Thug na hIodálaigh cic sa tóin dúinn agus níl cúis ar bith nach gcloífear anois na Francaigh

Ar a raibh d’fhianaise sa gcluiche i gcoinne na hIodáile an Domhnach seo caite, beidh gá le hathrú iomlán ar chur chuige na hÉireann más áil leo an lámh in uachtar a fháil ar na Francaigh

Cian Healy. INPHO/Dan Sheridan
Cian Healy. INPHO/Dan Sheridan

Seans maith go raibh Joe Schmidt ag rá ‘jab déanta arís, ach ar éigean’ leis féin i ndiaidh an taispeántais leamh agus an bua seacht bpointe ar na hIodálaigh an Domhnach seo caite. Ba é an cluiche sin an chéad tástáil cheart a fuair na hEireannaigh sa gcomórtas domhanda go dtí seo. Ní amháin sin ach bhí chuile duine, na geallghlacadóirí féin, fiú, ar aon fhocal roimh an tús; bheadh an lá go héasca le fir Joe Schmidt. 

Dar ndóigh, ní amhlaidh a bhí. Murach greamú iontach a rinne Peter O’Mahony, a cheil úd ar an Iodáil, seans go mbeadh port eile ar fad againn inniu. Ach bhí an bua againn, agus lena cheart a thabhairt do Joe Schmidt agus a fhoireann, sin a theastaigh. Chinntigh an bua go bhfuil áit sna babhtaí ceathrúceannais slánaithe ag na Gaeil, ach cén áit, a deir tú?

Mar a phléigh mé in alt roimhe seo, beidh foireann bharr an tábla i grúpa na hÉireann, grúpa D, ag imirt na foirne a bhíonn sa dara háit i ngrúpa C. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá muid féin agus na Francaigh ag roinnt bharr tábla D. Beidh an dá fhoireann ag tabhairt faoina chéile ar an Domhnach le teacht ar churaidh an ghrúpa.

Tá tábhacht ar leith ag baint le bheith ar bharr an tábla inár ngrúpa. Beidh an fhoireann sin in ann na hAll Blacks a sheachtaint sna babhtaí ceathrú ceannais. Is é an leagan amach atá ar na babhtaí ceathrú ceannais ná go mbeidh foireann bharr an tábla sa ngrúpa s’againne i gcoinne an dara foireann i ngrúpa C, sin an Airgintín faoi láthair agus beidh an dara foireann sa ngrúpa s’againne i gcoinne fhoireann bharr an tábla i ngrúpa C, nó na hAll Blacks. 

Cuireann sé seo ar fad leis an mbrú damanta atá ag baint le cluiche an Domhnaigh i gCaerdydd idir Éire agus an Fhrainc. Beidh na buaiteoirí ag imirt i gcoinne na hAirgintíne sna cluichí ceathrú ceannais agus cosán níos éasca acu go dtí na cluichí leathcheannais dá réir. Ochtú nóiméad i dteannta churaidh  an chomórtais, na hAll Blacks atá i ndán don fhoireann a chailleann an cluiche seo. 

Anois ar a raibh d’fhianaise sa gcluiche i gcoinne na hIodáile an Domhnach seo caite, beidh gá le hathrú iomlán ar chur chuige na hÉireann más áil leo an lámh in uachtar a fháil ar na Francaigh. Ó tharla go bhfuil fáil arís ar Rob Kearney, seans gurb é a bheas mar lán chúlaí. Ní raibh imirt ná fiú dearcadh Simon Zebo leath sách maith sa suíomh sin. Seans freisin gurb é Payne a bheas sa lár páirce le Henshaw. Ach is cuma cé a bheas ann, beidh gá le meon nua ionsaitheach agus cruthaíoch, tréithe nach raibh le feiceáil i gcoinne na hIodáile.

Freisin lig an dianmhachnamh síos an pháirtnéireacht leathchúil cúpla babhta, gan trácht ar an gcic éirice agus é faoi brú a chuir Sexton amú. Bhí na deacrachtaí céanna i measc na dtosaithe, gan iad in ann a marc a leagan san imirt chleachtaithe, sa gclibirt go háirithe.

Má imríonn muid mar sin ná fiú gar don chineál sin imeartha, beidh ár gcosa nite, agus bainfidh na Francaigh chuile leas as.     

Ach tá mise ag súil go ndearna an Iodáil gar mór dúinn. Tá súil agam gur thug siad an cic sa tóin a theastaigh uainn ag am ar theastaigh sé go géar uainn. Má thugann muid aird ar seo níl cúis ar bith nach mbeidh muid in ann na Francaigh a chloí, ainneoin an méid agus toirt atá iontu agus go deimhin, a bhfuil bainte amach acu sna coirn dhomhanda go dtí seo.   

Má theipeann orainn an Domhnach seo, ní chuirfear as an gcomórtas sinn ach cuirfear go mór leis an dúshlán a bhaineann le háit a fháil sna cluichí leathcheannais, áit nach raibh againn riamh roimhe seo. Ach sin ábhar cainte do lá eile. Roimhe sin tá ochtú nóiméad crua, fíochmhar agus neirbhíseach amach romhainn ar fad.

Fág freagra ar 'Thug na hIodálaigh cic sa tóin dúinn agus níl cúis ar bith nach gcloífear anois na Francaigh'