Téimid ar fad ar saoire ag an am céanna, amhail is gur ceart daonna é deireadh seachtaine in Barcelona

Tranglam tráchta sna haerfoirt: céard a tharla? An é go mothaímid go bhfuil ‘buille mór eile’ ar na bacáin?

Téimid ar fad ar saoire ag an am céanna, amhail is gur ceart daonna é deireadh seachtaine in Barcelona

Bhí an Saoithín Aeráide ar thraein idirnáisiúnta ón Ísiltír go dtí an Bheilg an lá cheana agus thug sé suntas don líon mór Meiriceánach, Síneach agus Seapánach a bhí ar bord. Nach iontach sin, a shíl sé: ag sciurdadh timpeall na hEorpa ar thraenacha atá siad sin, seachas ar eitleáin. Ach níorbh fhada nó gur mhill fear na dticéad an scéal.

‘Tá sé mar seo chuile lá,’ a dúirt sé siúd. ‘Paisinéirí nach bhfuil aerfort Schiphol in Amsterdam in ann déileáil leo á gcur ar an traein go haerfort Zaventem sa Bhruiséil. Ach is gearr go mbeidh siad ag dul ar stailc in Zaventem freisin!’

Le tamall anuas, faraor, is maith an cleachtadh atá ag muintir na hÉireann ar scuainí fada san aerfort. Ach is baolach go bhfuil cúrsaí mar a chéile i roinnt mhaith tíortha ar fud na hEorpa: sa Bhreatain, sa tSualainn, sa Ghearmáin agus san Ísiltír. An tseachtain seo caite, bhí cúrsaí chomh trína chéile sin in aerfort Schiphol in Amsterdam gurbh éigean don aerlíne KLM na mílte paisinéirí a fhágáil in aerfoirt ar fud na hEorpa: bhí cúrsaí chomh dona sin ag Schiphol gurbh éigean d’eitleáin na haerlíne filleadh abhaile agus iad folamh.

Eitleáin fholmha san aer, tranglam tráchta sna haerfoirt: céard a tharla?

Tá an scéal réasúnta mar a chéile ar fud na mór-roinne: oibrithe a raibh taithí na mblianta acu ligthe chun siúil le linn na paindéime, agus deacrachtaí ag na comhlachtaí láimhsithe bagáiste agus slándála oibrithe nua a earcú de bharr an drochphá agus na ndroch-choinníollacha oibre san earnáil. Drochphá agus droch-choinníollacha arb iad an toradh iad ar an ngéariomaíocht a chothaíonn na haerfoirt mhóra idir na comhlachtaí láimhsithe bagáiste agus slándála. Is minic a chloistear an nath gruama úd ‘an rás go tóin poill’ sa chomhthéacs seo.

Faoi na socheacnamaithe a fhágfaidh an Saoithín Aeráide an taobh sin den scéal; ní hiad na ceisteanna is cúis leis an easpa soláthair atá ag déanamh tinnis dó ach an meon aigne is cúis leis an mbarrachas éilimh.

Cén fáth go gcaithfimid ar fad dul ar saoire ag an am céanna? Céard a thugann ar pholaiteoirí pobalacha ar nós an Ísiltírigh Wybren van Haga a éileamh go mbainfí leas as na fórsaí armtha chun an ghéarchéim sna haerfoirt a mhaolú? Amhail is gur ceart daonna a bheadh i ndeireadh seachtaine in Barcelona? Amhail is nach mbeadh rudaí níos fearr le déanamh ag na fórsaí armtha sa lá atá inniu ann?

Tá cara ag an Saoithín Aeráide atá 85 bliain d’aois agus a mhair trí chogadh domhanda, trí dheachtóireacht mhíleata agus trí ghéarchéim chreidmheasa nó dhó. ‘An phaindéim ar dtús agus an cogadh san Úcráin sa mhullach air: sin é an fáth go bhfuil gach duine ag iarraidh dul ar saoire faoi dhó, faoi thrí nó faoi cheathair i mbliana,’ a dúirt cara an tSaoithín leis. ‘Tá daoine ag iarraidh súp a bhaint as an saol sula dtiocfaidh an chéad bhuille mór eile. Agus tiocfaidh sé sin go luath, bí cinnte de.’

Nach íorónta an scéal: dá mhéid breosla iontaise a dhófaimid gan gá a bheith leis, is ea is túisce a thiocfaidh an buille mór céanna.

Fág freagra ar 'Téimid ar fad ar saoire ag an am céanna, amhail is gur ceart daonna é deireadh seachtaine in Barcelona'

  • Ciarán

    É ráite go maith ag Alex sa bpíosa seo. Bhí sé íorónta go raibh na meáin ag déanamh scéil chailleach an uafáis de na sluaite in Aerfort Bhleá Cliath an lá céanna is a d’fhógair an EPA go raibh teipthe ar an tír seo (arís) a sprioc charbóin a bhaint amach!
    Faraor, tá an tríú buille faigthe ag na milliúin san Afraic cheana féin agus iad ag fulaingt triomacht.
    Léiríodh le linn na paindéime go bhfuil ar ár gcumas gníomhú nuair nach bhfuil aon rogha ann.
    Tá sé thar am dúinn uilig dúiseacht – ní thiocfaidh feabhas ar chúrsaí gan gníomh. Níl aon rogha eile againn.