Troid, teas, toghcháin agus Trump – súil siar ar 2024

Agus an bhliain ag teacht chun críche, tugann ár gcolúnaí faoi achoimre a dhéanamh ar 2024

Troid, teas, toghcháin agus Trump – súil siar ar 2024

Troid, troid, troid agus a thuilleadh troda, teas, teas, teas agus a thuilleadh teasa, agus toghchán i ndiaidh toghcháin – sin é an bealach a chuirfinn síos ar an mbliain atá ag teacht chun críche, agus níl a fhios agam an leis an gcogaíocht, leis an gcliseadh aeráide nó le hiarrachtaí an duine an daonlathas a choinneáil slán a thosóidh mé an tSúil Siar seo ar 2024.

An sléacht agus an t-ár ar dtús is dócha, ós rud é gur choinnigh dhá mhórchoimhlintí greim ar na ceannlínte ó cheann ceann na bliana: an cogadh san Úcráin, a leath isteach sa Rúis féin i mí Lúnasa nuair a chuir an Úcráin tús le frithionsaí i réigiún Kursk, agus an cogadh sa Mheánoirthear, a leath isteach sa Liobáin nuair a rinne Iosrael ionsaí ar an tír sin i dtús mhí Dheireadh Fómhair, fad is a lean an t-ár i nGaza.

Sa dá chás tá sé deacair líon na marbh a chomhaireamh agus níl radharc, faraor, ar réiteach – roimh dheireadh na bliana seo pé scéal é. Greim láidir na gcoimhlintí sin ar na ceannlínte ba chúis leis, b’fhéidir, nár tugadh an aird chéanna ar dhá choimhlint armtha eile atá ag dul ar aghaidh i gcónaí: an cogadh cathartha i Maenmar agus an cogadh cathartha sa tSudáin.

Agus ansin, ag deireadh na bliana, tharla rud nach raibh coinne ag éinne leis. Titim

Bashar al-Assad sa tSiria: deireadh le réimeas a bhí ar cheann de na cinn is fuiltí ar chlár na cruinne le breis agus caoga bliain anuas. Ach an síocháin agus saoirse (áirithe) a bheidh i ndán do mhuintir na Siria anois nó tuilleadh foréigin agus cos-ar-bholg? Sin ían cheist.

Cúrsaí aeráide anois, agus tosóimid sa Mheánoirthear. I mí an Mheithimh, fuair breis agus 1,300 duine bás in oilithreacht bhliantúil an Hajj i gcathair Mheice san Aráib Shádach, agus an teocht gar do 52 chéim Celsius sa chathair sin.

Mí nó dhó roimhe sin, fuair gar do 200 duine bás sa Bhrasaíl agus bhí cathair Porto Alegre i ndeisceart na tíre sin faoi uisce ar feadh seachtainí de bharr tuilte arbh é athrú na haeráide ba chúis leo; le linn an tSamhraidh mharaigh spéirlingí Beryl, Helene agus Milton na céadta sna Stáit Aontaithe agus i Muir Chairib.

Dar leis an tseirbhís Eorpach aeráide Copernicus, is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh 2024 ar an mbliain is teo dá raibh ann ó cuireadh tús leis an taifead.

Ní hamháin sin, ach beidh sí ar an gcéad bhliain ina raibh an teocht mheánach breis agus 1.5 chéim níos airde ó cheann ceann na bliana ná mar a bhíodh roimh an réabhlóid thionsclaíoch, sin é an t-ardú teochta a mbreathnaítear air mar uasteorainn má táimid chun an pláinéad seo a choinneáil inmharthana.

Bealach casta é sin le rá go bhfuil muid ag siúl isteach in olltubaiste aeráide agus ár súile ar oscailt, ach faraor géar theip ar an gcomhdháil aeráide COP29 san Asarbaiseáin den chuid is mó: níor aontaíodh aon chéimeanna nua chun srian a choinneáil leis na gáis is cúis le téamh an domhain, agus léirigh na tíortha saibhre gur cuma leo sa sioc teas faoin Domhan Theas, sin iad na tíortha atá fós ag forbairt agus is mó a bheidh thíos le hathrú na haeráide.

Na toghcháin, mar sin. Bhí ceann Dála ann gan dabht, ach léifidh tú faoi sin áit éigin

eile ar na leathanaigh seo. Go hidirnáisiúnta, ba iad toghcháin na hEorpa, na Breataine, na Fraince agus gan dabht na Stát Aontaithe ba mhó a mheall aird – ach bhí toghcháin, leis, san Indinéis, sa Bhanglaidéis, san India, i Meicsiceo agus sna scórtha tíortha móra agus beaga eile nach iad.

Bhí ‘toghcháin’ sa Rúis agus i Veiniséala, leis. Scéal ar leith a bhí i dtoghchán uachtaránachta na Rómáine i mí na Samhna: bhí bua gan choinne sa chéad bhabhta ag Calin Georgescu, iarrthóir neamhspleách atá go mór ar thaobh na heite deise agus go deimhin i bpócaí Vladimir Putin, ach fuarthas amach gur ‘ionsaithe hibrideacha’ de chuid na Rúise, tríd na meáin shóisialta (TikTok) go príomha, ba chúis le bua gan choinne Georgescu agus rialaigh ardchúirt na tíre go gcaithfear an toghchán a reáchtáil as an nua ar fad.

Baineadh creathadh as an daonlathas sa Chóiré Theas nuair a d’fhógair uachtarán na tíre sin, Yoon Suk-yeol, staid éigeandála gan choinne i mí na Nollag. Chuaigh an pobal amach ar na sráideanna ina sluaite, ghníomhaigh an pharlaimint ar luas lasrach agus b’éigean don uachtarán dul siar ar a chinneadh; agus an t-alt seo á scríobh ní fios fós cén deireadh a bheidh ar an scéal sin.

Trí thoghcháin ar chuir na torthaí iontas áirithe ar thráchtairí a bhí i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa (ní raibh bua chomh mór sin ag an eite dheis agus a bhíothas á thuar); in olltoghchán na Fraince (bua gan choinne ag tobchomhghuaillíocht de chuid na heite clé ar pháirtí Marine Le Pen); agus in olltoghchán na Breataine, ina raibh bua ollmhór ag Lucht Oibre Keith Starmer.

Ach níor chuir toradh an toghcháin ba mhó a raibh greim ar na ceannlínte aige i mbliana iontas ar mhórán. Tar éis do Joe Biden tarraingt amach as an rás agus spás a dhéanamh, rómhall, do Kamala Harris, agus tar éis dhá iarrachtaí an Trumpach a fheallmharú, toghadh fear an chnis oráiste ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá den dara huair i mí na Samhna, d’ainneoin gur ciontaíodh é leathbhliain roimhe sin as doiciméid ghnó a fhalsú.

Bua daonlathach a bhí ann – is léir go dteastaíonn ó mhóramh na vótóirí i Meiriceá go mbeidh coirpeach ciontaithe i gceannas ar an tír – ach gach seans go gcaithfidh atoghadh an Trumpaigh scáil ar 2025, ní hamháin sna Stáit Aontaithe ach ar fud an domhain.

Scáil ar dhath a chnis, cá bhfios: loinnir bladhmanna i bhforaoiseacha trí thine ar phláinéad atá ag téamh gan stad.

Fág freagra ar 'Troid, teas, toghcháin agus Trump – súil siar ar 2024'