Tír Eoghain le croitheadh a bhaint as Baile Átha Cliath ach an mbeidh siad sách maith dóibh?

Meastar go mbeidh sárchluiche leathcheannais ann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus daoine ag tabhairt an-seans do Thír Eoghain teacht aniar aduaidh ar Bhaile Átha Cliath

Tír Eoghain le croitheadh a bhaint as Baile Átha Cliath ach an mbeidh siad sách maith dóibh?

Fear Thír Eoghain, Sean Cavanagh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Nuair a cuireadh tús le Craobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana, mheas go leor daoine go raibh Maigh Eo agus Ciarraí fós chun cinn ar Thír Eoghain ó thaobh na bhfoirne is mó a raibh seans acu Baile Átha Cliath a shárú in 2017. Anois áfach, i ndiaidh a gcuid taispeántas i gCraobh Uladh, chuaigh foireann Mickey Harte i bhfeidhm ar go leor daoine agus an dearcadh ann go dtabharfaidh siad neart le déanamh do churaidh na hÉireann.

Is beag nach bhfuair Tír Eoghain an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath cheana féin i mbliana. Nuair a chas siad ar a chéile sa tsraith mí Feabhra, bhí ar Dean Rock cic saor a shlánú agus an t-am caite lena chinntiú gur chríochnaigh na foirne ar comhscór.

Tá córas acu a thugann an-chuid deacrachtaí do Bhaile Átha Cliath. Níl cluiche caillte sa chraobh ag na Laighnigh ó tháinig Dún na nGall aniar aduaidh orthu sa chluiche leathcheannais in 2014 ach tá sé suntasach go bhfuil stíl imeartha Thír Eoghain an-chosúil leis an gcóras a d’úsáid na Conallaigh trí bliana ó shin agus iad ag tabhairt go leor imreoirí siar sula dtéann siad ar an bhfrithionsaí.

Tá go leor foghlamtha ag Jim Gavin ón gcluiche sin trí bliana ó shin áfach agus níl cosaint a fhoirne leath chomh bog agus a bhíodh agus tá máistreacht faighte ag Cian O’Sullivan ar ról an chosantóra le cois.

É sin ráite, chruthaigh Cill Dara roinnt deiseanna ar chúil i gcluiche ceannais Laighean i mbliana agus is cinnte go mbeidh staidéar déanta ag Mickey Harte ar an gcluiche sin agus é ag iarraidh laigí Bhaile Átha Cliath a aithint.

Beidh cead imeartha ag Diarmuid Connolly tar éis don thréimhse atá caite aige ar fionraí agus beidh sé suimiúil an mbainfidh Gavin úsáid as ó thús an chluiche. Agus Connolly as láthair, níor bhraith Baile Átha Cliath uathu rómhór é mar d’aimsíodar 7-71 sna trí chluiche nach raibh sé ar fáil dóibh. Agus gach cuma ar an scéal go gcuirfidh Tír Eoghain na sluaite siar sa chosaint áfach, bheadh cumas Connolly pointí a aimsiú agus é i bhfad amach úsáideach.

Cé go ndearna Tír Eoghain scrios ar leith in Ulaidh i mbliana, ní fhéachann cuid de na buanna sin chomh hiontach céanna ó chonaic muid cuid de na lagthaispeántais a thug na foirne a sháraíodar i gcraobh an chúige níos déanaí sa chraobh, go háirithe Dún na nGall.

Mar sin, seans gurb é cluiche an lae inniu an chéad scrúdú ceart a dhéanfar ar Thír Eoghain i mbliana. Cé go bhfuil gach seans go mbainfidh siad croitheadh as curaidh na hÉireann, is dóigh go mbeidh Baile Átha Cliath fós róláidir dóibh ar deireadh.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Tír Eoghain le croitheadh a bhaint as Baile Átha Cliath ach an mbeidh siad sách maith dóibh?'

  • Pól Réamonn

    Bhí BÁC i bhfad ró-láidir dó Thír Eoghain inniu. BHí an cath críochnaithe tar éis 7 nóimead.