Tuin an díshealbhaithe, an tí anraith agus an mheatadóin le cloisteáil in ‘The Plough and the Stars’ san Abbey

‘Seo chugainn ‘The Plough and the Stars’ ina bhfuil Críost fós á chéasadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath céad bliain ar aghaidh. Tá Comóradh Céad Bliain an Éirí Amach caillte agat, má chailleann tú léiriú seo an Abbey...

000f

Reathairí ar chlúdach tosaigh chlár an dráma; cóiste linbh na bhfinscéalta ar an gclúdach cúil. In uaine raidhfil agus buí dallraitheach. Tá réalta an chamchéachta ar theanga na bróige sna dathanna cuí. Dathanna ribíní Phoblacht Shóisialach Uí Chonghaile. Dathanna an Airm Chathartha. Dathanna bhratach ghlórmhar an Chamchéachta Réaltaí.

Murar léir ón méid sin ar theacht isteach duit i bhforhalla Amharclann na Mainistreach gur trí phriosma an lae inniu a scagann Sean Holmes barrshaothar an Chathasaigh, ní fhágfar rófhada sa dorchadas tú nuair a dhreapann Mahnoor Saad ar stáitse ó chorp na hamharclainne agus tugann uaithi, ag seastán micreafóin, ‘Amhrán na bhFiann’ i nGaolainn bhinn bhlasta na Sinsear. Tabhairt uaithi atá neirbhíseach agus giorra-análach. Tabhairt uaithi atá, mar a tharlaíonn, iomlán as tiúin i lár baill.

Cad tá ar siúl? Onóir tugtha do chailín óg na lárchathrach, nó, caidé? Cliseann uirthi roimh dheireadh an Aintiúin. Teip a chuireann treampán orainne, an lucht féachana. Tagann babhta fíochmhar casachtaí uirthi ansin. Sileann an fhuil as a béal…… 

‘Sí ‘Mollser’ eitinneach an dráma í. Fáilte chuig The Plough and the Stars Sheán Holmes 2016. Ní baol do The Plough and the Stars 1926 an Chathasaigh ach an oiread – tráchtaireacht fheannaideach ar reo seasc an tSaorstáit. Agus tá The Plough and the Stars Éirí Amach na Cásca ann chomh maith céanna. Sin é an Cathasach duit. Fear don uile shéasúr. Mar a bhí ar dtús, mar atá fós, agus mar a bheidh go brách le saol na saol, Amen.

Níl ‘riail’ amharclainne ann nach mbristear le hús agus le flosc. Leagtar ‘an ceathrú falla’ ón tús. Labhraíonn carachtair linn go díreach ar uairibh. Pumpálann rac-cheol chugainn sna hidirlinnte. Gabhtar seilbh ar an micreafón ó am go chéile. Agus ní chuireann seo go léir ann ná as dom puinn.

Tá zaipire teilifíse ag fear an bheáir. Amhail is dá mba rásaí Cheltenham a bhí á n-ardú is á n-ísliú aige. Tagann briathra roscacha Pearse agus Connolly ón teilifíseán chugainn sa bheár. Aimplithe, mar a bhíodh Ollslógadh Nuremburg 1935, abair, nó Comhdháil Pháirtí Cumannach Aontas na Sóivéide 1951, nó aon Ard-Fheis le ceachtar den dá mhórpháirtí seo againne, in aon ré teilifíse is ansa leat féin a roghnú.

photo(1)

Agus ansin caidé a bheireann ‘The Young Covey’ isteach ar a dhroim mar chreach na hargana ach meaisín níocháin fós faoi chlúdach, ‘saoirsithe’, chreidfeá, ó stóras Arnotts, nó D.I.D. Electrical, nó Argos Shráid Jervis.

Bhfuil a fhios agaibh, níl ribe den antrapamorfachas sin uilig a chuireann as dom puinn ná isteach orm ach an oiread. Ná aon rud eile dá shórt sin.

Agus níl deireadh fós le hiontais an léirithe. Tá cruas na bhfocal míleata tríd síos. Cruas na bhfear faoi éide. Cruas na cathrach – cruas éasca na muintire dearóile. Cruas leochaileach an iarrthóra tearmainn. Cruas an chatha, cruas na beatha, cruas an bháis…

Agus cruas tionsclaíoch an tseit – log staighre ollmhór bhloc árasáin. Túr an éadóchais, deartha as cruach ar dhul bosca Meccano. Túr a íslítear, go meicniúil, ar nós Meccano na hóige i lár an chatha. ‘When Brittania’s sons with their long-range guns/ Poured hell through The Foggy Dew’.

