‘The face of Ireland has changed quite a bit’ – díomá faoi ráiteas an Aire Oideachais faoi dhíolúintí Gaeilge

Deir eagraíocht teanga gurbh fhearr córas a fhorbairt le deis a thabhairt d’inimircigh an Ghaeilge a shealbhú seachas an díolúine a bheith mar ‘chéad rogha’ dóibh

‘The face of Ireland has changed quite a bit’ – díomá faoi ráiteas an Aire Oideachais faoi dhíolúintí Gaeilge

Tá díomá léirithe ag eagraíocht teanga faoi áitiú an Aire Oideachais gur léiriú an fás ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadaítear do dhaltaí “ar an tslí a bhfuil Éire ag athrú”.

Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais luaigh an tAire Oideachais Norma Foley an inimirce i measc na gcúiseanna, dar léi, go bhfuil fás tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhíonn á gceadú i scoileanna an stáit.

Dúirt an tAire go raibh laghdú tagtha ar líon na ndíolúintí sa bhunscoil agus go raibh roinnt cúiseanna leis an ardú ar líon na ndíolúintí a cheadaítear ag an dara leibhéal.

“Caithfimid smaoineamh chomh maith ar an méadú mór ar líon na ndaoine óga atá ag baint úsáide as tacaíochtaí riachtanais speisialta inár scoileanna.

“Tá méadú as cuimse feicthe ansin againn agus tá méadú an-mhór feicthe againn chomh maith ar líon na ndaltaí ó thíortha thar lear. Mar shampla, mura bhféachfá ach ar an Úcráin amháin, tá 15,000 dalta ón Úcráin againn atá anois ina gcónaí sa tír seo.

“Tá athrú sách mór tagtha ar Éirinn [‘The face of Ireland has changed quite a bit’] agus ar riachtanais na scoileanna.

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaí freastal ar pháistí le riachtanais bhreise ó thaobh díolúintí de, ceadaítear díolúine láithreach do dhaltaí i scoileanna nó ranganna speisialta,” arsa an tAire Oideachais, Norma Foley.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur údar “díomá” caint an Aire faoi cheist chonspóideach na díolúine.

“Maidir le ceist na ndíolúintí, thug an tAire míniú ar chúiseanna difriúla go bhfuil fás tagtha ar an méid díolúintí ón nGaeilge atá á dtabhairt amach sna scoileanna.

“Luaigh sí inimircigh ó thíortha eile, an Úcráin san áireamh, mar chúis leis an fhás ar dhíolúintí ón Ghaeilge. Tá díomá orainn, in áit córas a chur i bhfeidhm le go dtig le hinimircigh an Ghaeilge a shealbhú ón leibhéal ag a bhfuil siad, go bhfuil díolúine tugtha dóibh mar chéad rogha agus an deis Gaeilge a fhoghlaim séanta orthu.”

Bíonn dhá phríomhchúis le díolúine a bhronnadh ar dhaltaí – toisc go mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu nó toisc gur daltaí iad a fuair a gcuid oideachais lasmuigh den stát sula raibh siad 12 bliain d’aois.

D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%, de réir figiúirí a fuair Tuairisc ón Roinn Oideachais.

Bíonn formhór na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta.

Tá ráite ag saineolaithe teanga roimhe seo go séantar ar imircigh chun na hÉireann deis meascadh le daoine de dheasca córas díolúine na Gaeilge.

In 2021 chuir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Stiúrthóir Sealbhú, ionad teangeolaíochta DCU, aighneacht faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, inar dúradh nach raibh “seoid” na Gaeilge á roinnt le pobal nua na tíre mar ba chóir.

“Faoi chóras sláintiúil imeasctha, bheadh na Gaeil ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na n-inimirceach agus iad siúd ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na tíre seo,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ag an am.

“Ina áit sin, is córas comhshamhlaithe atá i bhfeidhm. Léiríonn sé dar liom an easpa luacha a leagaimid ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr nach mbeimis ag súil go mbeadh spéis ag inimircigh an teanga a fhoghlaim.

“Is léiriú é freisin ar an easpa stádais atá ag an nGaeilge i bhfírinne.”

Tharraing caint a rinne an tAire Oideachais ag cruinniú den choiste Oireachtais chéanna conspóid freisin nuair a mhaígh sí gur “éagóir” a bheadh ann teangacha eile a chosc ar dhaltaí a mbíonn “gá” acu le díolúine ón nGaeilge.

In 2018 d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”.

Tugadh córas nua isteach ina dhiaidh sin chun ‘rud eisceachtúil agus annamh’ a dhéanamh den díolúine ach is amhlaidh go bhfuil ardú eile tagtha ar líon na ndíolúintí a cheadaítear ó shin.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát in 2021-2022, 11% den líon iomlán. B’in ardú ó 2.5% i 1999.

Fág freagra ar '‘The face of Ireland has changed quite a bit’ – díomá faoi ráiteas an Aire Oideachais faoi dhíolúintí Gaeilge'

  • Seán ÓM

    Ar ndóigh tá sé ceart go leor an Béarla a mhúineadh do na Éireannaigh nua agus a bheith ag brú an Bhéarla orthu – mar tá an Béarla draíochtúil sin níos neodraí agus níos nádúrtha ná aon Ghaeilge ait is aisteach.

    Slat tomhais amháin don Ghaeilge – ceann eile don Bhéarla.

    Déanann an cúr cúige seo obair na stáitseirbhíseach gan Ghaeilge níos éasca chomh maith. Ní chreideann síad i gcomhionannas teanga mar gheall ar an obair sa bhreis a bhainfeadh leis.

  • Bríd

    Straitéis an stáit an Ghaeilge a bheith roghnach. Déanta ar bhealach glic.

  • AnRógaire

    Cé mhéad duine a fhaigheann díolúine ón mbéarla? Ní chreideann aon rialtas, ó bunaíodh an stáit, gur cheart go mbeadh comhionannas ag an dá theanga agus cead ag an saoránach rogha a dhéanamh eatarthu.

  • Fearn

    Leithscéal eile do leithcheal na Gaeilge!

  • Fearn

    Leithscéal eile le leithcheal na Gaeilge