Tionscal an fhaisin ag tacú le Black Lives Matter, ach gníomh seachas geallúintí ag teastáil

Spreag marú George Floyd féinscrúdú i dtionscal faoina bhfuil amhras go bhfuil an ciníochas fréamhaithe go láidir ann

Tionscal an fhaisin ag tacú le Black Lives Matter, ach gníomh seachas geallúintí ag teastáil

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews

Thug mé suntas ar leith le coicís anuas don dearcadh i measc lucht ceannais i dtionscal an fhaisin agus na stíle ar fud an domhain faoin eachtra uafásach in Minneapolis Mheiriceá ianr maraíodh George Floyd.

Bhí áthas orm a fheiceáil gur thóg go leor den lucht údaráis i gcúrsaí faisin seasamh láidir poiblí in aghaidh an chiníochais agus an na brúidiúlachta.

Ní le hagóidí sráide ná léirsithe a nocht lucht faisin a dtuairimí ach le ráitis agus le geallúintí.

Bhí beagán ann nár dhúirt tada agus iad sásta, is léir, gur ‘binn béal ina thost’.

Ar ndóigh, tá imní ann le fada go bhfuil gnéithe den chiníochas fréamhaithe go láidir i gcúrsaí faisin, stíle agus áilleachta. Ní bhaineann seo le heaspa deiseanna fostaíochta amháin. Is annamh go dtugtar tús áite do mhainicíní dubha in irisí faisin, rud a laghdaíonn a stádas mar dhea-shampla na háilleachta. Chomh maith leis sin, ní thugtar cothrom na Féinne do dhaoine dubha sa rogha smididh a tháirgeann na comhlachtaí móra – ní bhíonn ar fáil ach an beagán nuair a chuirtear rogha leathan ar fáil do dhaoine geala.

Bhí an scríbhneoir Caroline Hirons, a bhfuil seasamh idirnáisiúnta aici, ar dhuine de na chéad daoine sa tionscal a labhair amach go láidir faoin ábhar i ndiaidh mharú George Floyd. D’fhorbair sí acmhainn oideachais faoin gciníochas agus d’eagraigh sí achainí ar líne. Gheall sí go ndeonódh sí an brabach ar fad ón táirge cúram cnis amháin atá ar an margadh aici d’fheachtais charthanachta a bhí dírithe ar dhaoine dubha.

Dúirt Victoria Beckham go raibh grúpa oibre bunaithe aici ina comhlacht féin féachaint le cothromaíocht níos fearr a chur chun cinn ann. Cé nach bhféadfaí an leatrom agus an ciníochas a leigheas thar oíche, dar léi, ní fhéadfaí fanacht ‘lá amháin eile’ le dul i ngleic leis.

Chuaigh an comhlacht mór le rá Glossier céim níos faide agus gheall siad go dtabharfaidís leathmhilliún dollar d’fheachtais leis an chothromaíocht shóisialta a chur chun cinn agus leathmhilliún eile i ndeontais do chomhlachtaí áilleachta gur le daoine dubha iad.

Thug Sharon Chuter, príomhfheidhmeannach UOMA Beauty, dúshlán na mbrandaí móra faisin eolas a fhoilsiú faoi líon na ndaoine dubha atá fostaithe acu agus faoin mhéid acusan atá i bpoist bhainistíochta. Dhírigh sí a haird go speisialta ar na comhlachtaí faisin sin a raibh ráitis phoiblí déanta acu in aghaidh an chiníochais ach a mbeadh amhras faoina gcuid polasaithe féin maidir le cothromaíocht. ‘PULL UP or SHUT UP!’ an chomhairle a bhí aici dóibh.

Bhí L’Oréal Paris agus Shiseido i measc na scortha comhlachtaí móra a d’fhoilsigh an t-eolas a d’éiligh sí agus mura raibh cothromaíocht i gceist bhí trédhearcacht ann ar a laghad. Ní miste a mheabhrú gur bhris L’Oréal Paris an mainicín trasinscneach dubh Munroe Bergdorf as obair sa bhliain 2017 as aird a tharraingt ar an chiníochas. Ghabh ceannasaí nua L’Oréal Delphine Viguier leithscéal le Bergdorf le linn na seachtaine seo agus ghlac an mainicín le tairiscint filleadh ar an gcomhlacht mar chomhairleoir ar chúrsaí cothromaíochta.

Dúirt Patricia Bright, tionchaire aitheanta de chuid an chine dhuibh sa Bhreatain gur gá a bheith san airdeall lena chinntiú go mbeadh níos mó i gceist ná an ‘cúpla focal’ sna ráitis seo.

Gníomh dearfach a theastaíonn, dar léi, agus dúirt go mbeadh a thoradh le feiceáil ó thaobh airgeadais agus brabúis ag na comhlachtaí sin a thugann faoin gcothromaíocht a chur i bhfeidhm.

Rinneadh cuid mhaith cáinte ar na meáin shóisialta sa tír seo faoi Brown Thomas, nach ndearna ach ráiteas gairid amháin faoin ábhar. Dúirt siad gur thacaigh siad le cuimsiú, éagsúlacht agus cothromaíocht agus gur cheart seasamh go láidir i dtacaíocht le daoine gorma. Bhí lucht a gcáinte den bharúil gur theastaigh gníomh praiticiúil níos treise ón gcomhlacht cáiliúil sin.

Cibé cineál féinscrúdú atá ar bun anois i dtionscal an fhaisin agus na háilleachta is mór an trua gur thóg sé marú brúidiúil ar shráideanna Minneapolis lena thosú.

Tá ceacht eile le foghlaim ón bhfeachtas Black Lives Matter – ní leor do dhuine gan a bheith ciníoch, is gá oibriú go gníomhach in aghaidh an chiníochais.

Fág freagra ar 'Tionscal an fhaisin ag tacú le Black Lives Matter, ach gníomh seachas geallúintí ag teastáil'