go n-ardódh sé an pinsean go €1,000 sa mhí.

‘Bheadh sé go maith do chúrsaí san Veinéis,’ a dúirt Andrea. ‘Ní chabhraíonn an Rialtas láir linne ar chor ar bith.’

Bainisteoir óstáin é Andrea. Tá sé ansin le cúig bliana déag ach ní leis féin é – is le teaghlach as An Veinéis é le 50 bliain anuas. Tá rath, más féidir ‘rath’ a thabhairt air, ar chúrsaí turasóireachta sa gcathair oileánda cháiliúil seo. 25 milliún cuairteoir sa mbliain a thagann anseo. Bíonn ar gach cuairteoir trí euro breise an duine a íoc in airgead tirim in aghaidh gach oíche a chaitheann siad anseo. Téann an t-airgead seo ar ‘cháin’ ach thuig mé ó Andrea nach bhfanann an t-airgead ar fad sa chathair.

Cathair í seo a shlogann airgead. Deirtear go bhfuil na foirgnimh mhaorga mheánaoiseacha á slogadh ag an uisce beagán ar bheagán chuile bhliain.

Ní féidir gnáthphéint ná gnáthphlástar a úsáid ar na ballaí toisc go dtosaíonn siad ag sileadh san aer tais. Cosnaíonn sé an t-uafás airgid teach nó pálás a choinneáil cóirithe agus tirim. Chuir Andrea caoi ar árasán beag anuraidh agus chosain an obair 150,000 euro air.

Ní hiontas mar sin nach bhfanann lánúnacha óga san Veinéis féin ach imíonn leo le cur fúthu ar mhórthír na hIodáile. Is breá le lucht rachmais an domhain ‘palazzo’ a cheannach anseo ach is beag duine acu sin a chónaíonn ann. Fágann seo cuma uaigneach, dhraíochtúil ar na sráideanna beaga cúnga cois na gcanálacha san oíche. An chuid is mó de na foirgnimh fágtha gan solas, gan aon bheocht.

Is cuma leis na cuairteoirí lae faoi seo- ní théann a bhformhór thar chearnóg San Marco ar imeall na Canála Móire. Sa samhradh tagann na longa móra turas mara isteach sa chuan-an ‘lagoon’ mar a thugann siad air.

Dúirt Andrea liom go mbíonn idir ocht agus deich gcinn acu sin ann gach lá agus d’fhéadfadh suas le 3,000 duine a bheith ar cheann amháin de na báid sin. Ní haon iontas é nach bhfuil mórán d’fhíormhuintir na Veinéise féin fágtha ina gcónaí sa gcathair. Deirtear go bhfuil 60,000 duine ina gcónaí ann ach ceapann Andrea go bhfuil an fíorfhigiúr níos gaire do 20,000.

Is beag a bheas Berlusconi in ann a dhéanamh faoi seo. Ach tá casaoid eile ag daoine san Iodáil agus an port céanna á sheinm i ngach tír san Eoraip anois. Aon mhíshástacht a bhíonn orthu, cuireann siad an milleán ar na hinimircigh. Ní mórán acu a chonaic mé thart ar an gcathair ach ina dhiaidh sin féin luaitear iad mar cuid den mhíshásamh.

Ar ndóigh is iad na hinimircigh a tháinig le cúpla bliain anuas a luaitear sa díospóireacht. Níl aon locht acu ar na daoine ó thíortha eile a choinníonn rothaí thionscal na turasóireachta ag dul timpeall. Orthu siúd, deirtear liom go bhfuil Éigiptigh, Albánaigh, Banglaidéisigh, Sínigh agus daoine ón Mholdóiv (‘go hiontach ag tabhairt aire do sheandaoine ina dtithe féin’).

Ní mar a shíltear a bhítear sa chathair seo.

Ag a trí a chlog ar maidin a thosaíonn an lá oibre i dteach Salvatore. Éiríonn duine acu chun dul chuig an margadh torthaí agus glasraí ar an mórthír. Turas báid ansin leis an stuif. An seastán/siopa oscailte acu ar Campo S Maria Formosa faoina sé nó leathuair tar éis. Is cuma faoin dorchadas, faoin mbáisteach, faoin sneachta, bíonn Salvatore, Angelo agus Berto ansin go dtí tar éis a hocht a chlog san oíche.

Cuireann Andrea in aithne dom iad. Tá Salvatore ag gearradh bliosáin (artichoke), an glasra is ansa le muintir na cathrach. Caithfear é a ghearradh ar bhealach áirithe do na bialanna atá thart- suas le 500 bliosán sa lá a ghearrann sé sa samhradh. Bíonn cuma na hoibre ar an triúr acu an lá ar fad- cé go ndéanann siad sealaíocht ar a chéile chun an siopa a choinneáil oscailte.

Ach is inimircigh de shaghas eile iad an chlann seo. Is as Napoli ó thús iad- cathair mhór i ndeisceart na hIodáile a luaitear go minic le bochtaineacht agus ‘fadhbanna’ an deiscirt. Dream eile iad a choinníonn na rothaí ag gluaiseacht chun an chathair agus na turasóirí a choinneáil beathaithe.

Agus muid ag caitheamh an bhéile deireanaigh i mbialann gar don óstán, d’aithin mé glór mo chomharsan ag an mbord, ar an toirt. Francesco da Mosto, fear a chuir roinnt sraitheanna teilifíse faoin Veinéis i láthair don BBC, Sky agus cainéil eile, a bhí taobh linn agus é ag imirt táiplis mhór (backgammon) lena fhoilsitheoir as Londain.

Níorbh fhada go rabhamar i mbun comhrá lena chéile. An aimsir, cúrsaí teilifíse, an cluiche féin (bhuaigh sé). Céard a cheap sé a tharlódh sa toghchán?

‘Mar gheall ar an leagan amach atá ar na páirtithe eile, ceapaim go dtiocfaidh Berlusconi ar ais,’ a dúirt sé. ‘Ach beidh sáinn pholaitiúil ann.’

Seans go mbeidh. Ach tá rud amháin cinnte, beidh Salvatore agus a chlann fós ag gearradh bliosán agus ag réiteach glasraí ó dhubh go dubh.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN IODÁIL: ‘Bunga Bunga’ ar an mbealach ar ais agus fáilte curtha roimhe…'