Oíche Nollag sa mbliain 1922 léadh Aifreann an mheán oíche i séipéal an Churraichín i gCiarraí. Bhí an Cogadh Cathartha ar siúl ag an am. Bhí díorma Poblachtach i bhfolach sna cnoic suas ón séipéal. Cé gur thuig siad go maith go raibh contúirt ag baint leis, bhí an creideamh Caitliceach chomh doimhin ina n-intinn gur shocraigh siad a dhul chuig an Aifreann.
D’fhág siad na gunnaí taobh amuigh den séipéal.
Bhí scéala tugtha ag an sagart do shaighdiúirí an tSaorstáit. Leath bealaigh tríd an Aifreann, tháinig lán leoraí de na Státairí taobh amuigh.
Bhí sé ina ruaille buaille ceart nuair a thosaigh siad ag gabháil na bPoblachtach.
D’fhéach cuid de na Poblachtaigh le dhul faoi dhéin a gcuid gunnaí ach níor éirigh leo. D’éalaigh cuid eile amach na taobhdhoirse. Gabhadh seachtar acu istigh faoin altóir.
Gabhadh beirt agus fiche óglach ar fad.
Shílfeá go mbeadh níos mó céille acu ná a dhul chuig an Aifreann sin ar chor ar bith. Ní raibh an chuid ba mhó de na sagairt le trust.
Cúpla mí roimhe sin, d’eisigh na heaspaig ráiteas sollúnta ag cáineadh na bPoblachtach – na Neamhrialtaigh mar a thugaidís féin agus lucht an tSaorstáit orthu.
Seo mar a dúirt siad:
“Níl údarás dleathach ar bith ag an bhfeachtas dúnmharaithe agus feallmharaithe in aghaidh na bhfórsaí Náisiúnta… níl bunús morálta leis an treallchogaíocht atá ar bun ag na Neamhrialtaigh agus, dá bhrí sin, is dúnmharú os comhair Dé marú saighdiúirí Náisiúnta agus is beart coiriúil réabadh bóithre, droichead agus iarnród. Dream ar bith atá ag sárú an teagaisc seo agus atá páirteach sna coireanna seo, tá peaca trom déanta acu agus ní féidir é a mhaitheamh dóibh sa bhfaoistin ná Comaoineach a thabhairt dóibh go dtí go n-éirí siad as.”
Níorbh é an chéad uair é a ndearna na heaspaig a leithéid de chaint. Ba í an teachtaireacht chéanna a bhí acu do na Fíníní.
Fós féin, bhíodh faitíos a gcraicinn ar Phoblachtaigh i gcónaí smacht a chur ar shagairt a mbíodh sé tuillte go maith acu.
Bhí fear darbh ainm Tim Kennedy ina oifigeach faisnéise ag an IRA i gCiarraí le linn Chogadh na Saoirse. Chuala sé go ndearna sagart as an áit scéala ar bhean gnó a bhí báúil leis an IRA.
Doiminiceach darbh ainm E.H. Collins ba ea an sagart. Bhí sé ina shéiplíneach in arm na Breataine.
Chuaigh na Dúchrónaigh go dtí teach na mná agus dhóigh siad an teach agus a hionad gnó go talamh.
Chuaigh an Cinnéideach i gcomhairle le Finbar Ryan, athair Uachtaráin na nDoiminiceach.
“This is no priest of God,” a dúirt Finbar Ryan. “Do your duty boy and have no fear of the future.”
Líonraigh oifigeach faisnéise an IRA le critheagla.
“I would submit myself to be put against the wall myself before I would do my “duty” on a priest, no matter how bad he was,” a dúirt sé.
Aistríodh an tAthair Collins as Trá Lí ina dhiaidh sin.
An díorma sin as an IRA a gabhadh ag Aifreann an mheán oíche sa mbliain 1922, tá sé ionann agus a bheith cinnte gur le Fianna Fáil a chuaigh an chuid ba mhó ar fad acu as sin go ceann beagán blianta.
Fós féin, bíonn Micheál Máirtín ag pápaireacht sa lá atá inniu ann faoin gcúlra míleata atá ag Sinn Féin. Ní rachainn i bhfoisceacht scread asail de Shinn Féin, a deir sé.
Tá sá in am ag duine eicínt ceacht staire a mhúineadh dó.
(Tá an scéal seo bunaithe ar ábhar a d’fhoilsigh John Dorney. Fuair seisean go leor den eolas as leabhar a scríobh T. Ryle Dwyer agus as leabhar eile a scríobh Tom Doyle).
Fág freagra ar '‘This is no priest of God. Do your duty boy and have no fear of the future’'