Tástáil do Trump – toghchán lár téarma Mheiriceá i gceann 100 lá

Ón méid atá feicthe ag ár gcolúnaí i Meiriceá le roinnt seachtainí ní dóigh léi gur baol do Trump

Tástáil do Trump – toghchán lár téarma Mheiriceá i gceann 100 lá

Pictiúr: Dominique A. Pineiro

An té a thugann a aghaidh trasna  Stát Florida na saolta seo feicfidh sé nó sí comhartha ar a bhfuil ‘Impeachment Now’ scríofa. An comhartha sóirt é seo de mheon phobal Mheiriceá i leith a nUachtaráin? An bhfuil feachtas ag bailiú nirt  le tabhairt faoi Donald Trump a tháinseamh agus a réimeas in Washington a thabhairt chun críche?

Ní hamhlaidh atá, má bhreathnaíonn tú ar an gcuid eile den teachtaireacht ar an gcomhartha – ‘Make America America again’. Tagairt do dhán é sin a scríobh Langston Hughes i 1935 faoin easpa dul chun cinn i measc lucht oibre na Stát Aontaithe maidir le saoirse agus comhionannas a bhaint amach. Imeartas focal atá ann freisin ar an nath toghchánaíochta a bhí ag Donald Trump agus é i mbun a fheachtais in 2016. Comhartha toghchánaíochta atá ann, áfach, seachas ceann a bhaineann le haon fheachtas Trump a tháinseamh.

Ceann de na coistí polaitiúla cumhachtacha ar a dtugtar ‘Super PAC’ a d’íoc as an gcomhartha ar mhórbhealach an I-4 idir Orlando agus Tampa Bay. Tuairiscítear go bhfuil suas le scór de na comharthaí sin ar fud na tíre ar fad agus iad dírithe ar áiteacha a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach sna toghcháin lár téarma i mí na Samhna.

Deir an PAC Mad Dog atá freagrach as an gcomhartha seo a chrochadh gur saoránaigh iad a bhfuil imní orthu faoin mbealach a bhfuil cúl tugtha ag Poblachtánaigh sna Stáit Aontaithe le prionsabail na saoirse agus na córa agus go dteastaíonn uathu Daonlathaigh a thoghadh le cur ina n-áit. Déan tuilleadh fiosraithe agus feicfidh tú go bhfuil comharthaí dá leithéid scaipthe ar bhóithre móra ar fud Mheiriceá agus gur iomaí sin ábhar a bhíonn i gceist leo, ina measc, smacht ar ghunnaí agus cúrsaí sláinte. Tá cuid acu dírithe go sonrach ar iarrthóirí ar leith i gceantair áirithe. Díol spéise an comhartha faoin táinseamh in Florida mar go bhfuil, mar is eol dúinn, go leor ama caite ag an Uachtarán Trump i Mar-a-Lago sa stát áirithe sin.

Cén fáth a mbíonn Florida chomh cinniúnach sin i dtoghcháin? Bhuel, is beag duine a bhfuil cuimhne acu ar thoghchán na bliana 2000 idir George W Bush agus Al Gore nach cuimhin leo caint ar Orange County agus Dade County sa stát céanna. Ba iad na vótaí ansin a shocraigh, tar éis roinnt mhaith míonna, cé a bheadh sa Teach Bán. Tá Florida anois ar an gceathrú Stát is láidre i gcóras casta toghchánaíochta Mheiriceá.

Tá 29 vóta ag an Stát sin sa gcoláiste toghchánaíochta. Bunaítear líon na vótaí a bhíonn ag stát ar an daonáireamh agus de bharr ardú suntasach a bheith tagtha ar an daonra in Florida le roinnt toghchán, tá méadú suntasach tagtha ar líon vótaí an stáit. Tá trí stát eile atá chomh tábhachtach céanna nó níos tábhachtaí fós, Nua-Eabhrac, California agus Texas.

Tá fiche a naoi vóta ag Nua-Eabhrac, an líon céanna atá ag Florida tá 38 ag Texas agus 55 ag California. An rud atá eisceachtúil faoi Florida ná go bhféadfá geall  chur ar thorthaí na dtoghchán i Nua-Eabhrac (Daonlathach), Texas (Poblachtach) agus California (Daonlathach) agus a bheith sách cinnte nach gcaillfeá do chuid airgid. Ní fhéadfaí a leithéid a rá faoi Florida. Cuimhnigh arís ar Dade County agus Orange County sa mbliain 2000! Tá Florida páirteach i dtoghcháin uachtaránachta ó 1845 i leith agus b’ionann an buaiteoir agus an té a roghnaigh muintir an an stáit sin in os cionn 30 den 42 toghchán a bhí ann ó shin.

Tá cúiseanna eile ann go ndíreofaí ar bhóithre móra Florida – tagann na scórtha míle turasóir chuig an Stát seo gach uile bhliain agus saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe atá i dteideal vótála a bhformhór acu.

Ar ndóigh ní thoghfar Uachtarán Mheiriceá faoi Shamhain ach gheobhaidh muid léargas ar mheon an phobail thall ag an tráth sin. Ón méid atá feicthe agamsa le roinnt seachtainí ní dóigh liom gur baol do Trump. Tá teoiric eile á lua i measc tráchtairí níos críonna ná mise. Teastaíonn 23 suíochán ó na Daonlathaigh le ceannas a fháil in athuair ar Theach na nIonadaithe. Thug réamhthoghcháin na seachtaine seo caite léas dóchais don pháirtí go bhfuil a leithéid indéanta.

Má éiríonn leis na Daonlathaigh an t-athrú sin i gcóimheá na cumhachta a bhaint amach tiocfaidh brú ar an lucht ceannais in Washington breathnú go fuarchúiseach ar cheist an táinsimh. Tá Robert Mueller ar a bhionda ag cruinniú fianaise, tá tuairiscí i gcuid de na meáin chuile lá faoi chásanna cúirte a bhaineann le Stormy Daniels agus tá go leor daoine agus deireadh na foighne caite acu leis an Uachtarán mar gheall ar a pholasaithe idirnáisiúnta.

Tá amhras orm, áfach, an bhfuil fonn ar pholaiteoirí tabhairt faoin bpróiseas táinsimh agus, maidir leis an bpobal, is dóigh go gcaithfear fanacht go dtí mí na Samhna lena ndearcadh sin a fháil.

Is Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Tástáil do Trump – toghchán lár téarma Mheiriceá i gceann 100 lá'