Titim ‘thubaisteach’ ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a rinne an ardteist

Deir saineolaí gur ‘ábhar buartha’ atá i bhfigiúirí nua faoin ngaeloideachas  agus go léiríonn siad an neamhréir idir an méid atá á mhaíomh faoi fhás na hearnála agus an fhírinne mar atá

Titim ‘thubaisteach’ ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a rinne an ardteist

Tháinig laghdú 5% ar líon na ndaltaí a thug faoin Ardteistiméireacht i scoileanna lán-Ghaeilge in 2024 le hais na bliana seo caite.

Deir saineolaí oideachais gur ‘tubaiste’ don ghaeloideachas an laghdú ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a rinne an ardteist i mbliana.

Tháinig laghdú 5% ar líon na ndaltaí a thug faoin Ardteistiméireacht i scoileanna lán-Ghaeilge in 2024 le hais na bliana seo caite, de réir na bhfigiúirí a foilsíodh i dtáblaí scoileanna The Irish Independent inné.

Rinne 1611 duine i scoileanna lán-Ghaeilge nach scoileanna DEIS iad an Ardteist in 2024 – titim 5% ar an 1688 a rinne an Ardteist in 2023. Drochscéal a bhí sna figiúirí do na scoileanna DEIS freisin agus titim mhór tagtha ar an gcéatadán daltaí a chuaigh ar aghaidh chuig an oideachas tríú leibhéal. Chuaigh 56% de na daltaí i scoileanna DEIS lán-Ghaeilge ar aghaidh chuig an tríú leibhéal in 2024, titim suntasach ar an 68% a rinne amhlaidh anuraidh.

Dúirt an saineolaí oideachais agus ollamh emeritus ó DCU Pádraig Ó Duibhir gur “ábhar buartha” iad na staitisticí seo agus go léiríonn siad nach bhfuil an méid “a mhaítear sna meáin chumarsáide agus sa Dáil faoi dhul chun cinn an oideachais lán-Ghaeilge” ag teacht leis “an fhírinne mar atá” sna scoileanna.

“Is cinnte gur ábhar buartha é, mar cloiseann muid go leor sna meáin agus ó pholaiteoirí a chuireann an fás atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna chun cinn mar dhea-chomhartha agus mar ábhar dóchais do thodhchaí na Gaeilge, ach is í an fhírinne go bhfuil titim ann.

“Tá an titim 5% sin tubaisteach go maith agus léiríonn sé an rud atá mo leithéide ag éileamh le fada – go leanfaí leis an bhfás agus leis an tacaíocht do na scoileanna lán-Ghaeilge. Is gá, ní hamháin freastal ar an éileamh atá ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí ach tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do na scoileanna atá ann cheana,” a dúirt Ó Duibhir le Tuairisc.

Dúirt sé go bhfuil meánscoileanna lán-Ghaeilge ann nach bhfuil na “hacmhainní ná na háiseanna” cuí acu le tacú leis na daltaí “barr a gcumais a bhaint amach” agus go bhfuil easnaimh mhóra ann i dtaobh na riachtanas breise freisin.

“Tá tacaíocht chuí ag teastáil ó dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu i scoileanna lán-Ghaeilge. Caithfear a bheith in ann tacú leis na daltaí sin sna scoileanna lán-Ghaeilge nó imeoidh siad leo go scoileanna lán-Bhéarla, áit a bhfuil na tacaíochtaí sin ar fáil,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Duibhir go léiríonn na staitisticí go bhfuil “tacaíochtaí cuí” ag teastáil ó na scoileanna DEIS atá sa Ghaeltacht. Dúirt sé gur “sna ceantair Ghaeltachta atá cuid de na scoileanna DEIS is mó a dteastaíonn tacaíochtaí uathu”.

Léirigh na figiúirí a foilsíodh inné go dtéann céatadán níos airde de dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal ná mar a théann daltaí ó scoileanna táille.

96.4% de dhaltaí Ardteiste i scoileanna lán-Ghaeilge nach scoileanna DEIS iad a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, i gcomparáid le 92.4% i gcás scoileanna táille. 79.6% an meán náisiúnta a bhí ann do gach cineál scoile.

Maidir leis na scoileanna DEIS lán-Ghaeilge, chuaigh céatadán níos lú daltaí i mbliana ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal, 55.9%, ná an meán náisiúnta i gcás scoileanna DEIS Béarla, 63.8%.

San iomlán 1,888 dalta a bhí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge a rinne scrúdú Ardteiste i mbliana, nó 3.1% de líon na ndaltaí a fuair a dtorthaí an fómhar seo.

Ní bhfuair 23% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, an céatadán daltaí is airde riamh nach bhfuair toradh don Ghaeilge.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir, a bhí ina stiúrthóir ar Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Foghlaim agus Teagasc na Gaeilge, go bhfuil tionchar an-mhór ag na deacrachtaí sóisialta atá in Éirinn ar dhaltaí Ardteiste agus ar líon na ndaoine a théann ar aghaidh ón scolaíocht dara leibhéal go dtí an tríú leibhéal.

“Ag breathnú ar an tuairisc sin, is léir go gcabhraíonn sé má tá institiúid tríú leibhéal in aice láimhe. Tá stádas DEIS ag na scoileanna Gaeltachta atá níos faide amach ó choláistí tríú leibhéal agus caithfidh an córas aghaidh a thabhairt air sin. Tá an ghéarchéim lóistín ag cur isteach ar dhaoine, má tá cónaí ort níos faide ó bhaile, bíonn sé níos costasaí – idir chostais lóistín agus chostas taistil – ar na daltaí sin.

“Theastódh tuilleadh iniúchta ar na figiúirí sin ar fad. Tá ráta an-ard de dhaltaí a théann ar aghaidh chuig an tríú leibhéal sa tír seo i gcomparáid le tíortha eile, ach tá sé tábhachtach leis go mbeadh roghanna éagsúla ag daoine. Baineann sé sin le gach aon scoláire, go mbeadh rogha printíseachtaí agus saghas breisoideachas nach sa choláiste amháin atá sé,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Titim ‘thubaisteach’ ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a rinne an ardteist'