Teipthe ar iarrachtaí Oifig an Phoist i gCarna a athoscailt

Bhí iarrachtaí ar bun an oifig a oscailt ‘ar bhonn sealadach’ fad a bhí na fadhbanna ba chúis lena dúnadh á réiteach ag An Post

Teipthe ar iarrachtaí Oifig an Phoist i gCarna a athoscailt

Tá teipthe ar na hiarrachtaí a bhí ar bun teacht ar réiteach sealadach ar cheist na hoifige poist i gCarna i gConamara. Moladh ag cruinniú sa bhaile beag Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhféadfaí foireann ionaid a thabhairt isteach leis an oifig a choinneáil oscailte a fhad is a bhí fadhbanna eile á réiteach ach tuairiscíodh ar an stáisiún Galway Bay FM inniu go bhfuil teipthe ar an bplean sin.

Bhí oifigigh de chuid An Post, ionadaithe poiblí agus baill an phobail i láthair ag cruinniú na seachtaine seo caite le cás na hoifige a phlé. Dúirt lucht An Post an uair sin go ndéanfaí iarracht teacht ar chomhaontú le bainisteoir na hoifige agus úinéirí an fhoirgnimh sa chaoi is go mbeifí ina ann foireann shealadach a chur ag obair ann.

Níor thángthas ar réiteach, áfach, rud a fhágann go bhfuil oifig an phoist i gCarna dúnta le beagnach trí mhí anois. Tá plé fós ar siúl idir An Post agus bainisteoir na hoifige faoi fhadhbanna eile faoi láthair ach dúirt An Post ar maidin nach fios go fóill cén uair a thiocfar ar réiteach na bhfadhbanna sin ach an oiread.

D’fhógair an eagraíocht i mí Bhealtaine go ndúnfaí an oifig i gCarna “go sealadach” mar gheall ar chúinsí nach raibh aon smacht aici orthu. Bhí próiseas iniúchóireachta ar bun maidir le Teach an Phoist i gCarna roimhe sin.

Deir muintir na háite go bhfuil dúnadh na hoifige ag cur isteach go mór orthu mar nach bhfuil na seirbhísí atá ag teastáil uathu — pinsin, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus gnóthaí eile — ar fáil ina mbaile féin. Tá ar dhaoine as an gceantar taisteal go dtí an chéad oifig an phoist eile, turas ocht gciliméadar go Cill Chiaráin, leis na seirbhísí sin a fháil.

Fág freagra ar 'Teipthe ar iarrachtaí Oifig an Phoist i gCarna a athoscailt'