Truailliú feirme ag tachtadh lochanna áille Mhaigh Eo…

Tachta le giolcacha agus fásra eile atá lochanna i Maigh Eo agus ní foláir gníomh a dhéanamh sula mbeidh sé ródhéanach

Truailliú feirme ag tachtadh lochanna áille Mhaigh Eo…

Go Seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo…

Comhairle an fhile Raifeirí a bhí a leanacht ag an gclub bádóireachta ag an deireadh seachtaine. Agus níor stopamar choíche gur sheasamar thíos i lár chontae Mhaigh Eo, i gCaisleán an Bharraigh, mar a tharla.

Cé gur chaith mé cuid mhaith de laethanta m’óige sa chontae sin agus mé ar scoil i gCoillte Mach, caithfidh mé a admháil nach ndearna mé riamh mórán suntais den líon lochanna áille atá scaipthe thart sa chontae sin. Buailte orainn san áit a rabhamar ag fanacht, bhí Loch Lannagh agus ba amach ar an loch beag sin a chuamar ag céaslóireacht (padláil) leis an gclub bád dragain áitiúil, Gráinne Mhaol maidin Dé Sathairn.

Bhí an aimsir chomh deas sin, agus na radharcanna chomh tarraingteach – sea, sin Cruach Phádraig díreach amach romhainn faoin droichead – go bhfuil turas na bliana seo chugainn curtha in áirithe againn cheana féin i mbaile saoire Loch Lannagh. Lena ceart a thabhairt do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, a bhfuil a méar ar chuisle na turasóireachta acu, tá gach sórt áis agus acmhainn curtha ar fáil don té ar suim leis/léi spórt uisce, siúl, rothaíocht agus mar sin de.

Chuala sibh ar fad faoin mBealach Glas – is féidir tús a chur le bhur dturas ar an gcosán sin le taobh Loch Lannagh anois. Thóg an Chomhairle an droichead beag thar an loch agus cuireann sé sin ar chumas siúlóirí ach go háirithe, dul timpeall an locha in aon iarraidh amháin. Ach ní hamháin sin – rinneadar ceangal ansin leis an mBealach Glas, thógadar na comharthaí treo, agus anois is féidir leat siúl nó dul ar rothar an bealach ar fad go hAcaill, gan dul ar an mbóthar mór ach ar éigean.

Spreagadh mo shuim sna huiscí thart sa chuid seo den chontae. Agus nuair a thug seanchara liom cuireadh dom dul ar sciuird i ndiaidh seisiún na maidine, ghlac mé leis an gcuireadh go fonnmhar.

Níl a fhios cé na hiontais agus na háiseanna atá thart ort sa taobh seo tíre. Mura mbeadh ann ach fanacht sa gcarr agus na radharcanna a fheiceáil bheadh sásamh súl ann – Cruach Phádraig, Néifinn, Mainistir Bhaile an Tobair, An Cloigtheach i dTurlach, An Músaem Náisiúnta Seanchais, na lochanna.

Sea, na lochanna. Sin scéal eile.

Tar éis seal taitneamhach a chaitheamh ar an loch beag i gCaisleán an Bharraigh ar maidin, ní raibh mé ag súil le haon drochscéal. Cé gur thugamar ar fad faoi deara agus muid ag padláil, go raibh go leor fásra san uisce, rud a chuireann isteach ar na maidí, níor cheapamar go raibh aon chúis ar leith ag baint leis, seachas an dea-shamhradh b’fhéidir.

Ach nuair a thug mo chara comh fada le Loch Carra mé, thug mé an feiniméin seo faoi deara ar scála eile ar fad. Ar an gcéad amharc, breathnaíonn an loch go hálainn. Go háirithe agus an ghrian ag scalladh mar a bhí ar an Satharn, bhí cosúlacht an tsamhraidh air.

