Titim shuntasach ar an éileamh ar aerálaithe sna hospidéil le coicís anuas

Os cionn 150 leaba sna hionaid dianchúraim folamh aréir agus tá 133 duine a bhfuil Covid-19 orthu nó a mheastar an galar a bheith orthu sna haonaid dianchúraim

Titim shuntasach ar an éileamh ar aerálaithe sna hospidéil le coicís anuas

Tháinig titim shuntasach le coicís anuas ar líon na n-othar a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu agus a bhí ag brath ar aerálaithe sna hionaid dianchúraim in ospidéil na tíre. 

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur thit an t-éileamh ar aerálaithe 64% le coicís anuas. 67 othar a bhí ag brath ar aerálaí san ospidéal ag 6.30pm aréir i gcomparáid le 105 duine ar an 13 Aibreán.

Bhí titim níos suntasaí fós ar líon na ndaoine a raibh amhras go raibh Covid-19 orthu agus a bhí curtha ar aerálaí le hiad a choinneáil ina mbeatha. Thit líon na n-othar sin ó 15 othar ar an 13 Aibreán go dtí cúigear aréir.

Othair le Covid-19 (deimhnithe) ar aerálaithe

Othair ar aerálaithe a measadh Covid-19 a bheith orthu

Bhí 120 othar a raibh Covid-19 orthu in ionaid dianchúram na n-ospidéal aréir agus 67 acusan ar aerálaithe. Os a choinne sin bhí 153 leaba sna hionaid dianchúram folamh aréir.

Tá 520 leaba ar fáil anois sna hionaid dianchúraim ach níl ach 418 acusan ‘oscailte’ agus foireann ar dualgas le dul ina mbun. D’fhéadfaí an 102 leaba eile sin a oscailt ar an bpointe dá mbeadh éileamh orthu. 

Ní othair le Covid-10 amháin atá sna hionaid dianchúram faoi láthair. Bhí 147 othar le tinnis thromchúiseacha eile sna hionaid sin i dteanna an 120 othar a bhfuil Covid-19 orthu. 

Maidir leis na contaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta is in ospidéil na Gaillimhe is mó a bhí leapacha folmha sna haonaid dianchúraim aréir. Bhí 22 leaba ar fáil ansin, 15 in Ospidéal na hOllscoil, Gaillimh agus seacht gcinn i gClinic na Gaillimhe.

Seo mar a bhí na figiúirí sna hospidéil eile a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht; Corcaigh (10) áit a raibh trí leaba in Ospidéal na hOllscoile agus seacht gcinn in Ospidéal Phríobháideach an Bons; Maigh Eo (7); Trá Lí (6), Leitir Ceanainn (6), Port Láirge (5), An Uaimh (3).

Beagán sa bhreis ar 1,000 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil aréir, idir cásanna deimhnithe agus cásanna ar mheas dochtúir gurbh é an galar a bhí i gceist.

Fág freagra ar 'Titim shuntasach ar an éileamh ar aerálaithe sna hospidéil le coicís anuas'