Giobail chomhaimseartha na linne seo ar dhroim na mban uilig. Na sálaí arda plaisteacha, na seaicéid fake-fur bhídeacha, na skinny jeans. Síor-luascadh an phónaí. Reathairí gioblacha. Léinte Man. U. Tuin mhangairí stallaí Shráid Uí Mhórdha ar bhriathra meala an Chathasaigh. Tuin Luas na Líne Deirge. Tuin Dart na Líne ó Thuaidh. Tuin chodladh na sráide lasmuigh. Tuin B&B’s suaracha na hoíche. Tuin an díshealbhaithe, an tí anraith, an mheatadóin.

Seo eagrán The Plough and the Stars ina bhfuil Críost fós á chéasadh ar shráideanna Átha Cliath céad bliain ar aghaidh. Agus nach éasca, solúbtha atá an Cathasach. É go maith in ann don dístruchtúrú, don athbhaisteadh comhaimseartha, don athnuachan, don saibhriú, don dúshlán.

Agus, ar an mórgóir, nach le barraíocht na maitheasa atá cuid a dtástála i ngach aon duine den fhoireann. Tá na mná go léir, gan eisceacht, thar na beartaibh. ‘Mollser’ bhocht Mahnoon Saad agus an bás mall á plúchadh; ‘Bessie Burgess’ Eileen Walsh, glórmhar ina goimh is a gangaid is ina géire fhíochmhar leonta. Níor chuala ‘Yous are all rightly shanghied now’ go dtí í. Teaspeántas scanrúil na fíochmhaireachta briste andúilíche.

Ní fada ar a sála siúd ‘Nora Clitheroe’ Kate Stanley Brennan. Is róphianmhar dúinn a maidin siúd i ndiaidh fhantaise ródhóchas an ghrá gan scáth. A babaí caillte, an fear marbh, an ceann imithe ar fad uirthi. Coimeádann Janet Moran guaim ar gheáitsí Mrs. Gogan – ‘waugh-mouth’ ceart óinsí, leaindeáilte caol díreach i lár an aicsin óna stalla bláthanna, cheapfá – taibhse chleití chapaill dhubha an eileatraim á leanúint ina sobalsruth, ábhalmhéadú drámatúil síoraí ar a béal.

photo 2

Tá ‘Jack Clithroe’ Ian Lloyd Anderson feidhmiúil; tá ‘Fluther Good’ smaointeach David Ganly lán den ‘derogatoriness’ spraíúil. Tá ‘The Young Covey’ Ciarán O’Brien an-chomhaimseartha go deo – caol díreach ó ranganna oíche an Cheardchumainn, mheasfá – ‘The Laws of Distribution’ uaidh, agus cacamas dá leithéid ár mbodhrú. 

Go hiondúil bíonn ‘Uncle Peter’ ró-chartúnach. Faighim James Hayes fann, áfach. Rud a ligeann an t-aer amach as an ngriogaireacht idir é agus ‘The Covey’. Cailltear cuid dá thruamhéala áiféiseach freisin in éagmais na spride sin.

Dearadh stáitse, feisteas, soilsiú, dearadh fuaime, ceol – tá cliar iomlán Sheán Holmes os cionn a mbuille ar fad.

Ceannaigh, nó aimsigh, ar ais nó ar éigean, ticéad duit féin. Tá Comóradh Céad Bliain an Éirí Amach caillte agat má chailleann tú ‘The Plough and the Stars’ leis an Abbey.

-Tá The Plough an the Stars ar siúl an Abbey go dtí an 23 Aibreán; in Opera House Chorcaí ón 26-30 Aibreán; in The National Opera House Loch Garman ón 4- Bealtaine 7 Bealtaine; sa Lime Tree Theatre Luimneach ón 10- 14 Bealtain; sa Kennedy Centre Washington DC ar an 18 Bealtaine; agus sa Town Hall Theatre Gaillimh ón 24-28 Bealtaine

Fág freagra ar 'Tuin an díshealbhaithe, an tí anraith agus an mheatadóin le cloisteáil in ‘The Plough and the Stars’ san Abbey'