Nuair a thug an luibheolaí clúiteach Robert Lloyd Praeger cuairt ar Loch Carra i dtús an chéid seo caite, thug sé faoi deara an dath mistéireach, gorm glas a bhí ar an uisce ansin. ‘Pale, pellucid green’ a thug seisean ar an dath agus é i mbun staidéir ar an loch.

Is cosúil go n-eascraíonn an dath ón gcré atá thíos faoin uisce – ‘marl’ a thugtar air. Nuair a fhéachann tú go géar ar dhromchla an locha feicfidh tú an chré bhán seo faoin uisce. Tá an chré in ann rudaí áirithe a cheilt ar feadh tamaill agus sin cuid den fhadhb. Nuair a chliseann ar an gcóras nádúrtha sin, titeann gach rud as a chéile.

Le blianta anuas, tá an loch á thruailliú – eotrófú (eutrophication) a thugtar air.  Tá fás aisteach faoi na giolcacha agus plandaí eile atá in ann maireachtáil san uisce. Agus tá i bhfad an iomarca acu ann anois. Is ar éigean go bhfuil an loch féin le feiceáil in áiteanna.

Tá eolaithe áitiúla ag déanamh staidéir ar Loch Carra le blianta fada. Measann siad go bhfuil an iomarca ábhar truaillithe ag sileadh isteach sa loch – aoileach, sciodar agus ábhar cothaitheach eile- iad ar fad ag teacht ón talmhaíocht. Tá na figiúirí acu a thaispeánann an méadú ollmhór atá tagtha ar líon na n-eallach agus na muca sa cheantar. Ní hé amháin sin ach tá méadú freisin ar an talamh feirmeoireachta féin– déantar talamh mín féarach den talamh portaigh le neart aoiligh is leasú.

Ach críochnaíonn gach ábhar mar sin thíos sa loch. Is truamhéalach an radharc an loch anois. Tachta le giolcacha agus le fásra eile mar a chonaiceamar féin ón mbád ar an loch eile, is gearr eile a fhéadfar an loch a úsáid mar loch pléisiúir mura ndéanfar rud éigin. Tá grúpa áitiúil tagtha le chéile chun agóid a dhéanamh ar son an locha. An dtabharfar cluas éisteachta dóibh? Ní fios.

Tá go leor rudaí eile ar an gclár oibre na laethanta seo – beatha agus sláinte daoine ina measc. Ach mura dtabharfar aird ar an scéal  tubaisteach imshaoil seo go luath, beidh sé ró-dheireanach.

Agus nuair a chloisfidh sibh feirmeoirí ag éagaoin faoi easpa ‘fodair’ agus nuair a chloisfidh sibh faoin ngéarchéim sa soláthar fodair nó an ‘fodder crisis’ an geimhreadh seo chugainn, smaoinígí go bhfuil an tréad náisiúnta méadaithe as cuimse le blianta beaga anuas.

Agus go bhfuil níos mó ná ‘géarchéim’ amháin ann dá bharr.

Fág freagra ar 'Truailliú feirme ag tachtadh lochanna áille Mhaigh Eo…'

  • Eoghan ÓNéill

    Beidh caint ar ghéar-chéim fodair cinnte mura dtosnaíonn an féar ag fás tús Mí an Mhárta agus an chúis léi ná go bhfuil barraíocht beostoc sa tír ( dar le CSO Nollaig 2017 bhí 6.6m. beithigh, 3.9 m. caoirigh agus 1.6 m. muca). Bíonn éifeacht aige seo a chaighdeán an uisce sna haibhneacha agus na locha. Bruchtáileann an líon sin beithigh agus caoirigh an t-uafás meiteán (CH4) a bhfuil éifeacht 21 uair níos measa aige ná a choibhéiseach i CO2 ar an aeráid i bhfoirm stoirmeacha, tuilte, triomach etc. B’fhiú an córas tacaíochta do uinéirí na talún sna Disadvantaged Areas for Farming a aistriú chun 50% de na ceantracha sin a phlandáil le crainn dúchasacha