Thaibhseofaí duit nach painéal iad Doire atá ar fónamh ná istigh leo féin

Is í an choisíocht agus an luas an máistir sa lá atá inniu ann agus ní chionn ár gcolúnaí dóthain de sin i nDoire chun go mbeadh an lá leo i gcoinne Thír Eoghain

Emmett McGuckin,Doire, le Padraig Hampsey agus Justin McMahon. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Emmett McGuckin,Doire, le Padraig Hampsey agus Justin McMahon. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Bíonn mórán cainte an tráth seo bliana ar na himreoirí idirchontae go léir atá ag tabhairt faoin samhradh a chaitheamh i Meiriceá.

Is sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn a chífir agus a chloisfir faoina bhformhór agus cuirfidh cuid des na hainmneacha a bheidh luaite idir iontas agus alltacht ort.

Bíonn a gcúiseanna féin ag gach imreoir scaoileadh fé ach tabhair faoi ndeara gur beag an spéis a bhíonn ag scata in obair mhisinéireachta. Ní chun leasa Chumann Lúthchleas Gael thall ná abhus é a n-imeacht uainn ach b’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite cheana agam faoi sin. 

Bíonn éachtaint i gcónaí, áfach, i líon na ndaoine atá ag tréigean painéal contae, ar stádas agus sláinte an phainéil atá fágtha ina ndiaidh acu. Ní haon dea-chomhartha é má bhraitheann beirt nó triúr nárbh fhiú dóibh biaiste an tsamhraidh a chaitheamh guaille ar ghuaille lena gcomhghleacaithe tar éis bráca an gheimhridh agus an earraigh a bheith curtha díobh ina dteannta.

Dá réir sin, agus sinn ag caitheamh súil ar chluiche mór an deireadh seachtaine, ní miste tagairt a dhéanamh do Ryan Bell agus Benny Herron, beirt a thug feachtas na sraithe i ngeansaí Dhoire ach atá anois dulta nó ar tí dul thar lear ar chuma na bhfáinleog nuair atá an iomaíocht ag géarú.

Nuair a fheictear go bhfuil imreoirí eile ar nós an chúl báire, Eoin McNicholl agus an bheirt McGoldrick, Barry agus Colm, ag tabhairt cúl leis an bpeil idirchontae i mbliana, tugann sé léargas éigin duit ar a bhfuil ag titim amach sna seisiúin traenála agus tugtar tuiscint duit, chomh maith, ar an meon aigne atá sa treis i measc na n-imreoirí. 

Thaibhseofaí duit nach painéal iad Doire atá ar fónamh ná istigh leo féin roimh chluiche an Domhnaigh ag baile i gcoinne Thír Eoghain.

B’fhéidir go bhfuil slata tomhais níos fearr ann ná líon na n-imreoirí atá ag éirí as a bheith ag troid ar son na cúise ach deinim amach go bhfaighir slat tomhais eile ar chlár an scóir i bPáirc na gCeilteach mura bhfuil aon ní diamhair ar fad á cheilt ag Doire ó thús na bliana. 

Is deacair a shamhlú go bhféadfadh foireann a ghéill 4-52 sna trí chluiche dheireanacha a bhí sa tsraith i mbliana acu, gan aon cheann de na cluichí sin a bhuachan, a scileanna cosanta a fhorbairt in imeacht sé seachtaine.

Níl oiread is cluiche amháin craoibhe buaite as baile ag Doire le cúig bliana anuas agus bhíodar támáilte go maith agus iad ag fágáil slán le craobh na bliana seo caite in aghaidh na Gaillimhe i mBóthar na Trá.

Tá seans leo, dá réir sin, go bhfuilid ag imirt ag baile an deireadh seachtaine seo agus más féidir leo athmhúscailt a dhéanamh ar sprid agus ar mheon an léigir atá iontu de dhroim oidhreachta, b’fhéidir go n-éireodh leo preab a bhaint as a gcomharsana.

Ní mór na preaba a baineadh as Tír Eoghain ó thús na bliana seo.

Bhí an imirt ar a dtoil féin acu ó thús na sraithe agus cé gur éirigh le hArd Mhacha agus le Fear Manach comhscór a bhaint amach ina gcoinne sa dá bhabhta dheiridh, bhí a ndóthain déanta acu chun a n-áit i Roinn 1 a chinntiú faoin tráth sin.

