THE QUEEN V PATRICK O’DONNELL: Scéal fear as Gaoth Dobhair a cuireadh chun báis 140 bliain ó shin pléite le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine

Tá amhras faoin mbealach ar ciontaíodh Padaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill i Londain in 1883 de bharr fianaise nua atá tagtha chun cinn i dtaighde do scannán atá le craoladh ar TG4 anocht

THE QUEEN V PATRICK O’DONNELL: Scéal fear as Gaoth Dobhair a cuireadh chun báis 140 bliain ó shin pléite le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine

Tá cás fear as Gaeltacht Dhún na nGall a crochadh i Londain in 1883 á scagadh ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine agus clár le craoladh ar TG4 faoin scéal anocht.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go dtabharfaidh an Rialtas agus a Roinn “breithniú cuí” ar aon eolas nua atá tagtha chun solais faoin mbealach ar daoradh chun báis Padaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair sa bhliain 1883. 

Crochadh Ó Domhnaill i bpríosún Newgate i Londain as an brathadóir James Carey, iarcheannaire ‘na Invincibles’, a mharú ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas.

Tá amhras anois faoin mbealach ar ciontaíodh Ó Domhnaill i gcúirt an Old Bailey de bharr fianaise nua a tháinig chun cinn i dtaighde don scannán faisnéise, The Queen v Patrick O’Donnell, a chraolfar ar TG4 anocht ag 9.30pm agus i leabhar den teideal céanna a foilsíodh anuraidh.

Léiríonn an taighde nua ó chomhaid i gCartlann na Breataine a coinníodh faoi rún ar feadh breis agus 100 bliain gur shocraigh an Breitheamh George Denman ceist thábhachtach de chuid an ghiúiré a choinneáil faoi cheilt ón bhfoireann cosanta, ón bpreas agus ón gcúirt i gcoitinne. 

Thug an giúiré le tuiscint sa cheist a chuir siad i scríbhinn chuig an mbreitheamh gur chreid siad nach le mailís a mharaigh fear Ghaoth Dobhair brathadóir na Invincibles a bhí freagrach as dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce sa bhliain 1882. Níor chuir an breitheamh an t-eolas sin i láthair na cúirte, áfach.

Dúirt an tAire Simon Coveney gur féidir le taighde a thugann eolas nua chun solais nuair a scaoiltear cáipéisí stairiúla, “léargas luachmhar” a thabhairt dúinn ar an gcaoi ar fhorbair “ócáidí suntasacha” sa chaidreamh stairiúil idir an tír seo agus an Bhreatain agus go gcuireann siad le “díospóireacht agus tuiscint níos leithne” ar an ábhar.

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha ag freagairt ceiste ó urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a d’fhiosraigh an raibh sé chun iarraidh ar údaráis na Breataine fiosrúchán oifigiúil a dhéanamh faoi chrochadh Phadaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill ó tharla go léirítear sa scannán nua gur go héagórach a daoradh chun báis é.

Chuir sé ceist ar an Aire freisin an iarrfaidh sé ar na húdaráis thall leithscéal a ghabháil ó tharla go raibh sé soiléir anois gur choinnigh an Breitheamh George Denman eolas ón ngiúiré faoi cheilt, rud a d’fhág gur gearradh pionóis an bháis nach raibh tuillte aige ar fhear Ghaoth Dobhair.

Tá ráite ag Rialtas na Breataine, áfach, nach mbaineann an cheist maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcás de bharr na fianaise nua leosan agus gur faoi údarás eile a bheadh sé an scéal a fhiosrú.

Mar fhreagra ar fhiosrúchán a rinne an comhlacht ROSG, a léirigh The Queen v Patrick O’Donnell, dúirt Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine go mbeadh sé “míchuí” go ndéanfadh Dominic Raab, Rúnaí Dlí agus Cirt na Breataine ná a chuid oifigeach “aon trácht nó aon idirghabháil” maidir le cás Phadaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill.

Dúradh le Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir an scannáin nua, nach faoin Rialtas atá sé “cinneadh a dhéanamh cás a thriail athuair nó cinneadh cúirte a chur ar leataobh” agus gur “faoi na cúirteanna féin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh breithiúnas a chur ar neamhní”.

Tugadh le fios gur ag an gCoimisiún Athbhreithnithe ar Chásanna Coiriúla, atá lonnaithe in Birmingham, a bhí “an chumhacht le hathbhreithniú a dhéanamh agus fiosrúcháin a stiúradh” i gcás ar bith inar creideadh go bhféadfadh iomrall ceartais a bheith i gceist.

Dúirt Ó Cofaigh leis na húdaráis nár chreid sé go bhféadfadh an Coimisiún déileáil le cás den chineál áirithe seo. 

“Feictear domsa gur cásanna reatha atá fós “beo” agus ina gcreideann an duine féin gur déanadh éagóir orthu a bhíonn faoi scáth an Choimisiúin,” a dúirt sé.

“Ó tharla gur cás stairiúil polaitiúil é seo a tharla beagnach 140 bliain ó shin ach go bhfuil fianaise nua tagtha chun solais anois, measaim gur i réimse na polaitíochta a luíonn an réiteach seachas i lámha an Choimisiúin. Dá réir sin, tá an cheist tarraingthe anuas arís agam le Rúnaí Dlí agus Cirt na Breataine, Dominic Raab, atá freisin in Thiarna Seansailéir ansin,” arsa Ó Cofaigh. 

“An cheist atá agam air, an mbeadh sé sásta athbhreithniú a ordú sa chás seo a d’fhéadfadh an smál mar dhúnmharfóir a ghlanadh d’ainm Phadaí Mhicheáil Airt, gníomh a mbeadh tábhacht nach beag ag baint leis dá shliocht agus a cheartódh an taifead sa chás stairiúil seo?”

Tá an scannán nua bunaithe ar an leabhar The Queen v Patrick O’Donnell a scríobh Seán Ó Cuirreáin agus a d’fhoilsigh Four Courts Press. Tá an fadscannán dátheangach léirithe ag an bhfoireann chéanna a scríobh agus a léirigh Murdair Mhám Trasna.

Roghnaíodh an scannán le taispeáint ag cuid mhór féilte idirnáisiúnta scannán le bliain anuas, ina measc féilte in Vancouver, Hong Cong, California, Prág, Rhode Island, Lucsamburg, Ontario agus áiteanna eile.

Fág freagra ar 'THE QUEEN V PATRICK O’DONNELL: Scéal fear as Gaoth Dobhair a cuireadh chun báis 140 bliain ó shin pléite le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine'