TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thiar

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – an geábh seo is é Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thiar atá faoi chaibidil

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Béal Feirste Theas

18 sa tóir ar na sé shuíochán. Beirt ón SDLP ag iarraidh dhá shuíochán a chosaint, beirt ón DUP ag iarraidh cur leis an suíochán amháin a bhí acu mar atá á dhéanamh ag beirt ón Alliance, duine ó SF agus duine ón UUP ag cosaint suíochán aonair fá seach. Deichniúr eile ag féachaint le cor nua a chur sa scéal.

Síneann toghcheantar Bhéal Feirste Theas ó Chearnóg Shaftesbury ó dheas go Fionn Achaidh agus soir ó dheas go Ceathrú Aoidh Dhuibh. Tá Ollscoil na Ríona sa cheantar agus is ann atá na toghthóirí is ilchineálaí i dTuaisceart Éireann, pobal Síneach seanbhunaithe, inimircigh nua ó oirthear na hEorpa agus ón gCianoirthear ina measc. Ceantar saibhir é ina bhfuil pócaí bochta.

67,800 vótóirí a bhí cláraithe ag tús na míosa seo. Tá móramh beag aontachtach ann ach is ag an SDLP atá an suíochán Parlaiminte ó ghnóthaigh Alasdair McDonnell é in 2005 nuair a bhí aontachtaithe scoilte go cothrom agus is acu a bhí an lámh in uachtar san toghchán don Tionól in 2011 nuair ba é seo an toradh:

Screen Shot 2016-04-18 at 19.42.48

Níl oiread is duine amháin den seisear a toghadh in 2011 san iomaíocht an uair seo. Tá an t-iaraire sláinte Michael McGimpsey UUP agus Anna Lo ionadaí Síneach an Alliance éirithe as. Tá ceathrar a comhthoghadh mar Chomhaltaí Tionóil ag dul os comhair na dtoghthóirí den chéad uair. Siad sin Fearghal McKinney, leascheannaire an SDLP agus a chomhghleacaí Claire Hanna, Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, agus Emma Little Pengelly ón DUP. Tá Christopher Stalford san iomaíocht freisin don DUP, tá beirt iarrthóirí ag Alliance, Duncan Morrow agus Paula Bradford, agus tá Rodney McCune ag iarraidh shuíochán an UUP a choinneáil. Ina dteannta sin tá iarrthóir aitheanta ag an gComhaontas Glas, Clare Bailey. Tá iarrthóirí ón TUV, PUP, UKIP, ón bPáirtí Caomhnach ag seasamh agus tá beirt aontachtach neamhspleácha a thit amach leis an DUP san iomaíocht chomh maith le duine ó Pháirtí na nOibrithe agus beirt eile atá ag seasamh do dhá chineál ‘Lucht Oibre’.

Bunaithe ar thorthaí na bliana seo caite agus 2011 is féidir a bheith réasúnta cinnte go bhfaighidh an SDLP, an DUP, Alliance agus Sinn Féin suíocháin. ‘Sí an cheist cé a gheobhaidh an dá shuíochán eile. Beidh an SDLP, an DUP, an UUP agus Alliance san iomaíocht dóibh, ach is deacair a rá cén éifeacht a bheidh ag an naonúr iarrthóirí aontachtacha ar an gcomórtas.

Toghchán Tionóil 2011 –vótaí céad rogha

Screen Shot 2016-04-18 at 19.42.58   

Olltoghchán 2015

Screen Shot 2016-04-18 at 19.43.04

Béal Feirste Thiar

Dháréag atá san iomaíocht do na sé shuíochán i mBéal Feirste Thiar mar a bhfuil athrú á thuar. Seo é an toghcheantar leis an líon is lú iarrthóirí sa chathair. Tá cúigear ó Shinn Féin ag cosaint chúig shuíochán. Ag an SDLP a bhí an séú suíochán –tá iarrthóir aonair faoi bhrú ag iarraidh é a chosaint. Bhí cuóta ag iarrthóir Dhaoine Roimh Bhrabús san olltoghchán anuraidh agus seans an-mhaith aige an seanord a chur as a riocht an t-am seo. Bhí cuóta aontachtach sa cheantar sna toghcháin áitiúla dhá bhliain ó shin agus tá an DUP ag iarraidh tacaíocht ó dhílseoirí agus aontachtaithe chun suíochán a thógáil.

Síneann an toghcheantar ó lár na cathrach siar ó dheas go dtí an Poll Glas eastát tithíochta in aice le Lios na gCearrbhach.

Chomh maith leis na ceantair náisiúnacha iomráiteacha, Bóthar na bhFál, Baile Andarsain agus an Cheathrú Ghaeltachta tá Bóthar na Seanchille agus an chomharsanacht dhílseach máguaird sa toghcheantar fosta. Tá ráta dífhostaíochta an-ard ann agus is ann atá an líon is mó daoine ar liúntas maireachtála míchumais.

63,579 a bhí ar chlár na dtoghthóirí ag tús na míosa. Tá móramh ollmhór náisiúnach ann agus forlámhas iomlán, geall leis, ag Sinn Féin i dtoghcháin Tionóil, Parlaiminte agus don Chomhairle Cathrach.   

I 2011:

Screen Shot 2016-04-18 at 19.43.11

‘Sí an cheist mhór faoi iarthar Bhéal Feirste arb iad Sinn Féin nó an SDLP a chaillfidh an suíochán a mheastar a bhuafaidh Gerry Carroll, PBP. Chaill Sinn Féin comhairleoir nuair a toghadh Carroll ar an gComhairle Cathrach agus tá siad ar a ndícheall ó shin ag stocaireacht lena chinntiú nach iadsan a bheidh thíos lena chaithréim arís. Tá an SDLP imníoch gurb é a gcomhalta-san Alex Attwood a chaillfidh. Siad Fra McCann, Jennifer McCann, Rosie McCorley, Alex Maskey agus Pat Sheehan iarrthóirí Shinn Féin. ‘Siad Frank McCoubrey ón DUP agus Gareth Thomas Martin ón UUP na hiarrthóirí aontachtacha. D’fhan an TUV, PUP agus UKIP as an rás chun seans a thabhairt do McCoubrey- níl sé dodhéanta suíochán aontachtach a bhuachan (tharla sé i 2003) go háirithe má leanann an titim ar thinreamh vótála i measc na náisiúnach. Tá an Comhaontas Glas, Alliance agus Páirtí na nOibrithe san iomaíocht freisin.

Bunaithe ar na torthaí is deireanaí táthar ag tuar go mbeidh ceithre shuíochán ag Sinn Féin agus ceann ag PBP. Meastar go mbeidh Sinn Féin, an DUP agus an SDLP ag streachailt don séú suíochán. Má leanann an tinreamh ag titim áfach, meastar nach dtig le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh den cheathrú suíochán, gan trácht ar an gcúigiú ceann.

Toghchán Tionóil 2011

Screen Shot 2016-04-18 at 19.43.19

Olltoghchán 2015

Screen Shot 2016-04-18 at 19.43.32

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thiar'