Toghchán na hIodáile ina thubaiste don Aontas Eorpach

Buille suntasach don Fhiontar Eorpach ab ea toradh thoghchán na hIodáile, toradh a fhágann ceist mhór faoi phleananna Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron is a chomhghleacaithe Jean Claude Juncker agus Martin Schultz atá ag iarraidh dlús a chur le comhtháthú san Aontas Eorpach. D’éirigh le Gluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí atá naimhdeach don Eoraip agus […]

Toghchán na hIodáile ina thubaiste don Aontas Eorpach

Agus an oiread sin éiginnteachta ann faoi thodhchaí pholaitiúil na hIodáile is ar éigean go mbeidh an tAontas Eorpach in ann dul ar aghaidh leis an bhFiontar Mór

Buille suntasach don Fhiontar Eorpach ab ea toradh thoghchán na hIodáile, toradh a fhágann ceist mhór faoi phleananna Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron is a chomhghleacaithe Jean Claude Juncker agus Martin Schultz atá ag iarraidh dlús a chur le comhtháthú san Aontas Eorpach.

D’éirigh le Gluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí atá naimhdeach don Eoraip agus do bhunaíocht na hIodáile agus na polaitíochta i gcoitinne, an chéad áit a bhaint amach le 33% den vóta.

Ar an taobh eile den speictream, d’éirigh leis an bpáirtí frith-inimirceach, La Lega, atá naimhdeach freisin don Aontas Eorpach, dul chun tosaigh ar Silvio Berlusconi ar an eite dheis.

Mar sin féin fuair na trí pháirtí ar an eite dheis, ina measc an páirtí faisisteach a mhórann Mussolini, 37% den vóta san iomlán.

Mar bharr ar an donas don Aontas, buaileadh buille trom ar an bPáirtí Daonlathach, a chaill an ceathrú cuid den vóta a bhíodh acu – ó 25.4% go 18.9% a thit siad. Buille eile don daonlathas sóisialta san Eoraip.

Idir na dreamanna ar an eite chlé agus ar an eite dheis, fuair páirtithe frith-Eorpacha díreach os cionn 50% de vóta.

Fuair Gluaiseacht na gCúig Réalta tacaíocht go háirithe sa taobh ó dheas den tír, ó dhaoine óga agus uathu siúd atá dífhostaithe is fágtha ar an ngannchuid. Teastaíonn uathu béim a leagan ar chabhair shóisialta, agus deir siad nach bhfuil siad sásta glacadh le seanchluichí na polaitíochta san Iodáil.

Ach má lucht na gCúig Réalta go láidir ó dheas, ba leis an eite dheis an lá ó thuaidh. Tá an Iodáil scoilte idir tuaisceart agus deisceart, saibhir is bocht, idir ciníoch agus liobrálach, idir daoine atá báúil leis an Eoraip agus daoine ar namhaid acu í.

Beidh sé rídheacair mar sin rialtas ar bith a chur le chéile, rud a chothaíonn deacracht eile don Aontas Eorpach i gcoitinne.

Mar, má tá lucht na gCúig Réalta agus La Lega ar aon phort maidir lena n-amhras i leith an Aontais Eorpaigh, ní réitíonn siad faoi rud ar bith eile.

Cé nach bhfuil difear mór idir lucht na gCúig Réalta agus an Páirtí Daonlathach maidir leis an mbéim a chuireann siad ar riachtanais shóisialta na ndaoine is boichte, tá bearna mhór eatarthu maidir leis an Eoraip agus leagan amach na polaitíochta féin. Go deimhin, tá lucht na gCúig Réalta ag iarraidh deireadh a chur leis an sean-mhúnla polaitíochta ar fad.

Tá sé deacair freisin Comhrialtas Mór, mar atá sa nGearmáin, a shamhlú, mar níl dóthain daoine ag an gcomhghuaillíocht láir de chuid an PD agus páirtí Berlusconi le dul i mbun rialtais agus níl seans ar chomhghuaillíocht idir an PD, La Lega agus na faisistigh.

Agus an oiread sin éiginnteachta ann faoi thodhchaí pholaitiúil na hIodáile is ar éigean go mbeadh an tAontas Eorpach in ann dul ar aghaidh leis an bhFiontar Mór fiú dá dtaobhódh an Ghearmáin leis an bhFrainc faoin bplean óir is ag an Iodáil atá an tríú geilleagar is mó san Aontas.

Tá dhá chúis mhóra taobh thiar den tubaiste seo, agus tubaiste i súile na n- antoisceach Eorpach atá i gceist agam ar ndóigh.  Ar dtús, tá an Iodáil buailte go dona ag an Euro.  Bhain a rannpháirtíocht sa chóras sin an rogha den Iodáil díluacháil a dhéanamh nuair a bhí deacrachtaí móra eacnamaíocha acu. Roimhe sin, bhíodar in ann cosaint a thabhairt d’earnáil tionsclaíochta na hIodáile lena leithéid, ach anois tá siad oscailte ar fad don chomórtas ón nGearmáin.

Is é an toradh air seo ná bochtanas forleathan, go háirithe i ndeisceart na tíre, agus fás marbhánta ar an ngeilleagar. Agus cé go léiríonn figiúirí áirithe go raibh biseach ar eacnamaíocht na tíre ní raibh a leithéid le tabhairt faoi deara i measc na cosmhuintire ná sna ceantair bhochta.

Anuas ar na deacrachtaí sin ar fad, tá fadhb mhór ann maidir leis an inimirce.  Ó ghlac ballstáit an Aontais páirt mhór i mbriseadh tíortha ar nós na Libia, tá na mílte teifeach ag triall ar an Iodáil – fadhb a bhfuil costas mór ag baint leis ó thaobh airgid agus na sochaí de.

Tá ciníochas fíochmhar á chothú, go háirithe sna ceantair is saibhre ó thuaidh, agus ghnóthaigh La Lega an-chuid vótaí dá réir.

Ar deireadh thiar beidh La Lega nó na Cúig Réalta i mbun rialtais.

Fágann an scéal uafásach sin plean an Aontais cruth nua a chur air féin tar éis an Bhreatimeachta go mór i mbaol.

Ní bheidh aon tionchar díreach ag an scéal seo ar an mBreatimeacht féin, ach is buille eile é d’údarás an Choimisiúin agus do bhunaíocht an Aontais trí chéile.

Is cosúil mar sin go bhfuil muide in Éirinn ag díriú ár n-airde ar Aontas a bhfuil ceist mhór ann faoina bhfuil i ndán dó. Agus tá na polaiteoirí móra anseo chomh gafa sin lena ndílseacht don Aontas nach n-aithníonn siad an tAontas féin a bheith ag athrú i ngan fhios dóibh agus a bheith ag athrú ar bhealaí nach n-oireann don íomhá de a chothaítear abhus.

Fág freagra ar 'Toghchán na hIodáile ina thubaiste don Aontas Eorpach'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An sean scéal céanna ag Eoin. É ag ceapadh gur údar ceiliúrtha fás an eite dheis frith-Eorpach frith-imircigh san Iodáil anois. Nach tánaí do chuid fealsúnachta polaitíochta,a Eoin?