An t-aon leochaileacht bheag amháin a nochtadh iontu sa tsraith ná an cúl a ligeadar isteach ag fíordheireadh na himeartha i gcoinne Ard Mhacha ag deireadh an Mhárta.

Ní duine mé a bheadh ag leagan an-bhéim ar chluichí a imrítear sa doineann le linn scríob liath an earraigh ach b’fhéidir, mar sin féin, go raibh rud éigin i gcúl déanach Niall Grimley a thabharfadh misneach do Dhoire agus iad ag tabhairt faoi chluiche an Domhnaigh.

Ní raibh inti ach caid ard a lascáil Tony Kernan i dtreo imeall na cearnóige bige agus chuir Grimley a dhorn léi, ach nach ait é, nuair a bhuail an chaid an líon, bhí laige nó goilliúnacht éigin nochta ná facthas le tamall maith roimhe sin in imirt Thír Eoghain.

Ceist eile ar fad í an bhfuil an t-imreoir nó na himreoirí ag Doire chun tairbhe a bhaint as an gcaid ard ach, ceal múnla ceart frith-ionsaithe, b’fhéidir gurbh inti atá a bhfuascailt agus a mbua. D’éirigh leo trí cinn déag de chúil (níos mó ná aon fhoireann eile sa tír) a aimsiú i gcaitheamh an fheachtais sraithe ach is beag córas cosanta atá chomh forbartha agus chomh daingean is atá ceann Thír Eoghain.

Má bhíonn aon mhoill ar an bhfrith-ionsaí ó Dhoire, beidh Colm Cavanagh tite siar ag stiúradh a chosantóirí. Anuas air sin, beidh beirt de na bairnigh is cruthanta i gCúige Uladh, Cathal McCarron agus Ronan McNamee, ceangailte dá bhfearaibh taobh thiar de agus is beag bearnaí a bheidh le haimsiú ag Doire ina dhiaidh sin.

I gcás is go mbíonn Doire amuigh chuige, cé go mbeidh níos mó ná cloch amháin sa mhuinchille acu do Thír Eoghain agus tabhair a gcead d’imreoirí ar nós Mark Lynch, Chrissy McKaigue, Sean Leo McGoldrick, Danny Heavron agus buíon bheag eile saighdiúirí dílse, fós féin is í an choisíocht agus an luas an máistir sa lá atá inniu ann agus ní chím dóthain de sin i nDoire chun go mbeadh an lá leo.

Agus, dá mbeinn i mbróga bhainisteoir Dhoire, Damien Barton, bheinn buartha faoi líon na n-imreoirí a bheadh ag tréigean an phainéil más é an cúldoras a gconair feasta.

FÓGRA: Déanfaidh sé deireadh seachtaine seoigh ag ócáid chomórtha atá beartaithe ag CLG na Cealtraí in oirthuaisceart na Gaillimhe sna laethanta amach romhainn. Ba iad Cealtrach, gan dabht, a bhris croí na Gaeltachta lena mbua i gcluiche ceannais clubanna AIB na hÉireann dhá bhliain déag ó shin. Tá forbairt déanta ar a bpáirc imeartha le blianta beaga anuas acu agus is é Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil uirthi ag meán lae Dé Domhnaigh. Casfaidh foirne sinsir peile na Gaillimhe agus Chorcaí ar a chéile i gcluiche dúshláin peile ina dhiaidh sin ar a 2 a chlog. An tráthnóna roimhe sin ar a 5 a chlog, beidh cluiche de shaghas eile ar fad ann agus dornán beag imreoirí Gaeltachta ag iarraidh díoltas a bhaint amach as treascairt na bliana 2004. Ná bí ag súil le míorúiltí uathu! 

Fág freagra ar 'Thaibhseofaí duit nach painéal iad Doire atá ar fónamh ná istigh leo féin'

  • Hugh R

    An-deascríofa ar fad ag Dara, mar is dual dó. Féadfaidh sé cuma na spéise a chur ar an Ulster Championship féin lena chuid scríbhneoireachta. Geall le míorúilt é