TOGHCHÁN 2016: Timpeall an timpealláin babhta amháin eile…

Agus an oiread féiríní geallta agus is féidir, céard is féidir leis na polaiteoirí a dhéanamh idir seo agus an Aoine le tú a mhealladh?

Toghchán Strap

11/2/2016. General Election Campaigns Starts

Tá an feachtas is giorra/faide riamh ag teacht chun críche agus níl ann anois ach cúpla lá. Sa dá lá amach romhainn, beidh cinneadh á dhéanamh ag daoine, ag glacadh leis nach bhfuil cinneadh déanta acu le fada. Céard is féidir leis na polaiteoirí a dhéanamh idir seo agus an Aoine le tú a mhealladh?

Tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread féiríní geallta agus is féidir. Bhí plá pobalbhreitheanna ann ag an deireadh seachtaine a bhféadfá aird a thabhairt orthu más maith leat an slua a leanacht. Is i gceann acu sin a tháinig sé chun solais go gcreideann 88% den phobal gurb é seo an feachtas ab fhaide riamh, cé gurb é a mhalairt atá fíor! Léargas, b’fhéidir ar chomh leamh agus a bhí an rud ar fad?

Beidh deis an ceathrar atá i bhfeighil na bpáirtithe is mó a fheiceáil i mbun argóna agus gleo arís anocht ar Prime Time. An ndaingneoidh sin do rogha? An rachaidh bunteachtaireacht an rialtais agus Fhine Gael go háirithe, i bhfeidhm ort? An teachtaireacht sin – bí cúramach sa rogha a dhéanann tú. Má bhíonn tú siléigeach nó faillíoch, d’fhéadfadh go roghnófá an dream mícheart agus go scriosfaí an tír in athuair.

De réir cosúlachta agus de réir na bpobalbhreitheanna tá ag eirí le Fine Gael dul i gcion ar sciar den phobal. Níl an rud céanna le rá faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus a gcuid iarrachtaí siúd cruthú nach féidir Fine Gael a scaoileadh i rialtas leo féin dá n-uireasa. Tugann sin an scéal ar fad timpeall i gciorcal mór arís. Samhlaigh go bhfuil tú ar thimpeallán agus tú ar thóir an bhóthair go Gaillimh ach nach bhfuil luaite ar na comharthaí bóthair ach Caisleán an Bharraigh. An dtéann tú amach an bóthar sin nó an dtéann tú timpeall uair amháin eile le cinntiú go n-aimsíonn tú an bóthar ceart? Mise, choinneoinn orm timpeall go dtiocfainn ar ais ag an áit ar thosaigh mé ar mhaithe le cinntiú go bhfuil mé ar an mbóthar ceart. Choinneodh daoine eile ag imeacht i ndiaidh a gcinn rompu sa seans go bhfuil siad ag dul sa treo ceart.

Ní gá gurb é sin an rogha mhícheart agus léiríonn an sciar den vóta – 30% – atá go leanúnach ag neamhspleáigh agus páirtithe beaga sna pobalbhreitheanna go gcreideann go leor gur fiú dul sa seans.

Is dóigh gurb shin an rogha atá romhainn mar phobal sna laethanta deireanacha seo sa bhfeachtas. An ndéanfaidh muid machnamh in athuair, an bhfillfidh muid ar an tús le cinntiú go n-aimsíonn muid an treo is cirte, dar linn. Bealach na seasmhachta a thabharfadh an rialtas ar an rogha sin. Nó an ngéillfidh muid don chlaonadh atá ionainn éisteacht le teachtaireacht dhifriúil agus dul sa tseans ar threo nua, ar mhalairt slí.

An rogha chiallmhar dar le go leor tráchtairí ná go rachadh Fine Gael agus Fianna Fáil i mbun rialtais le chéile nuair a bheidh deireadh ráite. Go deimhin, i rith an fheachtais ar fad ba chuma dá bhfógródh aon pholaiteoir cogadh ar Thuaisceart Éireann nó dá mbeadh ospidéil na tíre ar fad dá ndíol le Donald Trump ar mhaithe le hóstáin a dhéanamh astu, is í an chéad cheist a thiocfaidh ón urlár ‘Cé leis an bhfuil tú sásta dul i gcomhrialtas?’

Is dóigh go mbeidh freagra na ceiste sin againn as seo go ceann seachtaine ach idir an dá linn tá an beart is tábhachtaí le déanamh – do vóta le caitheamh agus rialtas le roghnú ag pobal na hÉireann.

Pé acu an roghnaíonn tú coinneáil ort timpeall go n-aimsíonn tú an bóthar ceart agus cloí leis an treo a chleacht muid nó dul ar mhalairt slí, beidh toradh na haistire againn ag an deireadh seachtaine. Go n-eirí leat!

Clár Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2016: Timpeall an timpealláin babhta amháin eile…'