Treibheachas na dtuairisceoirí (agus an chine dhaonna ar fad)

Agus meáin an domhain breac le cuntais ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras an tseachtain seo caite, rinneadh dearmad, nach mór, ar an ár a tharla sa Nigéir a bhí ar scála i bhfad níos mó

Graphic Alex
Léaráid: Tuairisc.ie

 

Tá tvuít ón aisteoir agus ón ngníomhaí cearta daonna Meiriceánach Mia Farrow ag teacht idir mé agus codladh na hoíche le cúpla lá anuas. Seo é:

Ar ndóigh, tá an ceart ar fad aici. Dúnmharaíodh os cionn dhá mhíle duine in oirthuaisceart na Nigéire ach is ar éigean go raibh spás ann dóibh sna nuachtáin toisc gur dúnmharaíodh seachtar déag i bPáras.

Nílim ag rá nár cheart do mheáin an Iarthair ollchlúdach a dhéanamh ar na heachtraí sceimhlitheoireachta a tharla i bPáras an tseachtain seo caite.

Gan amhras, tá an luach céanna ar bheatha gach duine. Tá sé tuillte ag duine ar bith a chuirtear den saol in eachtra sceimhlitheoireachta go ndéanfaí tuairisciú ar a scéalta.

Ach cén fáth an leatrom ollmhór ar íobartaigh na n-eachtraí sceimhlitheoireachta a tharla sa Nigéir an tseachtain chéanna – ach go háirithe má bhí a líon an oiread sin níos airde ná líon na marbh i bPáras?

Is baolach gur féidir freagra gonta a thabhairt ar an gceist sin.

Treibheachas.

Tá cur síos den scoth ag an údar Meiriceánach Rory Miller, saineolaí ar shiceolaíocht an fhoréigin, ar an bhfeiniméan seo ina leabhar Facing Violence (YMAA Publication Center, 2011):

We divide the world by layers of connection. Watching a friend or family member murdered will affect you more than watching footage of 9/11. The 2,751 deaths at the World Trade Center will affect you more than the 273,000 who died in the Indonesian tsunami. The Indonesian deaths will affect you more than the millions of cattle slaughtered every year and the slaughtered cattle will affect you more than the billions or trillions of living plants that the cattle ate.

Cur síos crua ach, dar liom, cothrom.

Ba léir an tseachtain seo caite gur mó a chuaigh bás seachtar déag i bPáras i bhfeidhm orainn ná bás dhá mhíle duine in oirthear na Nigéire – rud atá loighiciúil.

Tá aithne againn ar Pháras. Bhíomar ann ar dheireadh seachtaine rómánsúil éigin nó tá aithne againn ar dhaoine a bhí.

Lena chois sin, ba dhaoine geala iad na daoine a dúnmharaíodh ann.

Labhair siad teanga eile agus seans go mba ghnáth leo éiníní beaga agus seilidí a ithe, ach den chuid is mó, bhíodar cosúil linne.

Rud eile arís: ba iriseoirí formhór na ndaoine a cuireadh den saol.

Mhothaigh an treabh atá freagrach as an soláthar nuachta go rabhadar faoi ionsaí agus níorbh aon iontas é go raibh tionchar mór aige sin… ar an soláthar nuachta.

Níor chaith mórán againn deireadh seachtaine rómánsúil in oirthuaisceart na Nigéire riamh. Ní raibh na daoine a dúnmharaíodh cosúil, go fisiciúil, leis an gcuid is mó againn. Is dóichí ná a mhalairt nárbh iriseoirí iad formhór na n-íobartach ach an oiread (nó bheadh níos mó cloiste againn faoin scéal).

Ní fiú fadscéal a dhéanamh as seo, is dócha.

Thiocfadh linn a rá linn féin gur cheart náire shaolta a bheith orainn go ngoileann bás daoine áirithe orainn níos mó ná mar a ghoileann bás daoine eile. Sin é go díreach a dúirt mé féin liom féin ar ball.

Ach bheadh sé chomh maith againn iarracht a dhéanamh déantús gineolaíoch an chine dhaonna a athrú.

Aisteach an chaoi go bhfuil oiread dul chun cinn déanta againn ó thaobh na teicneolaíochta de go mbímid ar an eolas ar an bpointe boise nuair a tharlaíonn eachtra uafáis ar an taobh eile den domhan, ach nár tháinig forbairt ar bith ar ghné eile dár n-aigne ó bhí cónaí orainn i bpluaiseanna.

Fág freagra ar 'Treibheachas na dtuairisceoirí (agus an chine dhaonna ar fad)'

  • Mise Áine

    ‘Cur síos crua ach, dar liom, cothrom.’

    Sin an fhadhb. a Alex – tá an saol crua, ach níl sé cothrom, faraor…

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    B’fhéidir go mba cheart dúinn mar sin, agus an nuatheicneolaíocht uilig atá ar fáil againn, díriú níos mó ar Aljazeera leis an nuacht idirnáisiúnta a fháil, nó b’fhéidir go bhfuil meáin an Iarthar i bhfad róchlaonta…