Toghchán nua ó roinnt daoine san DUP ach contúirt mhór ag baint leis

Seift chontúirteach a bheadh ann don DUP dul i muinín na vótóirí arís, go háirithe agus baghcat á dhéanamh acu ar an bhFeidhmeannas faoi láthair

Toghchán nua ó roinnt daoine san DUP ach contúirt mhór ag baint leis

Tá Stormont ar shaoire an tsamhraidh. ‘Conas a bheadh a fhios agat,’ arsa daoine gan trócaire atá tuirseach den bhfolús mar gheall ar bhaghcat an DUP. Tá móramh aontachtach, áfach, ag tacú le neamhfhreastal an DUP mar agóid in éadan an phrótacail iar-Bhreatimeachta. Dá dheasca sin tá tuairimíocht ag treisiú gur cheart an baghcat a choinneáil sa tsiúl chun go gcaithfí toghchán úr a ghairm. 

Sé an smaoineamh taobh thiar de sin go bhféadfaí an ceann is fearr a fháil ar Shinn Féin agus nach mbeadh ar aontachtach a bheith i ról an LeascChéad-Aire, mar ‘thánaiste’ ag Michelle O’Neill. Cé go bhfuil an chéad agus an leas-chéad-aire comhionann, agus nach féidir le duine acu cinneadh a dhéanamh mura bhfaomhann an duine eile é, tá tábhacht shiombalach thar na bearta leis an gcéad-aireacht. Ba bhreá le haontachtaithe a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin an stádas sin amach. Is mór an cathú é toghchán eile mar sin. 

Tá dualgas reachtúil ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann toghchán a fhógairt mura mbeidh feidhmeannas ann faoin 28 Deireadh Fómhair. Chaithfeadh an vótáil tarlú faoin 20 Eanáir 2023. Níor mhór an dlí a athrú in Westminster chun an cinneadh sin a sheachaint ach is minic a sáraíodh spriocdhátaí cheana. Ní dúshlán mór a bheadh ann breis ama a cheadú dá mbeadh sé soiléir go raibh rún ag an DUP filleadh ar an bhFeidhmeannas go luath. 

Céard a dhéanfas Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP?

Bhí comharthaí ar aird na gaoithe le déanaí go mbogfadh sé sa bhfómhar chun toghadh an Cheann Comhairle in Stormont a cheadú. Measann roinnt go mb’fhéidir go ndéanfaidh sé é roimh dháta fillte an Tionóil ar an 5 Meán Fómhair; is féidir seisiún speisialta a eagrú i rith na saoire le haghaidh gnó práinneach. Comhartha dea-thola a bheadh ansin ón DUP mar aisíoc as an mbille a bhaineann na putóga as an bprótacal a bheith curtha ar aghaidh go dtí Teach na dTiarnaí.

Sí an cheist – an leanfadh an baghcat ar an bhFeidhmeannas ina dhiaidh sin, go háirithe ó d’fhéadfadh na Tiarnaí achar fada a chaitheamh ag scrúdú agus ag leasú an bhille? Níl cúis ar bith ag Donaldson agus an DUP chun a muinín a chur in Boris Johnson. Ina theannta sin, tá ceannaire an TUV, Jim Allister ag tabhairt foláirimh cheana féin gur chóir a bheith airdeallach faoina thuilleadh fill. 

Tá ceannaireacht Donaldson láidir faoi láthair ó tharla nár chaill an DUP ach trí shuíochán san vótáil dhá mhí ó shin d’ainneoin Sinn Féin a bheith i dtús áite le 27 suíochán. D’éirigh leis an DUP 25 suíochán a choinneáil mar gur bhog Donaldson i dtreo an TUV. Dá mbrisfeadh sé leis an TUV gan bua a bheith bainte amach aige maidir leis an bprótacal bheadh brú seachtrach air ó Allister agus brú taobh istigh den pháirtí ina bhfuil créachta na n-easaontas ón bhliain seo caite fós nimhneach. Conas a chuirfeadh sé craiceann dearfach ar scéal an phrótacail mura mbeadh aige ach geallúint ó Boris Johnson go gcuirfí ar ceal aon leasú a dhéanfadh na Tiarnaí ?

Deirtear nach bhfuil luí ag Jeffrey Donaldson leis an mian a dhul i muinín na vótóirí arís. Is cinnte gur seift chontúirteach a bheadh ann. Ar an gcéad dul síos, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an pobal aontachtach chomh báúil lena thuilleadh moille ar Stormont is atá siad faoi láthair. Faoin am sin beidh an aimsir níos fuaire agus níos mó brú ar an gcóras sláinte. Beidh praghas leictreachais agus gáis ardaithe arís i mí Dheireadh Fómhair – an tríú mhéadú ar an gcostas i gcaitheamh ocht mí. 

Bheadh an DUP ag iarraidh na suíocháin a chaill siad sa Bhealtaine a bhaint ar ais. Is cosúil gur bheag seans a bheadh acu ar phéire de na trí cinn mura seasfadh daoine eile i leataoibh ar mhaithe leo. Bheadh seans réasúnta ar shuíochán Mervyn Storey in Aontroim Thuaidh ach ar leor sin chun an ceann is fearr a fháil ar Shinn Féin? 

Measann an-chuid de vótóirí Shinn Féin nach mbeadh an DUP toilteanach choíche glacadh le céad-aire ó Shinn Féin beag beann ar chinneadh daonlathach na vótóirí. Cé go bhfuil a mhalairt ráite le tamall ag Jeffrey Donaldson chuir sé tine faoin amhras sin nuair a dhiúltaigh sé a rá roimh an toghchán go nglacfadh siad le ról an leas-chéad-aire dá mbeadh Sinn Féin ar thús cadhnaíochta. I bhfianaise neamhaird rialtas na Breataine ar an móramh sa Tionól faoin bprótacal, airíonn siad go bhfuil Boris Johnson agus an Státrúnaí Brandon Lewis aontaobhach, claonta i dtreo an DUP. 

Is dóichí ná a mhalairt go ndearbhódh toghchán nua amhras na vótóirí náisiúnacha. A thoradh sin – crogall ollmhór, seans. Ghríosódh sé a thuilleadh daoine chun vótáil do Shinn Féin mar a rinne tagairt Arlene Foster do chrogall in 2017.

Níor chríonna an mhaise é don DUP a dhul sa seans go bhféadfaidís a bheith sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin faoi dhó taobh istigh de bhliain.

Fág freagra ar 'Toghchán nua ó roinnt daoine san DUP ach contúirt mhór ag baint leis'