Trump na Fraince ag prapáil don toghchán

An bhfuil pobal na Fraince chomh bréan den chóras agus den status quo go mbeidís sásta leithéid Éric Zemmour a thoghadh? 

Trump na Fraince ag prapáil don toghchán

Trump na Fraince atá baiste air. An deireadh seachtaine seo beidh a chéad slógadh mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta sa bhFrainc ag Éric Zemmour. D’fhógair sé Dé Máirt go mbeidh sé inar iarrthóir don toghchán mar nach athrú atá ag teastáil ón bhFrainc ag an bpointe seo ach ‘tarrtháil’.

Iriseoir, údar agus tráchtaire é Zemmour atá aitheanta mar gheall ar a chuid tuairimí frithIoslamacha, frithimirce agus frith-theifeach. Tá sraith slógaí eagraithe aige i mbliana ar fud na Fraince le poiblíocht a thabhairt don saothar is déanaí aige, La France n’a pas dit son dernier mot. Tá an-tóir ar an leabhar agus na tuairimí atá léirithe inti. Díoladh 165,000 cóip den leabhar sna chéad trí seachtaine tar éis a fhoilsithe.

Tá Zemmour cúisithe roinnt babhtaí faoin reachtaíocht um ghríosú fuatha sa bhFrainc. B’éigean cosaint phearsanta a chur ar fáil dó mar thoradh ar a raibh le rá aige faoi na hionsaithe ar Charlie Hebdo in 2015  agus na hionsaithe níos déanaí an bhliain chéanna ar ionad ceoil an Bataclan agus an Stade de France. Ó shin i leith tá an Fhrainc trína chéile.

Tá staid éigeandála fós i bhfeidhm sa tír. Tá cur agus cúiteamh go leor faoi dhlíthe na tíre i leith inimirceach ach ar ndóigh sé an áit a bhfuil an buille ná go bhfuil mionlach suntasach Ioslamach ag cur fúthu sa tír – iarsma ó ré na coilíneachta i dTuaisceart na hAfraice – agus ní féidir iadsan a dhíbirt ó tharla gur sa bhFrainc a rugadh iad.

Tá Zemmour ag teacht i dtír ar an gcuid sin de phobal na Fraince nár mhaith leo a bheith á lua leis an bhFronta Náisiúnta mar a bhíodh, an Rassemblement National mar a thugtar air ó 2018. Tá tacaíocht don pháirtí sin ag tuile agus ag trá ina mhaidhmeanna ó ghlac Marine Le Pen an cheannaireacht óna hathair Jean Marie. Tá dianiarrachtaí déanta aici tabhairt le fios nach bhfuil an páirtí frithGhiúdach, frithIoslamach ná frithimirceach. Ar chúis éigin, tá glacadh níos mó leis na tuairimí sin ó pheann Zemmour. De réir na bpobalbhreitheanna faoi thoghchán na huachtaránachta go dtí seo tá tacaíocht Le Pen laghdaithe go mór mar thoradh ar Zemmour. Tá a ainm curtha san áireamh sna pobalbhreitheanna ó mhí an Mheithimh seo caite cé nár fhógair sé go hoifigiúil go dtí an tseachtain seo go raibh a ainm á chur chun cinn aige.

Léiríonn na pobalbhreitheanna céanna sin go bhféadfadh Zemmour bheith sa dara háit sa gcéad bhabhta den toghchán san Aibreán seo chugainn. Ní haon iontas go mbeadh pobal na Fraince sa tóir ar dhuine éigin nua le seasamh don Uachtaránacht. Níl mórán inár measc go raibh aon eolas againn ceithre bliana ó shin ar Emmanuel Macron ná ar a pháirtí La République en Marche. Is léir nár éirigh leis na páirtithe traidisiúnta as tír – Sóisialaigh agus Les Républicains aon téarnamh mór a dhéanamh ó shin.

Bíonn na déaga d’iarrthóirí sa gcéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Fraince. Is féidir a rá go cinnte go gcuirfidh Zemmour beocht agus gangaid sa bhfeachtas. An cheist ar ndóigh – an bhfuil pobal na Fraince chomh bréan den chóras agus den status quo go mbeidís sásta duine ag a bhfuil tuairimí mar atá aigesean a thoghadh?

Fág freagra ar 'Trump na Fraince ag prapáil don toghchán'