Teist ar Theresa agus lá May tagtha…

Deirtear gur coinsias seachas idé-eolaíocht a spreagann Theresa May. Beifear ag faire…

Theresa May 1
Theresa May

Slán le David Cameron agus seo chugainn Theresa May. Más beag aithne a bhí ag muintir Thuaisceart Éireann ar Cameron is lú fós an cur amach atá acu ar Theresa May. Beifear ag faire go géar féachaint cé na ciallachais a bheidh ag a príomh-aireacht abhus. Cainníocht anaithnid atáthar ag glaoch uirthi agus liodáin de cheisteanna ag daoine faoina leagan amach i leith an réigiúin seo i bhfianaise Brexit agus na fadhbanna oidhreachta agus eacnamaíochta.

Tá an cogadh cathartha i measc na dTóraithe ciúnaithe nó curtha i bhfolach. Ar mhaithe leis an leas coiteann a cuireadh deireadh le comórtas do cheannaireacht na gCaomhach, gan trácht ar an bPríomh-Aireacht a dúirt na Tóraithe. Ar mhaithe leis an bpáirtí, go cinnte agus mar go raibh praiseach déanta dá feachtas in aghaidh May ag Andrea Leadsom, iarrthóir de na mBreatimitheoirí. Ó stad an rás go tobann ní bhfuaireamar deis pleananna Theresa May don phríomh-aireacht a chlos agus seans nach bhfuair sí féin fiú am chun pleananna a oibriú amach, go beacht.

Ceapadh airí, mar shampla. Cé a bheidh istigh, cé a chaithfear amach? Ní lia duine ná tuairim. Tá sé deacair intinn May a léamh ach is gearr uainn bunú rialtais.

I measc na nithe atá ar eolas go cinnte faoi May tá a mian inimirce a theorannú agus an ceistiú a bhíonn ar bun aici faoi chosaint cearta daonna. Ní feimineach dáiríre í ná ní liobrálach í ach caomhach traidisiúnta. Ba í, mar Rúnaí Gnóthaí Baile, a bhí freagrach as an mbús uile ag fógairt ar inimircigh imeacht. B’éigean sin a aistarraingt. Mar Rúnaí Gnóthaí Baile freisin bhí sí naimhdeach don tionchar atá ag an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar an dlí san Ríocht Aontaithe.

Mhol sí níos luaithe i mbliana go dtabharfadh an RA an t-eiteachas don gCoinbhinsiún. D’athraigh sí a port nuair a sheol sí a feachtas don gceannaireacht – mar nach mbeadh an tacaíocht aici sa Pharlaimint. Údar mór imní i dTuaisceart Éireann is ea easpa tiomantais May don gcoinbhinsiún atá fite fuaite le Comhaontú Aoine an Chéasta agus a bhíonn riachtanach go minic chun faillí i gcásanna stairiúla a chosc .

Mhaígh an Státrúnaí Theresa Villiers le déanaí go raibh réiteach ‘chóir a bheith aimsithe’ chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dtrioblóidí ar deireadh thiar thall. Ceilt eolais ar mhaithe le slándáil náisiúnta a chuir moill ar réiteach leathbhliain ó shin; ní cheapann éinne go mbeadh fonn ar May mar Phríomh-Aire a bheith liobrálach faoin gceist sin. Ar an láimh eile bhí sí neamhfhaiteach nuair a thug sí aghaidh ar Chónaidhm na bPóilíní sa Bhreatain agus deirtear gur coinsias seachas idé-eolaíocht a spreagann í. Beifear ag faire.

David Cameron
David Cameron

Thairis sin is é a cur chuige i leith Brexit an gad is gaire den scornach ag gach duine. Tá an DUP sásta go nglacann May le toradh an reifrinn agus go mbeidh sí díograiseach ina fheidhmiú. Deir lucht siosctha i Londain go raibh sí báúil le Breatimeacht – faoi rún. N’fheadar. Thug sí cuairt ar Thuaisceart Éireann ag stocaireacht ar son fanachta. Dúirt sí ansin go raibh sé doshamhlaithe nach mbeadh daingniú ar an teorainn i gcás breatimeachta. Arís, beifear ag éileamh go ndéanfaidh sí dícheall chun é sin a sheachaint. Díol suime é cén sórt caidrimh a bheidh aici leis an Taoiseach, Enda Kenny ( má thagann sé féin agus Fine Gael chuige féin ón taom lagair) nó le cibé rialtas a bheidh in Éirinn.

Deir daoine a bhfuil aithne acu ar Theresa May gur bean chúramach í agus nach mbeidh fonn uirthi toghchán a ghairm. Táthar ag maíomh nach bhfuil dlisteanas toghcháin aici – líomhain a rinne sí féin faoi Gordon Brown nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Tony Blair. Deir roinnt go mb’fhéidir go dteastódh toghchán uaithi nuair a bheadh margadh déanta leis an mBruiséil chun tacaíocht an phobail a fháil don socrú sin. Tráth a bhfuil páirtí an Lucht Oibre ag titim as a chéile chaithfeadh sé go mbeadh roinnt Tóraithe i bhfabhar toghcháin. Deir ionadaithe eile go bhfuaireadar sainordú an phobail anuraidh agus nach gá a thuilleadh vótála. Chífimid.

Bliain tar éis do David Cameron an sainordú sin a fháil, le tromlach iomlán, an chéad cheannaire a rinne éacht dá leithéid le 23 bliain, tá sé treascartha, briste. Rinne sé botúin mhóra, lig sé do Farage agus UKIP é a chur ar adhastar faoin Aontas Eorpach. Fanfaidh a leithscéal le muintir Dhomhnach na Fola i nDoire sa chuimhne mar bhuaicphointe; bhí sé sin ionraic, uasal. Ar an láimh eile bhí a iompar i leith Pat Finucane ciotach, faillíoch. Thairis sin, dheamhan mórán de lorg a fhágfaidh sé ar Thuaisceart Éireann cé is moite den chorraíl agus guagacht faoi bhreatimeacht.

Fág freagra ar 'Teist ar Theresa agus lá May tagtha…'