Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath

Tá 84 cás nua den choróinvíreas fógartha tráth a bhfuil imní mhór ann faoin ardú leanúnach ar líon na gcásanna san ardchathair

Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath

Dr. Ronan Glynn. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 84 cás nua den choróinvíreas fógartha.

Bhain 51 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath agus deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí gur údar imní ar leith dóibh scaipeadh tréan an ghalair sa chontae sin, mar a bhfuil sé “ag fás” 5% in aghaidh an lae.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET go bhfuil ráta scaipthe an ghalair ag 1.4 i mBaile Átha Cliath ach é gar do 1 nuair a fhágtar an ardchathair as an áireamh.

Mura gcuirtear srian le scaipeadh an ghalair i mBaile Átha Cliath tiocfaidh dúbailt ar líon na gcásanna ann gach coicís, a dúirt an Dr Nolan.

Dúirt sé go raibh scaipeadh an ghalair “seasmhach don chuid is mó” lasmuigh den ardchathair cé bhfuil roinnt imní fós orthu faoi Luimneach agus contae nó dhó eile.

Baineann formhór na gcásanna i mBaile Átha Cliath le teaghlaigh agus le teaghlaigh a bheith ag bualadh le teaghlaigh eile. Léas dóchais ab ea é sin, a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach an Dr Ronan Glynn, ó tharla go bhféadfaí srian a chur le scaipeadh an ghalair má bhíonn daoine níos cúramaí agus má ghearrann siad siar ar líon na ndaoine go mbuaileann siad leo.

Dúirt an Dr Philip Nolan go raibh an t-ardú ar líon na gcásanna go náisiúnta á “thiomáint” le tamall ag an ardú ar líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath.

Ó lár mhí Lúnasa thart ar dhá chás den ghalar in aghaidh gach 100,000 a bhíonn ann gach lá sna 25 contae eile. I gcás Bhaile Átha Cliath sé chás atá i gceist, i gcomparáid le cás amháin roinnt seachtainí ó shin.

Maidir leis na cásanna a fógraíodh inniu, bhain sé cinn acu le hUíbh Fhailí agus cúig cinn a bhain le Cill Dara. Bhí an Ghaillimh, Dún na nGall agus Corcaigh i measc na gcontaetha eile ar deimhníodh cásanna iontu.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 49 cás nua den choróinvíreas deimhnithe le lá anuas.

Tástáladh 3,341 duine le linn na tréimhse sin. Ní raibh bás ar bith eile de thoradh an ghalair le fógairt ó thuaidh inniu.

38,121 cás atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 30,164 cás ó dheas den teorainn agus 7,957 cás ó thuaidh di.

2,348 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,781 duine ó dheas agus 567 ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath'