Thugas móid agus ní rófhada ó shin in aon chor é, ná féachainn air, ná léifinn faoi is ná scríobhfainn focal go deo arís mar gheall ar an dTrumpaire éadtrócaireach san atá buailte faoi i dTeach Bán na Stát Aontaithe.
Ar mhaithe lem’ bhrú fola agus codladh na hoíche, tá’s agat.
Ach nuair a chím gur thug sé turas le fíordhéanaí ar an tír álainn sin Vítneam, phrioc an t-áibhirseoir mé dul i mbun pinn arís.
Níl scáth ná náire ar an amhailt oráisteach turas a thabhairt ar pháirc an áir, áit ar dhein Meiriceá oiread san scrios leathchéad bliain ó shin.
Áit inar shil na mílte saighdiúir Meiriceánach fuil a gcroí agus é féin ag baile agus teastas dochtúra aige ag deimhniú go raibh na sála aige leochaileach agus ná féadfadh sé troid ar son a thíre.
Sin gaiscíoch agat.
Ní raibh scáth ná náire air agus é ann bualadh le hiarthrodairí míleata a chuir a mbeatha i mbaol agus é fhéin ag caitheamh a thóna ag baile.
Mhol sé go haer iad ar son an méid a dheineadar.
Mar is eol dúinn, cháin sé agus dhein scigmhagadh faoin Seanadóir John McCain a throid i Vítneam agus a chaith blianta i ngéibheann ann, toisc nár éirigh leis na cosa a thabhairt leis.
Meatachán ab ea McCain toisc gur rugadh air, dar leis an Trumpaire tarcaisneach.
Tá a gcrúibíní in airde ag aoir agus íoróin tar éis an méid sin.
Agus mé ar cuairt ar an tír álainn sin Vítneam níos túisce sa mbliain thug an treoraí a bhí agam sonc beag faoi John McCain, nuair a thaispeáin sí dom an cuan inar thuairt a eitleán.
Ní foláir nó bhí a chúis aici mar gur san áit sin a rugadh agus a tógadh í, agus léirigh a heaspa urraime do Mheiriceánaigh cén taobh den throid a bhí a muintir.
Ní tógtha uirthi sin é, ach é siúd thuasluaite, seithe leathair atá air.
Bhí a bheith ag éisteacht le treoraithe i Vítneam an-suimiúil ar fad.
Ní róbhuíoch a bhí duine eile acu de na Francaigh, dream eile a chaith cúpla tréimhse i mbun coilíneachta sa réigiún.
Maíonn na leabhair thurasóireachta gur fhág sibhialtacht na Fraince rian suntasach ar cuisine agus ar chultúr thuaisceart Vítneam.
Má d’fhág, is go seanbhlastúil a chuir treoraí amháin síos orthu.
An chéad rud a dhein an Francach nuair a tháinig sé anseo, ar sé, ná príosún a thógaint.
Príosún, arsa an treoraí, a líonadar le héinne againne a d’fhéach cam orthu.
Ní róbhuíoch ach oiread a bhí an treoraí dá chomharsa béal dorais, an Síneach.
Táimid clipthe acu gach aon lá riamh, ar sé.
‘Ag scaoileadh piléar lenár n-iascairí bochta atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach. Ag faire ar a bhfuil againn a bhaint dínn aon seans a fhaigheann siad.’
Bail ó Dhia ar na treoraithe céanna ná raibh aon ní PC mar gheall orthu!
Níor chuireadar fiacail ann.
Níl tionscal na turasóireachta ach ina thús i Vítneam. Mo ghraidhin iad.
Nuair a thiocfaidh na sluaite Francach, Síneach agus Meiriceánach i dtír chucu, beidh siad i bhfad níos cáiréisí lena mbriathra ar mhaithe le pingin a thuilleamh.
Is craosach an t-ainmhí an turasóireacht, agus mé fhéin go minic á chothú, admhaím.
Meallann tíortha i bhfad i gcéin mé.
Dea-aimsir. Ceol is cultúr. Teampaill is déithe.
Taobh tíre gleoite, radharcanna gléineacha, daoine áille cúirtéiseacha gan trácht ar bhia den scoth ar bheagán costais.
Cad eile a bheadh ag teastáil ó chuairteoir sa lá atá inniu ann? arsa an duine gan choinsias.
In áit ar nós Vítneam agus fios maith ag cuairteoir na tubaistí uafásacha a tharla ann ní fada ó shin in aon chor, bheifeá i gcás idir dhá chomhairle agus do wanderlust á shásamh agat ar chóir duit a bheith ann in aon chor.
Ní hamhlaidh don Trumpaire, bail air.
Ailililiú!
An-alt, a Sheosaimhín!
Is suarach an sampla duine é an Trumpadóir gan amhras.