‘Topshop’ ar líne d’Éireannaigh agus margaí maithe le fáil

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ag lorg earraí ar an suíomh gréasáin nua atá curtha in oiriúint don tír seo ag an gcomhlacht mór ón mBreatain

Hata

Dea-scéal é do gach duine a dtaitníonn siopaí Topshop leo go bhfuil suíomh gréasáin nua Eorpach (www.topshop.com) seolta anois ag an gcomhlacht sin a bhfuil rannóg Éireannach ann, rud a chiallaíonn gur fusa i bhfad earraí a ordú anseo agus iad a bheith seachada chuig seoladh sa tír seo. 

Is buntáiste breise é leis an suíomh nua nach ngearrtar aon táille ar sheachadadh earraí má tá costas níos mó ná €75 i gceist agus is féidir aon ní a ordaíonn tú ach nach maith leat nó nach n-oireann duit a thabhairt ar ais chuig aon cheann de shiopaí Topshop mar mhalairt ar iad a sheoladh ar ais sa phost.

Tá 14 brainse de Topshop sa tír seo anois agus os cionn 500 ar fud an domhain. Comhlacht de chuid na Breataine é a bunaíodh i dtús na 1960idí agus is ansin atá os cionn 300 de na siopaí acu. Ach tá siad le fáil freisin i Meiriceá, san Astráil, san Aifric Theas, i gCeanada agus i mórán tíortha eile.

Bhain mé triail as an suíomh nua agus mé ag lorg oiriúintí (accessories) – scairf, caipín, miotóga agus araile – a bheadh oiriúnach don am seo bliana. Tá réimse leathan acu ach seo mar a roghnaigh mé i ndeireadh báire.

1. Caipín ‘Beanie’

1

Tá an caipín gleoite seo thar cionn le fuacht an gheimhridh a choinneáil uait agus leis an ngruaig a chur i bhfolach ar cheann de na laethanta sin ar a dtugtar ‘bad hair day’. Cniotáilte as olann atá an ceann seo le bobailín fionnaidh a chuireann breis beochta agus stíle ann. Tá rogha mhór dathanna ar fáil ar chostas €20 agus díoltar iad faoin ainm ‘Cable Knit Fur Pom Beanie’.

2. Hata ‘Fedora’

Má tá rud éigin níos ‘gléasta’ ná caipín uait, ní féidir hata ‘Fedora’ a shárú. ‘Chic’ agus ‘cool’ na focail is mó a luaitear lena leithéid. Roghnaigh mé an ceann clasaiceach seo le duilleog (brim) leathan ar dhath dubh gorm ar chostas €34. Tá banda leathair deas air mar mhaisiúchán breise stíle.

3. Miotóga ‘Biker’ nó 4.‘Convertor’3

Bhí mé idir dhá chomhairle an roghnóinn na miotóga deasa leathair seo i stíl ‘biker’ ar €34 nó na cinn chniotáilte ar a dtugtar ‘convertor’ atá te teolaí freisin ar €20. Tá buntáiste mór amháin leis na cinn olla mar gur mitíní iad agus miotóga san am céanna – is féidir barr na miotóige a chasadh siar le go mbeidh siad ina mitíní agus go mbeidh barr do mhéire saor do théacsáil nó aon ní eile. Ach tá na cinn leathair go deas freisin agus mairfidh siad níos faide ach aire a thabhairt dóibh. Agus ní théann miotóga deasa leathair as faisean ar chor ar bith.

5. Scairf5

Cniotáil uigeach (‘textured knit’) a thugtar ar an scairf dheas seo agus cé go gceapfar, b’fhéidir, go bhfuil sé beagán costasach ar €29, tá sé mór agus teolaí. Go deimhin, is beagnach gur pluid atá ann agus is tú a bheas sásta leis ar oíche fhuar gheimhridh. Dathanna dubh agus bán atá i gceist agus patrún difriúil ar an dhá thaobh.

6. Stoil fhionnaidh

Is ceart a rá ar dtús nach fionnadh ainimhí atá anseo ach fionnadh bréige agus is mór an spórt í an stoil seo le do ‘ráiteas faisin’ féin a dhéanamh. Tá a leithéid seo níos coitianta le roinnt blianta anuas agus is féidir iad a chaitheamh le seaicéad leathair, cóta mór nó cairdeagan, fiú. Dath neodrach dubh-donn atá ar an gceann seo atá ar fáil ar chostas €38 – bheadh sí go hálainn le caitheamh ar ócáid éigin aimsir na Nollag.   6

Ná dearmad go mbeidh seachadadh saor in aisce ar d’ordú má bhíonn sé os cionn €75 agus gur féidir aon rud nach maith leat a thabhairt ar ais gan stró, gan costas chuig aon cheann de na 14 siopa Topshop sa tír seo nó iad a sheoladh ar ais trí Oifig a’ Phoist.

Fág freagra ar '‘Topshop’ ar líne d’Éireannaigh agus margaí maithe le fáil'