Tromlach ag na mionlaigh in Boston agus athrú mór i ndán do chathair na nGael 

As 13 suíochán atá ar an gComhairle Cathrach i bpríomhchathair Massachusetts, tá seacht suíochán eatarthu ag daoine de chúlraí mionlaigh éagsúla, ach ní chorrófar Marty Walsh, a deir lucht tacaíochta

Tromlach ag na mionlaigh in Boston agus athrú mór i ndán do chathair na nGael 

Marty Walsh

Na ‘mionlaigh’ an móramh ar Chomhairle Cathrach Bhoston – mar sin atá de bharr thorthaí toghcháin na seachtaine seo caite.  As 13 suíochán atá ar an gComhairle Cathrach i bpríomhchathair Massachusetts, tá seacht suíochán eatarthu ag daoine den chine dubh, daoine de bhunadh na hÁise agus de bhunadh Easpáinneach – Meicsiceo agus Meiriceá Theas.

Cor nua sa saol é i bpríomhchathair na nGael sna Stáit Aontaithe.  Bhíodh móramh láidir ag Comhairleoirí de threibh na hÉireann agus na hIodáile (Daonlathaigh uilig) ar an gComhairle Cathrach i mBoston.  Mura bhfuil an lá sin thart, ní fada eile a bheidh na treibheanna sin i mbun riaradh na cathrach.

Ar ndóigh, tá na ceisteanna á gcur cheana féin faoin gcaoi a gcuirfidh an t-athrú sin isteach, má chuireann, ar an Méara Marty Walsh – ar de

bhunadh Chonamara é – agus toghchán méarachta eile roimhe faoi cheann dhá bhliain.    Tá caint ann gur dóigh go mbeidh bean agus b’fhéidir ionadaí ón bpobal dubh, sa iomaíocht.    Tá sé á thuar ag roinnt tráchtairí go bhféadfaí brú mór a chur ar an Méara ach creideann a lucht tacaíochta nach gcorrófar as a phost é. Sin má bhíonn sé san iomaíocht.

“Leag an Méara bunáiteanna láidre síos i measc na mionlach agus i measc an phobail dhuibh in imeacht na mblianta,” a deir Tomás Ó Conaire as Ros Cíde i Ros Muc i gConamara, duine den dream ba ghníomhaí i bhfeachtais an Mhéara Walsh le roinnt mhaith blianta.   “Ní raibh an Méara Walsh ag brath ar vótaí an chine bháin i gceachtar den dá bhua a bhí aige sna toghcháin do phost an Mhéara.  Bhí tacaíocht aige i measc chuile dhream.

“Go deimhin, fuair sé an ceann is fearr ar an gComhairleoir Cathrach, Tito Jackson, iarrthóir as an gcine dubh, in 2017 le vóta 2 in aghaidh a 1,” arsa Tomás Ó Conaire.

Creideann an Conaireach go bhfuil sé i bhfad róluath ar aon nós a bheith ag comhaireamh vótaí atá le caitheamh i mBoston dhá bhliain ón mhí seo.  D’fhéadfadh toghchán Uachtaránachta na bliana seo chugainn an Méara Walsh a chur ar chosán eile, dar le Tomás Ó Conaire.   “Tá cairdeas láidir idir an Méara agus cúpla iarrthóir láidir i measc na nDaonlathach,” a deir sé. 

“Mar shampla, dá n-éireodh le Joe Biden an Teach Bán a bhuachaint do na Daonlathaigh is beag dabht a bheadh orm ach go mbeadh cuireadh ag Marty Walsh go Washington le dhul i mbun dualgas ansin.”

Ach, i bhfad na haimsire, feictear do Thomás Ó Conaire go bhfuil an lá ag teacht – cé nach é an chéad uair eile é –nuair a bheidh duine dubh nó duine de chúlra mionlaigh eile mar Mhéara ar Bhoston.   Athrú ollmhór a bheadh ansin tar éis do na hÉireannaigh agus na hIodálaigh – roinnt acu siúd – a bheith i gcumhacht sa gcathair ó dheireadh an naoú haois déag.  Tá na comharthaí sin ann cheana féin.

Beagnach leathbhliain ó shin a bhain comhairleoir cathrach darb ainm Ayanna Pressley cor gan choinne as polaitíocht Bhoston.  Thug sí dúshlán an Fheisire Comhdhála Michael Capuano i réamhthóghchan na nDaonlathach in Massachusetts agus chuir sí as a bhróga é.  D’fhág sin go raibh an stádas a bhí ag Capuano mar ionadaí thar ceann Massachusetts in Washington caillte aige théis scór blianta.  Tá Pressley anois ar dhuine den deichniúr feisirí atá ag Massachusetts i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe.

Bhí an Méara Walsh, mar aon le formhór na ndaoine cumhachtacha sa bPáirtí Daonlathach i Massachusetts, ag tacú le Michael Capuano.

Ar bhealaí tá fogha á thabhairt faoin gcóras cumhachta sa bPáirtí Daonlathach.  Moladh go láidir do Ayanna Pressley gan iarraidh a thabhairt faoin réamhthoghchán ach bhí bua mór aice sa deireadh.  Tá Michelle Wu, bean de bhunadh na hÁise, ar dhuine eile den ghlúin nua polaiteoirí agus a cáil ag méadú i mBoston.  Comhairleoir cathrach í Wu le beagán blianta agus ceaptar go bhfuil suim aici iarraidh a thabhairt faoi thoghchán an Mhéara in 2021.

D’fhéadfadh an sruth a bheith i bhfabhar na mban agus na mionlach cé, ar ndóigh, nach mionlach iad na ‘mionlaigh’ níos mó má chuireann tú iad uilig le chéile.  Daoine bána de shliocht na hEorpa a bhí i 59% de phobal Bhoston 30 bliain ó shin.  Inniu, tá an líon sin laghdaithe go dtí 44%. Ach, ní gá go seasfadh na mionlaigh uilig dílis dá chéile i dtoghchán ar bith.  Nuair a théann daoine ag vótáil i dtoghchán an Mhéara i gcathair mhór i Meiriceá, cuimhneoidh a bhformhór ar na cruóganna is gaire don doras.

Tá eacnamaíocht Bhoston an-láidir faoi stiúir Mharty Walsh agus is ar éigean go bhfuil a leithéid de rud agus dífhostaíochta sa gcathair.  Ceart go leor, tá fadhbanna tráchta ann agus tá tithe faighte an-daor.  Tá ceist an athraithe aeráide agus bealaí le dhul i ngleic leis ina ábhar  go mór sa gcomhrá freisin.   Ach tuigeann daoine freisin gur furasta a bheith ag craobhscaoileadh leigheasanna ar pháipéir agus go bhfuil téarma rachmais agus neart fostaíochta feicthe acu faoi stiúir an Mhéara Walsh.

“Polaiteoir ábalta agus cliste é Marty Walsh,” a deir Tomás Ó Conaire. 

“Tá na hathruithe daonra tugtha faoi deara aige i bhfad ó shin.  Tá meas air i measc na n-aicmí éagsúla sa gcathair agus tiocfaidh sé ar ais ina Mhéara má bhíonn sé san iomaíocht i mí na Samhna, 2021.”       

Fág freagra ar 'Tromlach ag na mionlaigh in Boston agus athrú mór i ndán do chathair na nGael '

  • Dax

    Tá an-tóir ag Marty Walsh ar dhaoine ó gach náisiúntacht. Má fheiceann tú riamh é nuair atá sé amach go poiblí, faigheann sé go maith le daoine de gach cineál agus freagraíonn daoine de gach cineál go maith dó.