Téann céatadán níos airde de dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal ná mar a théann daltaí ó scoileanna táille, de réir figiúirí nua.
De réir eolais a foilsíodh san Irish Times agus san Irish Independent ar maidin, bhí Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal i mbliana.
Trí cinn de ghaelcholáistí eile a bhí i measc an 20 iarbhunscoil is mó a sholáthair mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair i gCorcaigh sa seachtú háit agus bhí Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh sa deichiú háit. Bhí Coláiste Eoin, atá ar an gcampas céanna le Coláiste Íosagáin, sa 14ú háit agus bhí Gaelcholáiste Cheatharlach sa 19ú háit.
96.4% de dhaltaí Ardteiste i scoileanna lán-Ghaeilge nach scoileanna DEIS iad a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, i gcomparáid le 92.4% i gcás scoileanna táille. 79.6% an meán náisiúnta a bhí ann do gach cineál scoile.
Maidir leis na scoileanna DEIS lán-Ghaeilge, chuaigh níos lú daltaí i mbliana ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal ná an meán náisiúnta. 55.9% a bhí i gceist i gcás scoileanna DEIS lán-Ghaeilge i gcomparáid le 63.8% i gcás scoileanna DEIS Béarla.
68% de dhaltaí scoileanna DEIS lán-Ghaeilge a chuaigh ar aghaidh dtí institiúid tríú leibhéal anuraidh.
Bíonn roinnt conspóide ag baint i gcónaí le liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.
Siún
An namhad is mó atá ag an an Gaeloideachas ná an Roinn Eolaíochta agus Oideachais. Ná constaicí mhóra atá curtha ag an Roinn roimh tuismitheoirí gur mhaith leo Gaelcholáistí do bheith ar fáil is cuis leis an meath.