Tá sé i gceist tús a chur le seirbhís ateangaireachta ó Bhéarla go Gaeilge i dTithe an Oireachtais.
Tá an tseirbhís nua beartaithe mar chuid de phlean chun feabhas a chur ar na seirbhísí ateangaireachta atá ar fáil i dTeach Laighean.
Tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtais foireann ateangaireachta ar leith a earcú i mbliana agus níos mó áiseanna a chur ar fáil don ateangaireacht.
Bhí seirbhísí ateangaireachta Thithe an Oireachtais i mbéal an phobail le gairid nuair a dúirt Catherine Connolly, Leas-Cheann Comhairle na Dála, nach raibh an córas atá ann anois “cuimsitheach” ná “cuí chun muinín a thabhairt duit”.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách an méid sin i ndiaidh d’Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, cinneadh a dhéanamh Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é.
Agus é ag déanamh cosaint ar an gcinneadh sin, dúirt Esslemont nach bhféadfadh sé é a fhágáil faoi aistritheoir a theachtaireacht a chur in iúl i mbliain a bhí “an-tábhachtach” do TG4.
Ag éirí as an gconspóid sin, thug Tithe an Oireachtais le fios do Tuairisc.ie go bhfuil socruithe á ndéanamh acu chun cur lena seirbhís ateangaireachta.
Córas ateangaireachta éighníomhaí, ceann a dhéanann aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla amháin, atá in úsáid i dTithe an Oireachtais i láthair na huaire ach tá sé i gceist seirbhís ó Bhéarla go Gaeilge a chur ar fáil freisin den chéad uair.
Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais le Tuairisc.ie go gcuirfidh an t-athrú seo “go mór le leanúnachas aonteangach na díospóireachta do lucht úsáidte an chórais”.
Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist meitheal ateangaireachta a earcú trí chomórtas poiblí atá le seoladh san fhómhar. Beidh an fhoireann seo ag plé den chuid is mó leis an tseirbhís ateangaireachta.
Faoi láthair, is iad an fhoireann chéanna a sholáthraíonn na seirbhísí aistriúcháin agus na seirbhísí ateangaireachta i dTithe an Oireachtais.
Anuas air sin, tá bothanna breise ateangaireachta le tógáil i rith shos an tsamhraidh chun líon na mbothanna a mhéadú ó cheithre bhoth go dtí ocht mboth.
“Agus an obair sin curtha i gcrích, cuirfear ar chumas Sheirbhís Thithe an Oireachtais an córas a fhorbairt sna blianta beaga atá amach romhainn agus freastal ar roinnt de na pointí a d’ardaigh an Leas-Cheann Comhairle,” a dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais le Tuairisc.ie.
Dúirt an t-urlabhraí gur cheist d’Alan Esslemont é pé ceann de na teangacha oifigiúla ba mhian leis a úsáid agus é ag caint i dTithe an Oireachtais.
Tá seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil i dTithe an Oireachtais ón mbliain 1972.
Donncha Ó hÉallaithe
Ní theastaíonn ateangaireacht ó Béarla go Gaeilge i dTeach Laighean agus ní cúis cheiliúrtha ar bith é go mbeadh airgead poiblí á chur amú ar a leithéid. Cinnte teastaíonn daoine sna ranna éagsúla rialtais a bheadh in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge, seirbhís NACH bhfuil ar fáil agus a bhfuil tábhacht leis.
B’fhearr an t-airgead poiblí, a chosnódh an seirbhís nua ateangaireachta i dTeach Laighean, a chaitheamh ar sheirbhís níos fearr a chur ar fáil i nGaeilge sna ranna stáit seachas a bheith á chaitheamh amú ar sheirbhís nach bhfuil agus nach mbeidh aon éileamh air ná gá leis, dar liomsa.
Dáithí Mac Cárthaigh
Beidh sé seo ina chabhair mhór do bhaill an Oireachtais cur lena gcuid téarmaí Gaeilge, rud riachtanach chun úsáid na Gaeilge a éascú sa dá theach.
Colmcille Ó Monacháin
An-dea-scéal é seo do phobal na Gaeilge agus do shaoránaigh na Gaeilge.
Céim thábhachtach ionsar dheireadh a chur le héigeantas an Bhéarla i ngnó na polaitíochta agus sa tsaol phoiblí. Níor mhór teannadh a chur leis an obair seo ionas, má ba mhall féin é (agus an Stát ann le beagnach céad bliain), go mbeadh Teachtaí Dála, Seanadóirí, iriseoirí…agus saoránaigh…ábalta “a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear” (Bunreacht na hÉireann, Airteagal 1).
Mar a dúirt an té a dúirt: Seo an rud a bhfuil [agus a raibh] sé uilig fá dtaobh de!
Donncha Ó hÉallaithe
Sin togha dá n-úsáidfí é, a Dhaithí, ach ní fheicim aon Teachta Dála nó Seanadóir ag cur na gcluasán orthu le aistriúchán i nGaeilge a fháil ar oráid i mBéarla! Tá sé seo níos measa ná an cur amú airgid atá ar bun san Aontas Eorpach le ateangaireacht. Más é an aidhm atá leis cur leis an dtéarmaíocht i nGaeilge atá ag baill an Oireachtais, mholfainn Ap a fhorbairt dóibh a fhéadfaídís a chur ar a gcuid fón póca! Ní chosnódh sé mórán agus bheadh níos mó éifeacht.